Ealaín an Earraigh in Ard Mhacha ársa

Is mistéireach an greim a bhíonn ag an ealaín orainn


Mochmhaidin Aibreáin in Ard Mhacha. Tá an ghrian ag soilsiú ach tá bearradh fuar ar an lá. Róluath ag lucht cruicéid atá sé agus tá a bhfaiche imeartha faoi thost, gan le feiceáil air ach an snag breac.

Ionad ársa é Ard Mhacha. Tá Eamhain Mhacha faoi chúpla míle díom; tá dhá ardeaglais – ceann Protastúnach agus ceann Caitliceach – ar an bhaile. Deirtear go bhfuil taisí Bhrian Bóramha ina luí san ardeaglais Phrotastúnach. Ní dhéantar mórán poiblíochta faoi sin, más ea.

Agus tá músaem contae acu. Pictiúir san iarsmalann sin is cúis leis an chuairt an iarraidh seo, oilithreacht bheag aonair ar son na healaíne.

Tháinig an t-ealaíontóir agus file, George Russell (AE) ar an tsaol 150 bliain ó shin, inniu. Tá roinnt pictiúr dá chuid ar taispeáint den chéad uair sa cheantar, saothar atá ar iasacht ó Choláiste na Tríonóide.

READ MORE

(Dá mbíodh Gaeilge ag lucht an eagraithe, thiocfadh leo “Ón ardchathair go hArd Mhacha” a thabhairt ar an taispeántas. Ach níl agus níor thug.)

Fear spéisiúil é Russell (1867-1935) – file, ealaíontóir, polaiteoir, síochánaí a mhair le linn an Éirí Amach agus ar lean é, fear a bhí in éadan na críochdheighilte, duine dó féin.

Tá sé amuigh ar Patrick Kavanagh, file, gur mhol sé Russell as a chineáltas – moladh nach beag ag fear Mhuineacháin nó ní raibh cáil an chineáltais air féin. Leoga, ní i bhfad uaim atá teorainn Mhuineacháin agus ceantar dúchais Kavanagh inniu.

Sea, slabhra casta fada atá sna healaíona. Síleann tú go mbaineann scríbhneoir le ré atá caite go dtí go mbuaileann tú le duine a labhair le duine a raibh aithne aige ar an duine agus, sházám, tá tú i láthair an duine a shíl tú a bheith ar shlí na fírinne le fada.

Mar sin féin, oiread chéanna le mórán eile ealaíontóirí a bhí i mbéal an phobail tráth na hAthbheochana, maireann Russell faoi scáil na ndeartháireacha Yeats, William Butler, file, agus Jack, ealaíontóir.

Is ar éigean go mbíonn caint ar Russell taobh amuigh den lucht acadúil. Is fíor go bhfuil suaitheantas beag greamaithe de bhalla ar a bhaile dúchais, an Lorgain, Co Ard Mhacha, agus siúlaim thar bráid na plaice go minic.

Níl a fhios agam an dtugann mórán daoine suntas dó. Ní sráid mhór ghustalach atá ann ach ceann lán siopaí beaga, tithe tábhairne, gnólachtaí beaga.

Bhí spéis ag Russell i gcúrsaí miotaseolaíochta na hÉireann – mar a bhí ag mórán dá aicme an t-am sin. Cuireann an athchuimhne sin iontas ort. Cá bhfuil an bhá sin anois leis an teanga, leis an chultúr, i measc mheánaicme na hÉireann sa lá atá inniu ann?

Mistéir

Tá an tsuim sin i mistéir na seanscéalta le sonrú i saothar Russell. Tá roinnt de laochra móra an tseanama le feiceáil sna pictiúir seo ó Choláiste na Tríonóide – Deirdre, Cú Chulainn – agus tá roinnt a bhaineann leis an tslua sí, pearsana geala ceocha ag bogadh go formhothaithe ar thailte Éireann.

Déanta na fírinne, níl a fhios agam an gcuirfeadh daoine mórán spéise sna pictiúir seo murach ainm Russell bheith luaite leo.

Tá siad, bhuel, rud beag amaitéarach ag amharc, dréachtaí atá iontu beagnach, réamhobair, iarrachtaí leis an tsamhlaíocht Cheilteach a fhíorú ar an chanbhás.

Is fearr liom na pictiúir de cuid Russell atá ar buantaispeáint san iarsmalann cheana féin. Is minic a chaithim seal ag amharc ar The Potato Gatherers má bhím ar an bhaile.

Beirt bhan agus iad ag bailiú prátaí, á gcur i gciseán, agus spéir, idir álainn agus eaglach, taobh thiar díobh.

Ní thig leat aghaidheanna na mban a fheiceáil; tá na dathanna dorcha ach mothaíonn tú an dua a bhaineann leis an obair mhaslach.

Cá bhfios cad é a d’éirigh dóibh sa deireadh?

Imíonn an t-am agus na daoine ach maireann obair an ealaíontóra; maireann an saothar a chruthaítear.

Tá rud amháin eile san iarsmalann a chorraíonn an croí.

Tá uirlisí feirmeoireachta agus cogaidh san iarmaslann, iad ag dul siar chun na hIarannaoise, chun na Cré-umhaoise, chun na Clochaoise fiú.

Tá scian bheag, déanta as breochloch, ar taispeáint sa tseomra in aice le pictiúir Russell. Measann na saineolaithe go ndearnadh an scian bheag seo 3,000 bliain roimh Chríost agus thánagthas uirthi go háitiúil.

Chruthaigh duine inteacht an scian sin le cuidiú le cúrsaí tí agus feirmeoireachta fadó fadó fadó...

An teaghlach. Iad a chothú.

An talamh. É a shaothrú.

An práta. É a chur.

An ealaín. Í a chruthú.

5,000 bliain de scéal na hÉireann in aon áit amháin.