Eachtra Seamus Heaney i Ros Goill

Aiste álainn ar fhile Dhoire

Seamus Heaney. grianghraf: matt kavanagh/the irish times

Seamus Heaney. grianghraf: matt kavanagh/the irish times

Wed, Aug 20, 2014, 01:30

Is dócha go mbíonn a scéal féin ag mórán daoine faoin fhile, Seamus Heaney, nach maireann. Bíodh is gur bhain sé clu amach dó féin mar fhile mór Béarla, tá aiste dheas ar an eagrán reatha de Guth Ghoill a léiríonn a bhá leis an Ghaeilge, le Ros Goill agus a thugann léargas ar dhán dá chuid, The Gaeltacht.

Tréimhseachán as na Dúnaibh i nGaeltacht Dhún na nGall é Guth Ghoill agus is éadócha go mbeadh mórán daoine ag smaointeamh go mbeadh ábhar i nGaeilge ar dhuine d’fhilí móra an Bhéarla i gcló ann. Nach aisteach bealach an tseanchais, an dóigh a ndéanann daoine comóradh ar dhaoine eile agus eachtraí beaga a aithris, eachtraí a thugann an duine chun beatha uair amháin eile?

Peadar Ó Gallchóir, fear a chaith a shaol mar oideachasóir, a scríobh an píosa agus bhí aithne mhaith acu ar a chéile. Casadh Heaney air agus iad beirt ag freastal ar Choláiste Cholm Cille i nDoire agus bhí siad i gcuideachta a chéile ina dhiaidh sin ar ollscoil i mBéal Feirste.

“Níor casadh ariamh orm fear a raibh níos mó measa aige ar léann agus ar eolas,” a scríobhann Ó Gallchóir faoina chomrádaí agus “Gaeilge uasal, shaibhir, chruinn” a bhí ag Heaney.

Tugann Ó Gallchóir cur síos ar thuras a rinne Heaney go Ros Goill sa bhliain 1960, turas ar scríobh sé dán faoi, The Gaeltacht, sa chnuasach, Electric Light: “Is beag a shíl mé go mbeadh an eachtra sin ina bhunábhar dháin ag duaiseoir Nobel san fhilíocht.”

Creideann sé gur fhág an tseachtain i Ros Goill “lorg láidir” ar Heaney “nuair a bhí sé in inmhe léaráid chomh samhlaíoch sin a fhágáil…” i ndán.

Scríobhann Ó Gallchóir go raibh comhrá acu an tseachtain sin a bhí “ilteangach, idir Ghaeilge agus Laidin chomh maith le Fraincis agus Béarla. Bhí sin againn fosta – scéalaíocht, filíocht, amhráin agus cleasaíocht ar fhocail. Ba mhinic mé féin ag dul don amhrán Tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir. D’athraigh Seamus “an ghealach aréir” go “an Gallagher Air”.”

Bhí Ó Gallchóir freagrach as coláiste nua a oscailt i Leitir Ceanainn 40 bliain i ndiaidh an turais agus d’iarr sé ar Heaney a bheith i láthair. Ní thiocfadh le Heaney freastal a dhéanamh ar an ócáid ach chuir sé litir chuig Ó Gallchóir, á rá: “Who would have thought we’d have ended up like this?”

Agus cé a chreidfeadh go mairfeadh an eachtra i seanchas na Gaeilge ach an oiread?

PÓL Ó MUIRÍ