Draíocht na mbuataisí

Is i Sasana a tháinig borradh faoi shacar na mban i gcéaduair


Tá borradh ollmhór faoi chúrsaí spóirt in Éirinn i láthair na huaire, go háirithe i measc na gcailíní agus i measc na mban.

Léirigh sraith rí-spéisiúil Dhara Uí Sé ar TG4, GAA USA, ar na mallaibh ról lárnach na mban i bhfás agus i sealbhú na gcluichí CLG sna Stáit Aontaithe.

Tá Katie Taylor tar éis ardú céime a thabhairt do dhornálaithe ban na tíre seo agus chiallaigh éachtaí fhoireann rugbaí na mban go raibh laochra eile spóirt na mban aitheanta go forleathan freisin.

Ní hamháin sin ach thapaigh sárchúl Stephanie Roche an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag imreoirí sacair mná na tíre seo le tamall de bhlianta anuas.

READ MORE

Anuas air sin, chuir sé le próifíl na gcluichí céanna san Eoraip i gcoitinne. Roimhe seo, ba sna tíortha Lochlannacha ba láidre a bhí sacar na mban ar an taobh seo den domhan.

Tá stádas ard ag sacar na mban sna Stáit Aontaithe le 20 bliain anuas nó mar sin agus tá sé ag éirí níos coitianta san Áise na laethanta seo freisin, sa tSín agus sa tSeapáin ach go háirithe.

Tá an Corn Domhanda ar siúl faoi láthair i gCeanada agus de bhreis is 20 foireann san iomaíocht ann.

Is i Sasana a tháinig borradh faoi shacar na mban i gcéaduair; tiomsaíodh an chéad chluiche a bhfuil tuairiscí nuachtáin againn orthu i Márta na bliana 1895 mar ar imir dhá fhoireann – ceann ó thuaisceart Londan agus ceann ó dheisceart na cathrach – in aghaidh a chéile.

Níorbh iad imeachtaí an chluiche ba mhó spéis ag tuairisceoirí na linne áfach ach an éide a bhí á caitheamh ag na mná, is follas.

Bhí an méid seo le rá ag tuairisceoir ón Manchester Guardian: "Their costumes came in for a good deal of attention…one or two added short skirts over their knickerbockers…when the novelty has worn off, I do not think women's football will attract the crowds."

Bhí breall ar an té a scríobh an méid sin, mar is eol dúinn anois. Is é sacar an cluiche is coitianta agus an cluiche is mó a bhfuil gean na cosmhuintire air, fud fad na cruinne, agus maítear gur imir cúrsaí spóirt, sacar na mban san áireamh, ról lárnach i meath an chiníochais agus an aicmeachais ar fud an domhain, tíortha dála na hAfraice Theas agus na Brasaíle ina measc.

Díol suntais mar sin go mba chluiche don uasaicme nó don uas-mheánaicme é an sacar i dtús a ré sa Bhreatain. (Ba iad mairnéalaigh Shasanacha a thug an cluiche chun na Brasaíle i gcéaduair), cluiche a bhí áirithe leis na scoileanna poiblí mar Eton agus Harrow.

Chinntigh praghas ard na dticéad ag na cluichí sacair nach raibh sé de chumas ag an gcosmhuintir freastal ar na cluichí ag tús an chéid seo caite.

Ba nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach sa bhliain 1914 a tharla casadh ar an scéal sin agus thosaigh sacar ag éirí níos daonlathaí agus níos coitianta mar chluiche. Toisc na mílte fear a bheith imithe ag Fronta an Iarthair ag troid, thóg na mná a n-ionad siúd maidir le hobair monarchana agus obair feirme.

Thosaigh leathmhilliún bean ag plé le hobair chléireachais agus chuaigh 700,000 bean ag obair sna monarchana airm is innealtóireachta. Ag am lóin is ea a thosaíodar ag imirt sacair, mar fhaoiseamh agus mar phíosa spraoi ar dtús ach roimh i bhfad bhí foirne agus comórtais á n-eagrú acu ar bhonn áitiúil agus ar bhonn réigiúnach leis.

Ní haon chomhtharlú é gur i dtuaisceart Shasana agus sna ceantair déantúsaíochta thraidisiúnta a tháinig an borradh is mó faoi shacar na mban.

D’fhreastail 53,000 duine ar chluiche idir dhá fhoireann ban i gcathair Learphoill sa bhliain 1920; maítear go raibh na mílte daoine nár éirigh leo dul isteach ag an gcluiche céanna. Faraor bhí Cumann Sacair Shasana scanraithe roimh na mná agus cuireadh cosc orthu imirt ar na páirceanna céanna is a bhí ann do na fir.

Tharla meath dá dheasca sin ar shacar na mban sa Bhreatain go dtí an tréimhse tar éis Chogadh Domhanda II. Bhláthaigh sacar na mban arís ní hamháin sa Bhreatain ach sa Fhrainc agus san Iodáil chomh maith. Sna 1950í mheas Matt Busby go raibh Val Walsh, Gael-Sasanach as Preston, ar na himreoirí ab fhearr dá bhfaca sé riamh. Tá na Gael-Sasanaigh ar bharr a réime i gcónaí thall sa Bhreatain.

Coinnigh súil ghéar amach do Toni Duggan, Fran Kirby agus Karen Carney ar fhoireann Shasana sa Chorn Domhanda. Tá draíocht sna buataisí acu!