Féile gach duine ar stáitse na hÉireann

Moltar an aisteoireacht amaitéarach


Tá Féile Drámaíochta Amaitéarach na hÉireann ar siúl in imleacán na tíre i mBaile Átha Luain an tseachtain seo, agus nach iontach é! Scoth na hamharclannaíochta, na haisteoireachta agus an léirithe in aon bhall amháin, féile cainte agus ealaíne a mhaireann breis agus seachtain. Bíodh nach sroicheann an babhta craoibhe ach an scoth, is scagadh iad ar nach mór dhá scór féile drámaíochta áitiúla eile ó gach cearn den tír.

Tá RTÉ ag déanamh urraíochta air arís i mbliana, agus is maith sin, óir is gann iad na healaíona a thagann slán gan phatrúnacht de shaghas éigin, agus tá seo fíor ó aimsir Ghuaire an Oinigh agus Hammurabi féin. Tá íoróin áirithe á leanúint, áfach, sa mhéid is go bhfuil duais faoi leith á tairiscint acu i mbliana, a bhfuil “Dámhachtain Fair City” air.

Bronnfar é ar aisteoir a thugann taispeántas thar na bearta; agus is é oighear an scéil é ná go bhfuil an aisteoireacht a fheictear i rith na seachtaine in Áth an Luain seacht n-uaire seachtód níos gile ná rud ar bith ar féidir é a shamhlú leis an sóp áiféiseach sin.

Leomhfainn a rá, agus ní le haon bhaol go séanfaí mé, go bhfuil an caighdeán aisteoireachta amaitéarach sa tír ar a laghad chomh hard, agus go minic níos airde, ná a mbíonn le feiscint ar an stáitse gairmiúil. Ar a laghad ar bith ní fheictear oiread sin leaganacha tuirsiúla d'úrscéalta leamha Béarla de chuid an 19ú haois, mar a thagann an geata isteach chugainn; ná Synge/O'Casey/Synge/O'Casey/Synge/O'Casey gan chrích, bíodh gur cheart moratorium léiriúcháin a leagadh ar gach playboy and joxer is ar a gcuid gárlach ar fad ar feadh leathchéad bliain – ar a laghad. An méid seo ar son sláinte an phobail .

READ MORE

Tá an saol amuigh ansin ag brúchtaíl le drámaí den scoth, agus is túisce a léiríonn ár gcuid cumann amaitéarach iad ná ár gcomplachtaí gairmiúla. Go deimhin, is minic sin mar chuspóir is mar chur chuige acu.

B’in an fhealsúnacht a bhí ag an gcomplacht drámaíochta Everyman a bunaíodh i gCorcaigh leathchéad bliain ó shin, agus atá slán fós in ainneoin bráca an tsaoil. Is geall le míorúilt go mairfeadh leanúnachas drámaíochta mar sin ar obair dheonach ar feadh an oiread sin de bhlianta, ach is samhail iad den díocas sin a chomáineann an duine a chreideann go diongbháilte ina fhís agus ina aisling féin.

Sna blianta tosaigh sin léiríodh drámaí clasaiceacha le Chekhov, Ibsen, Shaw, Sartre, Lorca, agus níor déanadh faillí sna drámaí nua ba mhó gearradh le Harold Pinter, le hArthur Miller, nó le John Osborne. Ghlacfadh sé blianta níos faide ná sin a leithéid de fhleá drámaíochta i gcathair ar chomhdhaonra le Corcaigh, agus go leor a bheadh a cheithre oiread níos mó, a bhlaiseadh.

Fairis sin, cuireadh bundrámaí ar bun, go háirithe le Seán Ó Tuama, agus dhéantaí cuaird na nGaeltachtaí i gCúige Mumhan, rud a thriailfeadh miotal foireann aisteoirí ar bith. Gaisce ann féin ba ea compántas d’aisteoirí amaitéaracha a choinneodh amharclann lán-aimseartha ag dul i lár phobail a raibh an teilifís, go háirithe, agus gach meán leictreonach ó shin ag gabháil steallaidh air.

Is fíor nach gcuireann meán amháin siamsaíochta deireadh go furasta le ceann eile. Níor imigh an amharclann as le teacht an scannáin; níor imigh an scannán le teacht na teilifíse; níor imigh an teilifís le teacht gach ipod agus gléasthaibléid. Ach cuireadh d’fhiacha orthu athrú.

Ní foláir don drámaíocht a bheith níos drámatúla, níos beoga, níos faobhrúla fós, is dul thar scríob na bhfoirmeacha eile. Ní hionann Fiona Shaw nó Graham Norton a fheiscint ar an scáileán agus iad a bheith ar an stáitse os do chomhair, mar a bhí ar chláir faoi shoilse Everyman, ar nós na gcéadta eile. Gabhaimid chun na hamharclainne, ní hea amháin chun dul sáite i scéal, nó eachtra bheatha a ghabháil, ach d’fhonn cuid den fhuinneamh sin a ghluaiseann ó na haisteoirí a chlasú chugainn féin.

Luaim Everyman, mar toisc nach raibh aon bhaint go díreach agam leo (seachas gang a bhualadh laistiar de na sciatháin uair amháin), bhí aithne agam ar go leor den lucht páirtíochta, idir bhunaitheoirí, riarathóirí agus aisteoirí, agus solaoid iad ar ar féidir a dhéanamh ar dhóchas mór, ar obair dhian, is ar mheanma ard.

Ní foláir nó tá imir éigin den spleodar céanna i ngach aon chumann drámaíochta atá i mBaile Áth Luain an tseachtain seo, óir is gaiscígh chiúine ar nós John O’Shea agus Dan Donovan Everyman a choinníonn an lasair san drámaíocht amaitéarach agus a thugann ardspridí ar oiread sin daoine dá bharr.