Faic na fríde

Ní cháinfear an Somme mar a cáineadh an tÉirí Amach


Ar airigh tú é?

An ciúnas?

Ar chuala tú an tost? Ar rith sé leat go raibh rud éigin gan a bheith á rá? Ar thug tú faoi deara go raibh tráchtairí áirithe thar a bheith balbh?

Na daoine sin a bhí chomh glórach sin mar gheall ar 1916 agus Éirí Amach na Cásca, cá bhfuil siad anois?

READ MORE

Cá bhfuil sibh uainn anois, diagairí na hImpireachta agus an gasra uile go léir?

Tá an tÉirí Amach thart agus na ceannairí curtha chun báis agus is féidir filleadh ar an ngnáthshaol. Tá samhradh na bliana 1916 i neas dúinn, agus gach a leanann de chuimhní.

Táim ag feitheamh.

Chun a cheart a thabhairt don nuachtán seo bhí forlíonta ann cheana a d’ullmhaigh sinn don ár a mbeifear ag comóradh faoi cheann míosa eile. Ár barbartha na Somme.

Bhí cruinn agus tuarascálach agus nocht eolas de shaghas. Bhí go maith, agus bhí go holc, agus bhí go holc, agus bhí go holc, mar is beag rud eile ab fhéidir a rá ina thaobh.

Ach an mheastóireacht? An breithiúnas? An mheá chothrom sin? Cá raibh an dá thaobh? Cá raibh na tráchtairí a d’áitigh go raibh oiread de cheart ag na Huns ar an stráice seo láibe agus a bhí ag stócaigh Thiobrad Árann a bhí a long way from home without their mother?

Táim fós ag feitheamh. Beidh mé go ceann i bhfad ag feitheamh.

Ní ag feitheamh le leithscéal beag fliuch bliodarnuisciúil gur botún ba ea an tSomme atáim. Go dtarlaíonn a leithéid seo sa chogadh, i ngach aon chogadh. Gurbh fhearr nach mar sin a tharla. Go gcaithfeá tuiscint dóibh. Nach raibh fios a mhalairte acu. Ní dhéanfaidh sin an chúis ar chor ar bith.

Cá bhfuil sibh uaim anois agus mé in bhur ngá go dóite?

Bhí scliúchas beag sin Bhaile Átha Cliath barbartha agus in aghaidh na dlí agus éagórach agus gránna agus dochosanta agus in aghaidh an chogaidh chóir, ach sléacht agus deargár agus coscairt sin na Somme, bhí sin ceart go leor, nach raibh?

Ní déarfaidh sibh go raibh sé ceart go leor, gan amhras (ach cá bhfios?), ach beidh na focail mhilse agus an tiomchaint agus an timpeall chun an teampaill agus an dallabhladar agus an púdar nach bhfeadair ag sileadh leis an mbéal, má dheonaítear rud ar bith a rá.

Ach ní hé sin atá uainn.

Is é atá uainn ná an damnú gan leithscéal siar amach ar fhoréigean na Somme, cáineadh go bun na dúide ar na hasail a chuir fir mhaithe amach chun go ndéanfaí criathair díobh go pras, breithiúnas gur cogadh gan chúis, gan cheart, gan chuibheas, gan chiall, gan fáth, gan dealramh, gan réasún ba ea an chéad chogadh mór barbartha, agus gur cheart dúinn náire a bheith orainn é a chomóradh ar shlí ar bith i leataoibh ón gcuimhne sin is dual do na fir bhochta úd a maraíodh ar scáth ríthe is tsáranna is seansailéirí is seansairí is sabhdán is uachtarán is amadán.

Agus ní leor aon abairt amháin, ná alt féin laistigh de shliocht níos faide ag tabhairt le fios gurbh eachtra í seo a raibh míthuiscintí ag baint leis.

Píosa mungailteach monabrach leithscéalach dhá thaobh an bhéil, seo is siúd, ‘caithfimid a bheith cothrom tá’s agat’, ‘narraitíví éagsúla’, mise is tusa is ruball na muice is táimid go léir mar a chéile, an saghas sin stuife.

Ní hea in aon chor. Táim ag éileamh go bhfaighimis an tuile chéanna alt leis an áirithe chéanna binbe, ó sheachtain go seachtain, gan staonadh gan stad, ar raidió, ar theilifís ar nuachtáin, ó thráchtairí gan chrích maidir le cad ba bhun leis an íobairt fola a d’éiligh John Redmond ar mhuintir na hÉireann – “Was it for this that the ghoulish geese/spread our guts on every side/For this those innocent thousands died?/All that delirium of the mad/Fertilising the sods of no man’s land?/Imperialist Ireland is dead and done/ It’s with the thousands in the Somme.”

Ach ní chloisfear faic. Faic na fríde. Cén fáth sin?

Picnic ba ea Éirí Amach na Cásca i bhfarradh leis: 20,000 duine marbh an chéad lá (mo leithscéal, an méid sin d’arm na Breataine – ní chomharthaíonn na Gearmánaigh bharbartha sin gan chultúr sa chuntas), agus 40,000 eile leointe, cuid acu go héag, nó go Haig féin. 30,000 taismeach laistigh d’aon uair an chloig amháin (dínne, mar adéarfá)!

Níos mó ná cogaí uile shaoirse Éireann le cúpla céad bliain. Milliún nuair a bhí deireadh déanta.

An mó corpán le haghaidh gach slaite?

Cloistear é!

Éistítear leis!

Beidh tú ag feitheamh, a dhuine bhoicht.

Tá an ciúnas dom bhodhradh.