Deireadh le léann an eolais

Is é seo an t-athrú is barbartha agus is aineolaí san oideachas ó 1922

Ceann de na cuimhní is faide siar i gcloigeann gach aon duine is ea na múinteoirí a bhí aige.

Bhímis ag faire cén dreach a bhí ar an neach a shiúladh an doras isteach ag deireadh na bliana bunscoile, nó tús an cheachta mheánscoile.

Bhí na móimintí tosaigh sin nach mór chomh tábhachtach leis an bhfear a raibh an mhéar aige ar an gcnaipe úd a scriosfadh an saol.

Dá mba bhastard cruthanta é bhí a fhios agat tar éis na trialach obainne a chuirimis air; agus dá mba bhogachán breá pléisiúrtha é bhí a fhios againn go ndéanfaimis alpadh air.

READ MORE

Ach níor cheapamar riamh nár shaineolaithe iad ar churaclam na bunscoile, nó ar ábhair na meánscoile ar a rabhamar ag brath.

I gcás na meánscoile níor thuigeamar riamh nach raibh siad ach cúpla bliain chun tosaigh orainn; agus i gcás na bunscoile shíleamar go raibh níos mó eolais acu ná a d’fhéadfadh a bheith i nead chúng aon chloiginn bhig amháin.

Chaith mé féin blianta fada ag iarraidh oiliúint a chur ar oidí arb ionann é agus a bheith ag iarraidh múineadh a chur ar mhúinteoirí, nó daltaíocht a chur ar dhaltaí.

Pé olc maith a bhí sa chóras níorbh é neamhchumas na múinteoirí líne dhíreach a dhéanamh sa chlós nó ord na gcóipleabhar a bhailiú sa rang na laigí ba mhó a d’fhionn mise mar neach oiliúna mhúinteoirí.

Laigí

B’í laige ba mhó a bhí riamh ar mhúinteoirí thuas, theas, bun, meán, idir agus eatarthu, ná easpa eolais, díth foghlama.

Chonaic mé ábhair mhúinteoirí ag teagasc ar fud na tíre agus cé go raibh a bhformhór ar fheabhas thar amhras anonn, chonaic nó chuala mé: an tSionainn ag dul chun farraige i gCuan Modh, Brú na Bóinne á thogáil san 17ú haois, Willie McBride a bheith á mharú le linn Éirí Amach na Cásca, an ghrian a bheith ina phláinéad os ár gcionn, Napoleon ag cabhrú le Brian Bóroimhe, úlla neamhdhearga ina nglasraí, Indiaigh rua a bheith ag troid in aghaidh na Sasanach in Mumbai, Íosa Críost san Astráil, piongain ar an Mol Thuaidh, Magna Carta a bheith pósta leis an rí, Dolphin mar ainm ar mhac rí na Fraince…

Ní le magadh atáim.

Agus ansin bhí an t-ábhar múinteora in iarthar Mhaigh Eo (cá háit eile?) a rinne ceacht ar an asal.

Ba dhóigh leat seo a bheith lánoiriúnach. B’é a bhí ullamh chuige.

Bhí dán aige agus amhrán (Ceol arsa an t-asal is é istigh sa ghort), agus cairt phictiúrtha, agus líníocht ar an gclár dubh, agus fistéip den tsaghas ba nua ar fad ag an am, agus scéal ar Neidín mar b'asal é.

Ach i rith an ama, bhí asal breá suaimhneach ag cogan an fhéir lasmuigh den fhuinneoig, agus níor smaoinigh sé riamh ar thagairt a dhéanamh dó!

Ní fhaca mé riamh im bheatha shaoil botúin mhóra modheolaíochta, óir is féidir le hunsa eolais an bua a bhreith ar thonna ciotrúntachta chur i láthair.

Modheolaíocht

Is í is modheolaíocht ann, creideamh lag an ghamail nach bhfuil faic le teagasc aige.

Is í is modheolaíocht ann, tearmann an mhúinteora nár fhoghlaim tada ó d’fhág sí an bhunscoil.

Is í is modheolaíocht ann, plean an reathaí nach bhfuil luas ar bith faoi.

Is í is modheolaíocht ann, ceol na bodhaire i láthair siansaíocht aoibhinn an tsaoil.

Is í is modheolaíocht ann, deireadh le hocras an oideachais.

Is í is modheolaíocht ann, an dó-dó nár éirigh leis eitilt.

Is í is modheolaíocht ann poll folaigh deireanach an aineolaigh.

Is í is modheolaíocht ann, bia machnaimh an duine nach léifidh dán nó scéal arís go deo.

Is é uafás agus tubaist an tsaoil ná go bhfuil deireadh le hoiliúint mhúinteoirí mar dhaoine a mbeidh oideachas orthu.

Shocraigh An Chomhairle Mhúinteoireachta cúpla bliain ó shin gur gréasaíocht agus tincléireacht seachas ealaín a bheadh sa mhúinteoireacht feasta; d’aontaigh an Roinn Tadaideachais a ghéill don ghaoth a shéid chucu, mar conas ab fhéidir seasamh in aghaidh na sifíní anoir agus aniar ceal creidimh dá gcuid féin?

De dhroim oíche chuir siad deireadh le léann an eolais sna coláistí móra oideachais a oileann formhór mór na múinteoirí.

Mo náire iad na daoine a mhol an dul ar gcúl tubaisteach seo!

Litríocht, dánta, scéalta, amhráin, ceol, ealaín, teangacha, stair, geograif…iad scuabtha an doras amach don bhanc dramhaíl in oiliúint mhúinteoirí as seo suas.

Mo náire ar ghlac leis! Beidh na modhanna gan cháim ach ní bheidh faic le teagasc.

Beidh níos mó ar eolas ag an ngnáthdhalta bunscoile a chaitheann tamall ar an ríomhaire nó ar an iPad ná an múinteoir folamh féin.

Is é seo an t-athrú is barbartha agus is aineolaí dar tharla san oideachas ó 1922, agus is cuma le cách.

Mo náire sibh mar Chomhairle Mhúinteoireachta, mar Roinn, mar choláistí, agus mar INTO!