Ealaíontóir cróga a thuig a cheird

Wed, Jan 2, 2013, 00:00

   

Cuir an teilifís ar siúl agus cloisfidh tú na focail “áilleacht” agus “álainn” á rá arís agus arís eile ar chláir ealaíon agus faisin. Mairimid i ndomhan iar-nua-aoiseach drithleach, domhan gan bhrí go minic, domhan a bhfuil cuma álainn ar nithe ón dtaobh amuigh ar chuma ar bith.

É sin ráite, níl an t-uafás ealaíontóirí ann a raibh de mhisneach acu iarracht a dhéanamh ar ghránnacht an domhain a ríomh nó í a “ghabháil” ar an gcanbhás.

Cé nach luaitear go rómhinic é tá Caravaggio ar an mbuíon bheag sin. Is gá féinmhuinín agus crógacht áirithe chun dul i ngleic leis an gceist seo agus ní raibh easpa féinmhuiníne ag cur as do Michelangelo Merisi da Caravaggio riamh mar is follas ón bpictiúr Medusa atá ar crochadh anois i ndánlann an Uffizi, i bhFirenzi na hIodáile.

Portráid de Medusa, an Ghorgain nathair-ghruaige sin a ndúradh fúithi go raibh sracfhéachaint amháin ar a gránnacht chomh baolach sin go ndéanfaí cloch díobh siúd a raibh de mhisneach nó de dhánacht iontu breathnú uirthi.

De ghnáth, bhí ealaíontóirí na tréimhse sin ag iarraidh an ghránnacht a sheachaint níos minice ná a mhalairt ach níorbh amhlaidh don Iodálach clúiteach sa chás seo.

Ní raibh eagla ar bith air, é amuigh air go raibh sé teasaí agus go raibh sé in ann aire a thabhairt dó féin dá mbeadh scliúchas sráide ann tar éis babhta ólacháin.

Ní hamháin sin ach thit sé amach lena phátrúin go rialta agus cuireadh ina leith gur mharaigh sé fear eile i dtroid sráide sa bhliain 1606, rud a thug air dul ar deoraíocht go Napoli agus Málta don chuid eile dá shaol.

Ba dhána an duine é agus cá hionadh gurb eisean a phéinteáil cloigeann teasctha Mhedusa sa bhliain 1597.

Is deacair é a chreidiúint anois ach rinneadh dearmad ar Caravaggio tar éis dó bás a fháil – bhí sé as faisean agus tháinig caighdeáin aeistéitiúla difriúla chun cinn – agus ní go dtí an 20ú haois a rinneadh athsheilbh air mar dhuine de mhórphéintéirí an domhain.

Go deimhin, sa lá atá inniu ann, admhaíonn lucht critice nach féidir sainmhíniú ceart a thabhairt ar stíl Bharócach an 17ú haois gan tagairt do shaothar Caravaggio, an réalachas trom scáfar sin agus an chiaroscuro (gealdorcha) ba bhonn lena shaothar.

Bhí tionchar nach beag ag Caravaggio ar dhearcadh aeistéitiúil na hEaglaise Frith-Reifirméisean leis, go háirithe le pictiúir chlúiteacha ar nós Iompú Naomh Pól agus an Suipéar ag Eamáús agus, ar ndóigh, tá pictiúr clúiteach eile dá chuid, Gabháil Chríost, sa Dánlann Náisiúnta.

Irish Times Culture


TV Guide