Dhá dhráma ag Aisteoirí Bulfin le stáitsiú i mBaile Átha Cliath

Léireoidh Aisteoirí Bulfin dhá ghearrdhráma – Cruachás le Celia de Fréine agus Cúirt an Mheán Oíche, le Brian Merriman – ar Scoil Bhríde, Bóthar Oakley, Raghnallach, Déardaoin 23ú agus Dé hAoine 24ú Aibreán ag 8pm.

Léireofar Cruachás, dráma comhaimseartha atá bunaithe ar mhúnla Cúirt an Mheán Oíche, agus atá scríofa as an úr ag de Fréine, file agus scríbhneoir, ar dtús.

Ina dhiaidh sin a léireofar an leagan drámatúil den dán clúiteach le Brian Merriman, Cúirt an Mheán Oíche, atá curtha in oiriúint ag de Fréine don stáitse.

Tá breis eolais le fáil ar leathanach Facebook Aisteoirí Bulfin.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times