Ealaíontóirí samhraidh

Seo chugainn anois an ealaín uile-Éireann


Tuairisc ar an nuachtán seo a léirigh an t-airgead a bhí san ealaín. Chaith daoine €2m ar ceant agus iad ag ceannach saothar le healaíontóirí na hÉireann, ina measc Paul Henry agus Jack B. Yeats.

Mar a tharla, bhí saothar de chuid John Lavery go díreach ceannaithe agam féin – ar chostas cúpla punt agus é curtha sa phost chuig cara thar sáile mar mhaisiúchán d’árasán úr. Ní saothar bunaidh a bhí ann, ar ndóigh, ach macasamhail ceann dá phictiúir a fheiceann tú ar díol sa Dánlann Náisiúnta.

In Iarsmalann Uladh a fuair mise an saothar áirithe seo nó tá roinnt pictiúr de chuid Lavery ar taispeáint buan san áit agus, má bhím sa chathair, is maith liom seal gairid a chaitheamh i gcuideachta Lavery agus a chuid dathanna.

Is beag duine againn a bheadh in ann fíorphictiúr de chuid Lavery nó duine ar bith eile d’ealaíontóirí móra na hÉireann a cheannach.

READ MORE

Ní hionann sin agus a rá, ámh, nach dtig linn bunsaothar ealaíne a cheannach ar chor ar bith nó nach bhfuil saothar fiúntach ealaíne ar fáil dúinn, pobal an chúpla euro.

An áit a mbíonn an turasóir, bíonn an t-ealaíontóir. Is beag ionad turasóireachta in Éirinn nach bhfaighidh tú ealaíontóir samhraidh ina shuí ann. Bíonn siad le feiceáil cois abhann, cois sléibhte, i ndánlanna beaga, sa veain cois an bhealaigh mhóir, a saothar ar taispeáint agus praghas an tsaothair luaite leis.

In amanna, ní bhíonn i gceist ach cúpla euro agus in amanna roinnt céadta euro. Tig le caighdeán na hoibre bheith go measartha agus tig leis bheith thar barr ar fad.

Oiread chéanna leat féin, ní fear saibhir mé ach níl am ar bith ann nach stadaim leis an spléachadh beag féin a thabhairt ar shaothar na n-ealaíontóirí calma seo.

Is beag seans go mbeidh a saothar le feiceáil ar ceant ag Sotherby’s ach ní hionann sin agus a rá nach mbíonn luach againn orthu. Nach chuige sin a cheannaíonn muid iad?

An mac léinn féin, cuirfidh sé póstaer ar bhalla a sheomra leapa. (Tháinig “An Phóg” le Klimt liom go mórán árasán ollscoile!)

Ní duine mé a thógann mórán grianghraf agus mé taisteal. (Seachnaím an féinín (selfie) ar fad ar fad!) Ach tá pictiúir, saothair bheaga ghalánta, ar crochadh ar na ballaí sa bhaile, a cheannaigh mé agus mé ag taisteal.

Tá rudaí beaga as Oileán Í agus Leodhas agam a chuireann turasanna agus cairde ansin i gcuimhne dom; pictiúr de chrainn as deisceart na Fraince a chuireann teas na saoire sin i gcuimhne dom; tírdhreach deas a cheannaigh mé ar an Inbhear Mór – creid é nó ná creid – agus dhá phictiúr ghalánta a fuair mé i dTír Chonaill: radharc ar an fharraige agus radharc ar shléibhte.

Nach mistéireach mar a chorraíonn an píosa is lú féin an t-anam agus an croí istigh ionainn? Ní pictiúir amháin atá agam, ar ndóigh. Tá an chorr réisc, déanta as dair phortaigh, ina ‘Pangur Bán’ agam.

Tá an t-éan ar an tábla in aice liom agus é ag breathnú orm. I gCarnlach, Co Aontroma, a tháinig mé air. Bhí féile ar an bhaile agus seanfhear de bhunadh na háite a dhear an t-éan álainn as dair phortaigh.

Is é a bhí eolach ar a cheird agus is saothar álainn ar fad é. Thiocfadh leat é a chur ar taispeáint i ndánlann, creidim.

An costas? Cúpla punt más buan mo chuimhne. Ach is é an chuimhne is fearr atá agam ar an lá ná bunadh an bhaile ag ceiliúradh agus mise, mo chéile mná agus na páistí ag ithe sceallóg, an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus aghaidh againn ar Shruth na Maoile agus ar Albain.

Níl costas mór le ceann ar bith de na saothair bheaga atá agam ach tá luach agam orthu nach bhféadfainn a mhíniú.

Ní bhogann na pictiúir chéanna; ní dhéanann siad rud ar bith ‘speisialta’ ach is iad atá draíochtúil mar chuideachta agus tá siad míle míle uair níos ealaíonta ná an grianghraf sin a thóg tú le do ghuthán.

Ní thiocfadh liom mórán a insint duit faoi na healaíontóirí féin agus seans go bhfuil dearmad déanta acu féin ar an saothar seo atá anois i dtaisce tigh s’agamsa. Ní thig liom a rá ach gur thacaigh mé, ar mo dhóigh an-bheag féin, le healaíontóirí le cúpla pingin a shaothrú. Sea, d’éirigh leo airgead a mhealladh ó Ultach sprionlaithe! Ealaín? Airgead a chaitheamh ar ealaín? I bhfad uainn a leithéid!

B’fhéidir, mar sin, agus tú ag taisteal in Éirinn nó thar sáile go ndéanfá moill bheag agus tú ag dul thar bráid ealaíontóirí an tsamhraidh.

B’fhéidir go ndéanfá iarracht cuairt a thabhairt ar an dánlann bheag sin ar an sráidbhaile. B’fhéidir, má bhíonn an t-airgead agat, go gceannófá rud inteacht.

Ní fada go mbeidh dearmad déanta agat ar an chostas. Ní fada nach mbeidh fágtha agat ach an scéal féin: “An tírdhreach sin? Nach bhfuil sé go hálainn? Bhí mise agus mo ghrá geal in...”