Deifir ar an Rialtas; moill ar an fhreasúra

Conradh na Gaeilge ag iarraidh plé stuama ar reachtaíocht


Tá sé molta ag Conradh na Gaeilge agus iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach bhfoilseofaí an reachtaíocht a bhaineann le leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí go bhfillfeadh an Dáil ó bhriseadh an tsamhraidh.

Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacha le fios do Bileog inné go rabhthas “ag súil” go bhfoilseofaí Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 roimh bhriseadh an tsamhraidh ar 17ú Iúil.

Cuireadh cinnteidil an Bhille faoi bhráid Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo caite agus tá tuarascáil le réiteach ag an gcoiste bunaithe ar an bplé a deineadh ar an dréachtreachtaíocht.

Tá foilsiú an Bhille ar “liosta A” de Chlár Reachtaíochta an Rialtais don seisiún Dála seo. Mar sin féin, tá amhras caite ar an sprioc sin ag iar-Aire na Gaeltachta, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF).

READ MORE

Ar 25ú Meitheamh atá an chéad chruinniú eile den Chomhchoiste Gaeilge agus ní fheictear d’Éamon Ó Cuív go mbeidh tuarascáil an choiste réitithe in am: “Beidh tamall maith ann sara mbeidh na moltaí curtha le chéile agus dréacht den tuarascáil réitithe le haontú, agus muna léimfidh siad ar aghaidh gan moltaí an choiste a thógáil san áireamh ní fheicim cén chaoi gur féidir é a fhoilsiú roimh 17ú Iúil.

“Caithfidh siad ómós a thaispeáint don choiste agus b’fhearr faoin dtráth seo fanacht go dtí an fómhar le go mbeadh plé cuimsitheach ann seachas bheith ag dul ar aghaidh ag foilsiú Bille lochtach.” Am a chaitheamh Dúirt Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, “gur cheart am a chaitheamh ar na leasuithe atá molta a phlé agus an samhradh a úsáid más gá.

“Sílim go bhfuil ceacht foghlamtha agus nach ‘guillotine’ eile a bheidh ann cosúil le dhá bhliain ó shin. Céim chun tosaigh a bhí ann na ceannteidil a chur faoi bhráid an choiste, rud nár tharla roimhe seo.

“Caithfear an t-am ceart a thabhairt don bpróiseas, ach beidh le feiceáil an dtógfaidh siad na moltaí a dhéanfaidh an coiste ar bord”.

Ní mó ná sásta a bhí Conradh na Gaeilge ná polaiteoirí an fhreasúra leis an tslí ar brúdh Bille na Gaeltachta 2012 tríd an Oireachtas roimh bhriseadh an tsamhraidh dhá bhliain ó shin.

Nuair a bhí an Bille úd á phlé sa Dáil shiúil a raibh de Theachtaí Dála ar bhinsí an fhreasúra amach as seomra na Dála toisc nár glacadh le hoiread is ceann amháin de os cionn 150 leasú a bhí molta acu.

Tá “lá stocaireachta” á reachtáil inniu ag Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells ar Shráid Chill Dara agus cuireadh tugtha acu do gach polaiteoir san Oireachtas a bheith i láthair chun an reachtaíocht teanga nua a phlé.

Tá an Conradh ag iarraidh go mbeadh forálacha sa reachtaíocht a chinnteodh go mbeadh gach seirbhís stáit ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta faoi 2016 agus go mbeadh Gaeilge, ag ar a laghad, 30 faoin gcéad d’fhostaithe nua na státseirbhíse.

Pléifear leis na polaiteoirí chomh maith an gá le “cothrom na Féinne don Ghaeilge” sa chéad cháinaisnéis eile.

SEÁN TADHG Ó GAIRBHÍ