‘Dualgas morálta’ an Rialtais agus ceist na teanga

Chruthaigh an Rialtas ‘atmaisféar doicheallach don Ghaeilge a thug deis do naimhde na teanga a thuilleadh creimthe a dhéanamh ar a gcuid dualgas’ ina leith


Tá alt an-chuimsitheach ag Breandán Delap, iriseoir, ar www.tuairisc.ie, a thugann léargas iontach ar mheon an Taoisigh, Enda Kenny, i leith na teanga: “Enda Kenny agus an Ghaeilge – ní hionann i gcónaí beatha teanga agus í a labhairt” (Déardaoin, 18ú Bealtaine).

Scríobhann Delap: “Seans maith gurb é Enda Kenny an Taoiseach ba mhó a labhair Gaeilge i mbun oifige ó aimsir de Valera anall. Seans maith fosta gur le linn a thréimhse i gceannas ar an tír a deineadh an dochar is mó don teanga ó bhunú an Stáit anall.”

Molann Delap an Taoiseach as Gaeilge a labhairt go rialta ar ócáidí polaitíochta sa bhaile agus thar lear – agus tá an ceart ag Delap. Mhothaigh mé féin go raibh rud inteacht, bhuel, thar a bheith rómánsúil go raibh an Ghaeilge le cluinstin ar ócáidí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Faraor, mar a scríobhann Delap, níl mórán eile le moladh i leith obair an Taoisigh ar son na Gaeilge: “Ach is beag ábhar maíte a bheas aige maidir leis an oidhreacht a fhágfaidh sé ó thaobh cur chun cinn na teanga de. Go deimhin is fada an lá ó bhí Taoiseach againn a bhí i gceannas ar rialtas a rinne oiread aimhleasa do chearta lucht labhartha na Gaeilge. Is faoina stiúir siúd a ceapadh Aire Stáit Gaeltachta gan Ghaeilge agus lena thréimhse oifige a chinn an chéad Choimisinéir Teanga, Séan Ó Cuirreáin, éirí as oifig, cheal tacaíocht ón Stát.

READ MORE

“Is faoina stiúir siúd fosta a tháinig deireadh le haon bhuntáiste a bheadh ag státseirbhísigh as an teanga a fhoghlaim, le toghadh bord daonlathach ar Údarás na Gaeltachta, leis na deontais Ghaeltachta a bhíodh á mbronnadh ar ábhar oidí agus le Scéim Labhairt na Gaeilge. Is faoi stiúir Enda Kenny freisin a tháinig deireadh leis an nósmhaireacht fhadbhunaithe go mbíodh tacaíocht traspháirtí i dtithe an Oireachtais do bhillí a bhí ar son na Gaeilge.

“Tharla sé seo de bharr go raibh páirtithe an fhreasúra ag éileamh go gcuirfí achtú Bhille na Gaeltachta siar chun go mbeadh deis acu leasuithe a dhéanamh air. Níor tharla aon díospóireacht ar an Bhille sa deireadh mar gur shiúil an freasúra amach as an Dáil mar chomhartha agóide. Céim mhór chun cúil don teanga é gur tháinig deireadh le polaitíocht na comhthola i dtithe an Oireachtais.”

Luann Delap fosta easpa dhul cinn na straitéise 20 bliain agus gur chruthaigh “an Rialtas seo atmaisféar doicheallach don Ghaeilge a thug deis do naimhde na teanga a thuilleadh creimthe a dhéanamh ar a gcuid dualgas i leith na Gaeilge”.

Mar bharr ar an donas: “Tharla sé seo ag am fíorchinniúnach don teanga. Maíodh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach mairfeadh an teanga mar phríomhtheanga an phobail níos mó ná scór bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath. Tá an leathchuid den tréimhse ama sin caite anois agus an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh marbh le hart. Caithfidh an té a bhí ar an stiúir le linn an ama seo a sciar féin den locht a ghlacadh as seo. Ar an rud is lú, níor mhór a rá go raibh sé neamhairdiúil ar a ghnó.”

Scríobhann Delap mar fhocal scoir: “I ndeireadh ama, is é an breithiúnas is measa a thabharfar ar pholasaithe Gaeilge an Taoisigh ná gur theip go tubaisteach air ina dhualgas morálta a chinntiú go mbeadh staid na teanga níos fearr agus é ag imeacht as oifig ná mar a bhí sí nuair a tháinig sé isteach.”

Morálta?! Dualgas morálta?! Anois sin focail nach mbíonn i mbéal an phobail minic go leor agus cúrsaí teanga agus eile faoi chaibidil.

Dualgas morálta!

Pléigh!