Fidel – idir na goodies agus na baddies

Baineann daoine áirithe réabhlóid agus cailleann daoine eile


Nuair a bhínnse ag féachaint ar scannáin bhuachaillí bó tráth a raibh a leithéid in airde láin, ba mhinic a d’fhiafraíodh cara leat nach raibh ag an scannán, ‘Cérbh é an baddie?’

Bhí an domhan agus an saol mar a ritheann i gclós na scoile roinnte idir na ‘goodies’ agus na ‘baddies’.

Ba dhóigh leat gurb í fealsúnacht chlós na scoile is mó atá fós in uachtar sa saol lasmuigh dhínn de réir mar a phreab daoine aniar ar bhás Fidel Castro.

Na gnáthamhrasáin ag dul díreach go dtí a gcúinne féin den chró ag caitheamh a gcuid seilí amach le binb.

READ MORE

D’fhéadfá cluiche a imirt led shamhlaíocht féin ag tomhas cad déarfadh tráchtairí na heite clé suas is anuas le cad é an port a sheinnfeadh na léinte gorma nár chuaigh riamh i muinín an fhoréigin go fiú is seachtó is a seacht n-uaire féin.

Ar deachtóir é Fidel? B’ea go follasach. Ar chuir sé daoine neamhchiontacha chun báis gan triail? Chuir go deimhin. An raibh saoirse cainte agus cead eagrú polaitíochta i gCúba lena linn? Ní raibh ná baol air. An fíor go labhradh sé ar feadh uaireanta fada an chloig agus go dtiteadh go fiú is a chuid dílseoirí ina gcodladh. Is fíor, gan bhréig.

Instear scéal mar gheall ar De Valera agus an scríbhneoir Peadar O’Donnell, bíodh sé fíor nó bréagach. Bhí Peadar ag cásamh Dev gur teip thubaisteach a bhí ann toisc gur thréig milliún duine an tír nuair a bhí sé ina Thaoiseach.

Deir Dev mar chosaint air féin: ‘B’fhéidir gur fíor sin, a Pheadair, ach dá mbeifeása id Thaoiseach, d’fhágfadh milliún duine chomh maith.’

‘Tá an ceart agat,’ arsa Peadar, ‘ach ní hé an milliún céanna.’

Is é a dhála sin é ag gach réabhlóid faoin spéir.

Baineann daoine áirithe agus cailleann daoine eile.

Níl aon amhras ach gur chaill aicme áirithe faoi leith nuair a díbríodh an deachtóir eile sin Fulgencia Batista óna chathaoir órga sa bhliain 1959, go díreach is mar a chaill in Éirinn in 1922, san Iaráin le teicheadh Shah na Shah, san Iaráic le díchur Saddam, le linn Glorious mar adéarfá Revolution Shasana, agus dícheannadh na n-uaisle san Fhrainc…agus mar sin de siar amach.

Ó, sea, ar eagla an dearmaid, is mar sin a bheidh go brách feasta.

Is anseo a tharraingím isteach mo chuid fealsúnachta polaitiúla féin a dtugaim ‘Cad-leis-a-raibh-tú-ag-súil-leiseachas?’ air.

An rabhthas ag súil, lándáiríre, lámh ar do chroí agus ar bhall ar bith eile, go mbunófaí daonlathas deas incheannaithe tar éis d’Fhidel agus a chomrádaithe – nár Chumannaigh iad san am – an deachtóireacht lofa airgid a chur de dhroim seoil? Nó nach ndéanfadh iarracht smacht a chur ar naimhde tar éis 637 n-iarracht ar é a dhúnmharú? Nó go mbeadh breá deas oscailte leis na Meiriceánaigh a d’eagraigh ionsaí míleata ar a réimeas laistigh de dhá bhliain dá theacht i gcumhacht?

Cad leis a rabhthas ag súil? Go ngabhfadh Cúba bóthar na mionstát eile i lochán na Mara Cairibe, ar lochán de chuid na Stát Aontaithe é, go mbeadh siad chomh bocht le Haiti, chomh coirpeach le Iamáice, chomh héagothrom leis an bPoblacht Dhoiminiceach?

Bhí Cúba ag iarraidh a léiriú nach Mata Tairsí an Domhain eile é, i bhfriotal Eduardo Galeano.

Bhí Teófilo Stevenson ar dhuine de na dornálaithe trom-mheáchana ab fhearr riamh. Bhuaigh sé trí bhonn óir Oilimpeacha. Cúbach ba ea é nár chúb riamh. Bheadh ina mhilliúnaí milliúnach dá dtréigfeadh a thír dhúchais ar son potaí feola na Stát. Níor dhein.

Samhail é de na Cúbaigh sin ar mhó acu a ndínit féin mar shaoránaigh ná a bpócaí lán mar ghéillsinigh airgid.