Fós féin, in ainneoin...

Dúinne, laoch fomhórach is ea aon duine a ghabhann i ngar don chraobh


Tá cluichí móra na nOilimpeacha tosnaithe cheana féin. Tháinig siad aniar aduaidh orainn mar a bheadh lúthchleasaí ón Vatacáin, mar shnámhaí sneachta ó Mhali, mar mhún luiche ar scamall le ciúnas.

Sa mhéid is gur músclaíodh sinn, b’iad na scanaill a chuaigh i bhfeidhm. Formhór d’fhoirinn na Rúise á gcosc, míoltóga ag baint a snap féin as an bpobal, na hionaid gan a bheith réidh ullamh.

Agus níor luaigh mé drugaí fós.

Ní dócha go raibh cluichí Oilimpeacha riamh ann gan uafás éigin a bheith laistiar díobh i bhfios, nó níos minicí go mór, i ngan fhios dúinn. Sa tSean-Ghréig is in ómós don Dia Séus a reáchtáiltí na cluichí, agus fág nach luaitear rómhinic anois é, is fearr an aithne atá againn ar a chara Mamón faoi thuairim na haimsire seo. Deirtear nuair a bhuaigh Triptolemus an rás gairid sa bhliain 666 BC gur bhain sé cor coise as Luasander a bhí á scoitheadh go mear ach nach bhféadfaí é sin a chruthú de cheal Hawkeye.

READ MORE

Ní féidir polaitíocht nó caimiléireacht nó cleasaíocht (nach bhfuil lúfar) a fhágáil i leataoibh na slí, agus níor fhéad riamh.

Nuair a bhí na boinn á gcnuasach ag an Oir-Ghearmáin ina gcairníní óir agus airgid agus cré-umha sna laethanta úd, ar chreid duine ar bith nach raibh buidéilíní beaga á slogadh agus insteallaí ramhra á sá in áit éigin?

Cad a shíl tú nuair a chonaic tú lucht páirtíochta a raibh matáin orthu nach raibh riamh ar dhuine seachas ar dhamh?

Cad a bhí laistigh de na rópaí sin d’fhéitheacha a bhí ag tógálaithe meáchain as áiteanna lastoir na hÚrail? Ar ghéilleamar riamh dá leithéid sin á cheapadh dúinn go raibh macánta?

Níos measa fós is ea an scrios atá déanta ag na cluichí céanna ar shaol na ngnáthdhaoine i mbruachbhailte Rio de Janeiro, an té a mhachnódh air.

Ceart go leor, nílimid ag iarraidh an iomad smaointe a chaitheamh leis, ach bhí ár agus sléacht sin Tlatelolco i Meicsiceó ar imeall na gcluichí sa bhliain 1968. An mó duine a díbríodh as a bhfearann cearta is córa in Beijing chun spás a dhéanamh don ghlioscarnach mhór?

Níl áireamh orthu, mar ní dhéantar áireamh orthu.

Ina ainneoin seo, áfach, tá léirithe ag Alex Hijmans ina leabhar álainn Favela go ngabhann an saol ar aghaidh don ghnáthdhuine, saol grá, saol grinn, saol gealadhraim sna háiteanna is measa as, mar go bhfuil meanmna an duine ar go leor slite do-chloíte – go háirithe sa Bhrasaíl.

In ainneoin na n-ainneoin, mar sin, is ceart an chamastaíl agus an chaime de gach saghas a fhágaint sa phróca le hais an dorais go ceann cúpla seachtain, d’intinn a dhúnadh ar ar tharla ó buaileadh bob orainn go léir, suí siar agus sult a bhaint as an taitneamh aeistéitiúil a thugann an spórt ar an leibhéal is airde dhúinn.

Tá de bhuntáiste againne nach mbíonn dóchas againn na céadta bonn a ghnóthú go hilmhinic.

Is móide ár meas ar cheann uaigneach dá réir.

Dá mbeadh boinn ag sileadh ó na crainn mar a bhíonn in California níorbh aon chúrsa iontais iad.

Dúinne, laoch fomhórach is ea aon duine a ghabhann i ngar don chraobh.