Fiche Blian ag Fás le plé

Wed, Oct 9, 2013, 01:20

Fógraíodh le déanaí gurbh é Diarmuid Ó Sé a thabharfadh Léacht Uí Chadhain na bliana seo sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an ábhar “Fiche blian ag fás mar shaothar liteartha,” a scríobhann Liam Mac Amhlaigh.

Oíche an-tábhachtach í Léacht Uí Chadhain do lucht na Nua-Ghaeilge in UCD agus do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath trí chéile, ó bunaíodh sa bhliain 1980 í.

Thug Breandán Ó hEithir, scríbhneoir, an chéad léacht i bhfómhar na bliana sin ar “Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge”, agus tá léacht tugtha i mBelfield ag scoláire nó scríbhneoir aitheanta beagnach gach bliain ó shin ar ghné éigin de shaothar an Chadhnaigh nó de litríocht nó de theanga na Gaeilge.

D’fhoilsigh Muiris Ó Súilleabháin Fiche blian ag fás (1933) ceithre scór bliain ó shin, leabhar a dhéanann cur síos ar a óige ar an mBlascaod Mór agus ar a imeacht ón oileán.

Rachaidh Ó Sé i ngleic sa léacht seo leis an leabhar cáiliúil seo, ar a cháilíochtaí mar shaothar liteartha agus ar chomhdhéanamh an téacsa faoi mar a thug an
t-eagarthóir, Seoirse Mac Tomáis, don phobal é. Úrscéal dírbheathaisnéiseach a thug an-léargas do léitheoirí na dtréimhsí ina dhiaidh ar an duairceas agus an suairceas ar aon i gceantar Gaeltachta amháin in iardheisceart na linne sin.

Taobh le Peig (1936) agus An tOileánach (1927), ba chuid de thrí leabhar ar leith é ar chuir pobal na Gaeilge spéis iontu amhail spotsholas ar shaol a bhí ag teacht chun deiridh.

Go fiú sa lá atá inniu ann, cuireann Gaeilgeoirí suim sna hiarrachtaí coinsiasacha a rinneadh ar luachanna daonna áirithe a chaomhnú agus a idéalú i saothair den chineál seo.

Saineolaí
Léachtóir sinsearach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é Diarmuid Ó Sé agus agus é lárpháirteach i dteagasc agus taighde i gceann de na ranna ollscoile Gaeilge is mó sa tír.

Saineolaí ar ghnóthaí teangeolaíochta, Gaeilge Chorca Dhuibhne go speisialta, bíonn plé aige le cúrsaí a bhaineann le litríocht na Mumhan agus is é a mhúineann cúrsa ar Litríocht an Bhlascaoid san ollscoil.

Agus é ina chathaoirleach ar Choiste Téarmaíochta an Stáit i láthair na huaire, tugann Ó Sé dearcadh géarchúiseach, intleachtúil ar chuid ar bith de staidéar canúineolaíochta i gcónaí.

Tagann an léacht seo sna sála ar léacht chuimsitheach ó Mháire Ní Neachtain anuraidh dar teideal “An é tobar an dúchais tobar an dóchais?”, nuair a tugadh aghaidh ar cad is ciall leis an “tobar”, mar mheafar don Ghaeltacht, mar a shamhlaigh an Cadhnach í, agus í ina lóchrann do phobal teanga na Gaeilge in aimsir an Chadhnaigh agus in aimsir an lae inniu.


Beidh Léacht Uí Chadhain ar siúl i Léachtlann M, Áras Newman, UCD, Déardaoin 17ú Deireadh Fómhair ar 7pm. Eolas: irish.gaeilge@ucd.ie

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.