Dylan – amhránaí a thugann do dhúshlán

Ní fada go mbeidh Bob Dylan i mbun ceoil arís i mBaile Átha Cliath


Nuair a chuala mé gur bhain Bob Dylan Gradam Nobel anuraidh bhí mé pas beag amhrasach. B’é seo an gradam céanna a bhain Yeats, Shaw agus Beckett – ní áirím Seamus Heaney. Bhain Dylan an gradam as “smaointe nua fileata a chruthú laistigh den traidisiún mór amhrán Meiriceánach”.

Níor thuig mé riamh an-chuid de liricí an cheoltóra. Is cuimhin liom fós an deacracht a bhí agam leis an amhrán The Gates of Eden: "Upon four-legged forest clouds/The cowboy angel rides."

Chuirfeadh a leithéid mearbhall ar an leanúnaí is dílse!

Ní bréag a rá go raibh Dylan den tuairim gur file é féin ó thús báire. B’shin é an fáth is dócha, gur aistrigh sé a shloinne, Zimmerman, go Dylan in ómós don fhile Breatnach, Dylan Thomas. Ba chuimhin liom lár na 1960í nuair a cuireadh in aithne mé den chéad uair do cheol Dylan.

READ MORE

Bhí cara liom ag canadh amhráin sa tsráid: "Simplify you, classify you/Deny defy or crucify you." Nuair a d'fhiafraigh mé de cén t-amhrán aisteach a bhí á chanadh aige luaigh sé All I Really Want To Do le Bob Dylan.

As sin amach chuir mé suim i gceol Dylan. Cheannaigh mé na halbaim Bob Dylan agus The Freewheelin' Bob Dylan a raibh grianghraf ar an gclúdach de féin agus Suze álainn Rotolo.

Dar liom gur pictiúr an-rómánsúil é agus bhí mé in éad leis an amhránaí óg a raibh ceann an chailín ghleoite ar a ghualainn, go háirithe ó nach raibh cailín ar bith agam féin ag an am .

Cé nár dhóigh liom riamh gur sháramhránaí é, chuaigh an ceol i bhfeidhm go mór orm: an guth srónach, fuaim chaol an orgáin béil agus na liricí cumachtacha a d’agair cúis na ndaoine a bhí faoi leatrom.

Thaitin sé liom freisin go raibh Bob ar a chumas an giotár agus an t-orgán béil a sheinm ag an am céanna. Dar liom gurb éacht a leithéid agus theastaigh uaim an teicnic sin a fhoghlaim.

Sílim gur thug scannán fáisnéise DA Pennebaker Don't Look Back léargas suimiúil ar thréithe Dylan agus é ina ógfhear, ag tabhairt camchuairt Shasana sa bhliain 1965. Feictear an t-amhránaí óg faoi strus ag an gclú domhanda a bhí air.

Tá sé sotallach agus mímhúinte go háirithe agus é ag caint le daoine atá níos sine ná é. Feicimid freisin an t-amhránaí cheol phobail, Joan Baez, a bhí ag siúl amach le Dylan ag an am, ag lútáil air, fad a chaitheann seisean go dona léi.

Is mór an chodarsnacht a fheictear idir Dylan agus Donovan a bhíonn umhal agus dea-mhúinte i gcónaí sa scannán.

Agus muid ag fás aníos choinnigh mé féin agus mo chairde cos le saol Dylan. Chonaiceamar ag gabháil chuige fuaim leictreach – cinneadh nár thaitin leis na mílte leanúnaithe cheol phobail – agus ina dhiaidh sin na stíleacha éagsúla a léirigh gur caimileon cruthanta a bhí ann.

D’athraigh sé ó bheith bhí ina amhránaí cheoil phobail, go hamhránaí rac, go crónánaí cheoil tíre agus ar aghaidh go seantrúbadóir liath agus é ag dul in aois.

Gan dabht bhí a rian ar go leor ceoltóirí ar nós na Byrds, Manfred Mann agus fiú na Beatles féin.

Le himeacht aimsire cheannaigh mé féin orgán béil agus úim. Sa tslí sin bhí ar mo chumas an t-orgán béil a sheinm fad a bhí mé ag seinm an ghiotáir. Tar éis cúpla iarracht tháinig mé isteach ar an teicnic agus d’fhoghlaim mé dorn d’amhráin Dylan.

B’é an toradh a bhí air seo ná gur éirigh liom ceol traidisiúnta a sheinm nuair a d’éirigh mé tuirseach de cheol Dylan.

Le blianta beaga anuas chuaigh mé go dtí ceolchoirmeacha Dylan sa 3 Arena i mBaile Átha Cliath. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach an raibh rud éigin draíochta fós ag baint leis an íocón seo. Má chuaigh, bhí díomá orm. Tháinig Dylan amach ar an stáitse lena bhanna ceoil agus, gan focal a rá leis an lucht féachana, thosaigh ag canadh de ghlór piachánach toll.

Cé gur chan sé roinnt dá sheanamhráin bhí siad athraithe chomh mór sin go raibh sé fíordheacair iad a aithint ar chor ar bith. Nuair a bhí deireadh leis an gceolchoirm, ainneoin ghártha molta an tslua, d’imigh Dylan leis ón stáitse go mímúinte gan focal buíochais a ghabháil.

Tá daoine ann fós a dhéanfaidh a mhór de Dylan agus a mhaithfidh dó cibé lochtanna atá air. Tuigim dóibh siúd sa mhéid gur éirigh glúin áirithe aníos leis an amhránaí agus go bhfuil cumha ag baint lena cheol – an chumha chéanna a bhaineann le ceol na mBeatles agus le ceol na 1960í i gcoitinne. Is íocón é ag glúin an bhabaíbhorrtha ar chaoi ach níor chóir go mbeadh sé saor ó cháineadh.

Leathchéad bliain ón am ar chuir cara liom in aithne mé do cheol Dylan, tá ceisteanna ann fós i dtaobh éacht an cheoltóra. Seans gurb é an scéal céanna é le Dylan agus le James Joyce: tá daoine ann a cháinfidh é as súil a dhúnadh ar na léitheoirí (nó i gcás Dylan a leantóirí) agus daoine eile a bheidh den tuairim go bhfuil de dhualgas ar na léitheoirí (nó na leantóirí) an ‘máistir’ a leanúint.

Is maith an scéalaí an aimsir.