‘Díospóireacht náisiúnta’ de dhíth faoi fhoghlaim na Gaeilge – Joe McHugh

Aire Stáit ar chúrsa Gaeltachta


Tá an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., ag iarraidh ar an phobal bheith ina chuideachta agus é ag tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim as an nua.

Tá sé ar chúrsa teanga an tseachtain seo i nDún na nGall ach d’eisigh sé ráiteas Dé hAoine ag cur cuiridh ar dhaoine bealach an léinn a shiúl leis.

Ba mhaith leis go mbeadh díospóireacht ann faoin tábhacht atá leis an Ghaeilge agus an bealach ceart le húsáid na Gaeilge a mhéadú.

Bhí sé dóchasach go ngríosódh a chuid iarrachtaí daoine “leis an teanga a labhairt. Tá mé diongbháilte feabhas a chur ar mo chuid scileanna Gaeilge féin. Tá sé ar intinn agam daoine a choinneáil ar an eolas i ndáil leis an dul chun cinn atá á dhéanamh agam agus cuirfidh mé amach tvuíteanna le frásaí úsáideacha a thig le daoine a úsáid sa ghnáthshaol.

READ MORE

“Tá súil agam go dtacóidh muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta liom agus mé ag tabhairt faoin aistear foghlama seo sa dóigh is go bhféadfaidh muid oibriú le chéile le húsáid laethúil na teanga a mhéadú ar fud na tíre, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge”.

Dúirt McHugh gur cáineadh é as a easpa cumais sa Ghaeilge; thuig sé “an imní seo go maith agus tá mé ag tabhairt faoin scéal a chur ina cheart agus feabhas a chur ar mo chuid inniúlachta.

“Ba mhaith liom pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar a suaimhneas i ndáil leis seo ós rud é go bhfuil mé tiomanta go hiomlán d’ionadaíocht a dhéanamh ar a gcuid leasa.

“Léiríonn mó chás-sa an saol mar atá sé do go leor de mhuintir na tíre seo – duine a bhfuil grá aige don teanga ach nár bhain úsáid as na scileanna a d’fhoghlaim sé ar scoil lasmuigh den seomra ranga”.

Dúirt sé go raibh rún aige úsáid a bhaint as a stádas mar Aire Stáit na Gaeltachta “leis an phobal a spreagadh chun an teanga a “athfhoghlaim” in éineacht liom, an méid Gaeilge atá acu cheana féin a úsáid agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna chomh maith.

“Ar an dóigh seo, thig linn iarracht a dhéanamh an teanga a ghlacadh isteach inár ngnáthshaol, is é sin, go mbeidh sí fite fuaite inár saol laethúil”.

Ba é a thuairim féin go raibh go leor daoine óga agus aosta a bhí fonnmhar leis an teanga a úsáid agus ba mhian leis iad a spreagadh.

“Beatha teanga í a labhairt,” a dúirt sé agus bhí dóchas aige go bhfaigheadh sé “tacaíocht ón phobal leis an tionscnamh seo”.

PÓL Ó MUIRÍ