Fealsúnacht sna scoileanna agus ceisteanna saoil

Ní bhíonn saoi – ná fealsamh – gan locht

Nuair atá fadhb sa phobal, cá bhfuil an réiteach? Sna scoileanna! Nuair nach bhfuil daoine go deas le chéile, cá bhfuil an réiteach? Sna scoileanna!

Ní cúrsaí iontais mar sin é go gceapfadh daoine dá bplancfaí an fhealsúnacht mar ábhar scoile isteach sa mhaistreadh go réiteodh sé ár gcuid deacraí, go bhfeicfeadh dúradáin neamhfhealsúnta solas an tsaoil.

Smaoinigh leat, tugadh an fhealsúnacht isteach mar ábhar scoile sna Stáit Aontaithe, agus go díreach ina dhiaidh sin thosnaigh an t-ionsaí ba mhó riamh ar mhuintir Vítneam; bhí tábhacht riamh leis an bhfealsúnacht san Fhrainc gur dá deasca atá smaointeoirí chomh soiléir intuigthe le Foucault agus le Derrida againn.

Is fíor go bhfuil an tAire Scoileanna, Scileanna agus Sceanairte buartha faoin easpa “machnamh criticiúil” sa chóras oideachais.

READ MORE

Bíodh sin mar atá, ní mian leis go dtabharfaí an fhealsúnacht isteach mar ábhar scoile ar eagla go gcuirfí an cheist “Cathain atá sé ceart geallúint shollamanta a thabhairt, agus ansin an gheallúint sin a bhriseadh?”

Lasmuigh de sin, tá sé ag ceilt ar phobal óg na tíre cuid den ghaois is gaoismhire dar gaoisíodh riamh. Duine de na smaointeoirí is géire agus is mó cáil sa tsaol comhaimseartha is ea Savoj Zizek.

Chomh háititheach is go ngéillfeá dó go furasta; chomh caolchúiseach is go scoiltfeadh ribe féir chomh glan le hÍosánach. Ina dhiaidh sin is uile, bhí (agus gach aguisín bainte anuas, agus gach féidearthacht curtha i leataoibh) ar son ionsaí na n-amhas Meiriceánach Iarthar Domhain ar an Iaráic tá 10 mbliana ó shin ann. Is é sin le rá, in ainneoin a chuid oideachais, a chuid oiliúna, a chuid léitheoireachta, a chuid oiliúna saoil sa tSlóivéin, nach bhfaca sé an rud arbh eol do mhadraí na sráide, do na milliúin a shiúil, agus do thiománaithe tacsaí ar fud na cruinne – gur tubaist dhaonna a bheadh san ionsaí céanna, agus go cinnte nach raibh sé inchosanta ar bhonn cheart na dlí.

Is iontach agus is aoibhinn an áit í aigne an duine, ach ná ceapadh aon duine go bhfuil tuairim dá laghad aige cad tá ar siúl ann – go háirithe síceolaithe agus fealsaimh.

Go deimhin, is minic gurb iad na síceolaithe agus na fealsaimh is lú a thuigeann aigne an duine.

Cheap Leipniz gurb é seo an domhan agus an saol ab fhearr dá bhféadfadh choíche a bheith ann. Chruthaigh sé an méid sin de réir prionsabail a bhí doshéanta agus de réir céimeanna loighice nach raibh poll iontu.

Cheap Schopenhauer gurb é seo an domhan agus an saol ba mheasa dá bhféadfadh choíche a bheith ann (go deimhin, b’fhearr nárbh ann dúinn in aon chor). Chruthaigh sé an méid sin de réir prionsabail a bhí doshéanta agus de réir céimeanna loighice nach raibh poll ar bith iontu.

Shíl Agaistín go raibh peaca ionainn go léir toisc gur pheacaigh Ádhamh, ach mura raibh Ádhamh riamh ann, cá bhfágann sin peaca an tsinsir?

Cheap Descartes gur dhá earra éagsúla iad an t-anam agus an corp, ach, má sea, conas a tharlaíonn caidreamh chomh dlúth sin eatarthu?

Ba dhóigh le Pascal gur cheart dúinn creidiúint i nDia go fiú is mura raibh creideamh againn toisc gurb í rogha an dá dhíogha í – an argóint is mímhacánta ar son an chreidimh dar ceapadh riamh, dar liom.

Áitíonn Zen go bhfuil an tuiscint lasmuigh den réasún, rud a chabhraíonn linn a mheas go bhfuil bradáin olna ag eitilt chugainn ar phoitín ramhar i moiche na déanaí geimhridh an tsamhraidh.

Cheap Platón go raibh gach rud ar eolas againn riamh agus nach raibh le déanamh ach é a tharraingt amach asainn, arb í an chúis a dtéim chun an fhiaclóra go minic, ach fós táim dall ar mhatamaitic in ainneoin an méid fiacla a stoitheann sé.

Níl aon amhras ormsa ná dá dtabharfaí an fhealsúnacht isteach mar ábhar scoile go mbeadh an uile ní huncaí deoraí go brách.