Dlí de réir briathair

Tugadh an Rialtas tús áite do chosaint na bpáistí


Tá an Cháisc ag teannadh linn agus páistí ag súil leis na huibheacha agus coiníní seacláide atá ar taispeáint i ngach uile shiopa.

Ba dheas an rud dá mbeadh féirín níos buaine ag an Rialtas dóibh, ceann atá geallta acu ó tháinig siad in oifig. Dúirt an Comhrialtas go mbeadh cúram, cosaint agus cearta páistí ina thosaíocht acu. Ach cé go raibh roinnt athraithe déanta ag an Aire Frances Fitzgerald, níl tasc fós ar an reachtaíocht atá ar an liosta le dhá bhliain a chuirfeadh bun éigeantach faoi na Treoirlínte i leith Tús Áite do Pháistí.

Sa bhliain 1999 a foilsíodh na treoirlínte seo den chéad uair. Cé gur chéim chun tosaigh é sin san am ba léir go raibh géarghá go gcuirfí reachtaíocht i bhfeidhm le bunús daingean dlíthiúil a thabhairt dóibh a chinnteodh tuairisciú éigeantach. Foilsíodh treoirlínte leasaithe i 2011 ag soláthar soiléire bhreise agus treoir d’eagraíochtaí agus daoine aonair chun cabhrú leo mí-úsáid páistí agus faillí a aithint agus cén chaoi le dul i ngleic leis. Leag sé síos prótacail d’oibrithe sóisialta, na Gardaí agus daoine eile chun cabhrú leo bainistiú ceart a dhéanamh i gcásanna mí-úsáide agus faillí.

Ar theacht chun oifige dóibh i 2011 dúirt an Rialtas go mbeadh páistí agus a gcosaint mar cheann dá bpríomhthosaíochtaí. Mar chruthúnas ar an ngeallúint sin, dúradar, bhunaíodar Aireacht Sinsireach agus Roinn speisialta a raibh cúram páistí agus na hóige uirthi.

READ MORE

Go dtí sin, aire stáit a bhíodh ag plé leis na gnóthaí seo ach le haire agus roinn iomlán anois ina bhun bhí dóchas ann go dtarlódh athruithe go pras.

Tá an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach bunaithe ó thús na bliana agus creidiúint ag dul don Aire faoin ngníomh sin. Ritheadh reifreann faoi chearta páistí agus cé gur éirigh leis an rún a bhí molta bhí an líon a chaith vóta an-íseal. An drochphoiblíocht a tharraing cás cúirte agus an t-aimhreas faoi chur chuige an Rialtais, nó ar a laghad an Aire, faoi ndear sin, síltear.

Dhá lá roimh an reifreann, rialaigh an Chúirt Uachtarach gur bhain an Rialtas mí-úsáid as airgead stáit san bhfeachtas poiblíochta ar líne agus sa leabhrán eolais. Bhain sin an loinnir d’iarrachtaí an Aire Fitzgerald agus ansin tugadh dúshlán an reifrinn.

Cé gur chaill an dúshlánaí an cás san Ard-Chúirt tá sé ó shin sa Chúirt Uachtarach. Fágann sin nach féidir reachtaíocht a eascraíonn ón reifreann a thabhairt chun tosaigh fós.

Níl aon leithscéal áfach faoin reachtaíocht i leith na dtreoirlínte atá geallta i ngach téarma Dála le fada agus é ar liosta na mBillí sa Dáil le dhá bhliain. Pléadh an reachtaíocht ag an gComhchoiste Dála cuí agus rinneadar moltaí i bhfad siar. Tá cinn an Bhille aontaithe ag an Rialtas ach fós níl tasc air.

Dhearbhaigh oifig an Aire don nuachtan seo Déardaoin go mbeadh sé “ag teacht os comhair an Rialtais sna seachtainí amach romhainn”.

An deacracht leis an ráiteas sin ná go bhfuil geallúintí cosúil leis déanta go minic cheana faoin mBille áirithe seo.

Ag labhairt dó leis an Irish Times ag an deireadh seachtaine dúirt urlabhraí Fhianna Fáil, Robert Troy: "Tá páistí á bhfágáil i mbaol mar gheall ar an easpa reachtaíochta agus caithfidh an Rialtas brú ar aghaidh anois leis an reachtaíocht.

“Caithfidh sí a bheith rite as seo go dtí an Samhradh ar a laghad. Gheall an Taoiseach, agus an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach á sheoladh, go bhfeicfeadh sinn an reachtaíocht gan mhoill ach cá bhfuil sí?”

Nuair a mheabhraíonn tú don Teachta Troy gurbh iad a pháirtí féin a bhí i gcumhacht go dtí 2011 deir sé: “Ach tá aire sinsireach anois ag plé leis na gnóthaí seo agus, le hacmhainn roinn iomlán ar a cúl, chaithfinn a cheistiú cén fáth nach bhfuil an reachtaíocht fós feicthe againn, an ceist airgid agus acmhainne amach anseo atá ag cur moille uirthi?”

Gan amhras, cosnóidh aon chóras foirfe airgead agus beidh gá le hacmhainn bhreise agus i gcásanna áirithe athoiliúint. Anois agus an Stát ag téarnamh más tosaíocht don Rialtas sábháilteacht páistí ba chóir dóibh díriú ar an gcaiteachas seo agus a chinntiú go mbeidh an Ghníomhaireacht Teaghlaigh agus áisíneachtaí eile a bhaineann le cosaint páistí in ann don obair atá rompu.

Ní shíleann éinne go mbeidh an obair sin éasca. Faraor, rud a chuireann leis na deacrachtaí sa lá atá inniu ann ná go dtarlaíonn a lán den mhí-úsáid i dtithe na bpáistí féin agus daoine muinteartha leo nó cairde teaghlaigh i gceist sa mhí-úsáid.

I bhfianaise na scannal ar fad, cuma an in institiúidí stáit, san Eaglais nó sa teaghlach a tharla siad, shílfeá gur leor sin chun rialtas ar bith a ghríosú.

Dar leis na treoirlínte tús áite “is é leas an linbh an rud is tábhachtaí thar aon ní eile”.

Má chreideann an Rialtas an méid sin, tá sé thar am acu beart a dhéanamh de réir na mbriathra sin.