Deireadh leis an tsraith reatha de SIAMSAÍOCHT @ 6!

Beidh tráthnóna ceoil agus amhránaíochta ag Siamsaíocht@6!, Dé Máirt, 19ú Bealtaine, leis na hoirfidigh Danny Diamond (fidil), Eoin Ó Beaglaoich (consairtín) agus an amhránaí/cláirseoir, Mícheál Ó Catháin.

Is in O’Flaherty’s Bar san Old Storehouse, Barra an Teampaill, idir 6pm agus 8pm, a bheidh an cheolchoirm – an ceann deireanach sa tsraith reatha a eagraíonn Gael Linn.

Is mac é Danny Diamond leis na ceoltóirí aitheanta, Dermy Diamond agus Tara Bingham. Duine de bhunaitheoirí an ghrúpa Mórga agus tá cáil dhomhanda bainte amach aige mar fhidléir. De bhunadh Chill Dara é Mícheál Ó Catháin agus clú bainte amach aige mar dhuine den ghlúin nua a chasann cláirseach.

De chlann Uí Bheaglaoich é Eoin. D’fhoghlaim sé an chuid ba mhó dá cheol óna athair, an t-amhránaí agus boscadóir, Séamus Begley. Bhí an-tionchar ag leitheidí Noel Hill air nuair a thosaigh sé ag seinm ar an gconsairtín.

READ MORE

Tá líon beag ticéad fós ar fáil don ócáid, ar chostas €15 an ceann, agus beidh blaisíní bia san áireamh sa táille seo.

Beidh beár ar oscailt i rith an tráthnóna, agus beidh tae agus caifé ar fáil chomh maith. Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré ag 087-2547574 nó niamh@gael-linn.ie.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times