Fear ar lorg na fírinne faoin fháinne

Clár raidió faoin tsuaitheantas chlúiteach

Ar 17ú Feabhra 1916, tháinig grúpa Gaeilgeoirí le chéile i mBaile Átha Cliath le plé a dhéanamh ar staid na Gaeilge in Éirinn. Bhí an grúpa seo buartha go raibh tionchar an Bhéarla ag lagú na Gaeilge mar bhí nós ag Gaeilgeoirí tiontú ar an Bhéarla i measc Bhéarlóirí na tíre. Tháinig siad le chéile le troid in éadan an dearcaidh a bhí ag cuid mhór cainteoirí Gaeilge nach raibh a dteanga féin chomh luachmhar céanna leis an Bhéarla. As an chruinniú seo, cuireadh ‘An Fáinne’ ar bun agus dhearbhaigh na baill nach labhrófaí Béarla le haon bhall eile den Fháinne ach amháin i gcásanna speisialta má bhí sé de dhíth. Le haithint gur ball den Fháinne thú, bhí ort fáinne a chaitheamh.

Céad bliain i ndiaidh an chéad chruinnithe seo, téann léiritheoir agus láithreoir le BBC Raidió Uladh, Proinsias Ó Coinn, ar turas leis an stair a bhaineann leis an ghluaiseacht réabhlóideach seo a nochtadh. Fiosraíonn sé an tábhacht a bhaineann leis an fháinne do dhaoine sa lá atá inniu ann sa chlár, An Fáinne.

Le linn an chláir, tugann an Dr Liam Andrews léargas ar staid na Gaeilge i 1916 agus ar an ról lárnach agus inspioráideach a d’imir an cumann ar fhorbairt na Gaeilge le 100 bliain anuas. Leis an scéal a chíoradh, tugann Ó Coinn cuairt ar a sheanscoil in Iúr Cinn Trá, agus ar Chumann Chluain Ard agus ar An Droichead i mBéal Feirste le fáil amach an tábhacht atá leis an fháinne dóibh.

Is ar BBC Raidió Uladh san oíche amárach ag 7.03pm a chraolfar an clár.