Féile na Bealtaine i gCiarraí

Corca Dhuibhne an chultúir

Beidh Féile na Bealtaine, féile dhátheangach ealaíon, ar siúl don 20ú bliain timpeall leithinis Chorca Dhuibhne idir an chéad agus an cúigiú lá de Bhealtaine i mbliana. Beidh níos mó ná 100 imeacht ann. Ar na ceoltóirí a bheidh ann, beidh Cara O’Sullivan leis an Degani Ensemble agus an t-amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh agus Danú.

Beidh cainteanna i dTeach na Cúirte an Daingin, áit a gcuirfear agallaimh ar dhaoine ar nós an Athar Peter McVerry agus ar iarghobharnóir Mountjoy agus bunaitheoir New Beginning, Ross Maguire, i measc daoine eile. Déanfar plé le healaíontóirí áitiúla agus beidh deis ann labhairt leo faoin dóigh leis na dúshláin chultúrtha agus eacnamaíochta a thabhairt.

Lena chois sin, beidh ceardlanna, ióga, damhsa, Kevin McAleer as Gaeilge, na filí Chill Pill ó Londain, Nuala Ní Dhomhnaill, ealaíontóirí ó R.A.D.E, ceardlann cócaireachta agus turas rothair i measc rudaí eile.

Eolas: www.feilenabealtaine.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times