Dhá leabhar nua le scríbhneoirí ón Rinn seolta

Ábhar úr do léitheoirí óga


Maireann scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeltachta beo.

Sheol Cló Iar-Chonnacht dhá leabhar do dhaoine óga le scríbhneoirí ón Rinn ag Daonscoil na Mumhan ag an deireadh seachtaine.

Chuir comhlacht foilsitheoireachta Chonamara an t-úrscéilín LabhairAmach.com (€8) le hÁine Uí Fhoghlú agus Katfish agus Scéalta Eile le hÓgie Ó Céilleachair i láthair an phobail den chéad uair.

Seánra ar leith atá sa leabhar nua ag Uí Fhoghlú; gearr-úrscéal atá ann mar LabhairAmach.com.

READ MORE

Tugann an saothar léargas ar bhulaíocht an lae inniu i scoil dara leibhéal. Is cailín óg aonarach meánscoile í Ciara Ní Cholmáin atá céasta ag Sandra agus a cairde.

Díreach agus Ciara in umar na haimléise castar cara nua uirthi a thiocfaidh i gcabhair uirthi in am an ghátair.

Is údar, file agus múinteoir meánscoile í Áine Uí Fhoghlú as Gaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge. Seo an cúigiú saothar ficsin aici agus tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici fosta.

Is cnuasach gearrscéalta é Katfish agus Scéalta Eile (€8) le hÓgie Ó Céilleachair a phléann téamaí shaol an lae inniu, idir shean agus nua: grá agus gruaim, fás agus dreo, titim agus éirí.

Is as Gaeltacht na Rinne sna Déise do Ó Céilleachair agus is fada é i mbun pinn. Tugadh moladh mór dá chéad leabhar do dhéagóirí, Cúpla.

Múinteoir Gaeilge, staire agus drámaíochta i nGaelcholáiste Luimnigh é.