Dónall an Trumpa

B’fhearr glacadh saghas dáiríre leis, ar feadh tamaill


Ar a laghad, agus bímis buíoch, ní hé Dónall na Gréine ná Dónall na Gealaí é, ná Dónall dubh féin.

Tharlódh go mbeadh ina chéad uachtarán eile ar an domhan é, áfach, agus lánchead aige trúpaí an trumpa a scaipeadh cibé áit a thoileodh sé.

B’fhearr glacadh saghas dáiríre leis, ar feadh tamaill, nó go deireadh an tsaoil.

B’fhéidir gur Trumpa na Cille é, cá bhfios?

READ MORE

Is mó rud buile adúirt sé feadh a ré go dtí seo, agus tá lán chomh maith a bheith ag súil lena thuilleadh. Ach dúirt sé rud amháin ciallmhar le déanaí ar fiú é a phiocadh amach as lár an bhladair ar nós mar a phiocfá sméar as an subh.

Is é adúirt sé dá dtoghfaí mar uachtarán é ar Impireacht an Domhain go mbeadh sásta dul chun cainte le Some Young Wan na Cóiré ó Thuaidh. Ós ní é go sáirsingítear orainn arís agus arís agus arís eile fós, agus arís ina dhiaidh sin gur fearr cogar mogar ná cogadh cogadh ní léir go bhféadfadh rud ar bith a bheith bunoscionn lena mholadh. Dá mbeadh daingean againn air, d’fhéadfadh go dtiocfadh leas as.

Tar éis an tsaoil seo, tá le chéile acu go raibh clúmh le hadhairt riamh acu. Bíodh na billiúin thar áireamh ag Dónall an Trumpa, ní féidir go bhfuil Some Young Wan gann ar na trilliúin won ach an oiread. Fuair lán na beirte acu airgead le hoidhreacht, agus ní bheadh siad sásta a leithéid a scaoileadh uathu go baoth do shéamas an phréacháin ná do shum dum foc ar bith.

Ach thar rud ar bith eile, b’fhéidir an-allagar a bheith acu timpeall ar stíleanna gruaige atá inaitheanta, ach gan a bheith ar chách – fós.

Má tá mearbhall ar dhaoine maidir le cad é atá ina cheann ag an Trumpadóir, is mearbhall seacht mó é cad tá lastuas dá cheann aige. An éan é, an eitleán, an cá bhfios é?

Is mó is cosúil é le Francach a chodail amuigh, le séideán sifíní sa ghaoith, le líontán a cheapfadh cuileoga, le cailemhineog na sí, le heireaball bhroic leochailigh, le smaoineamh nár smaoiníodh riamh, le caindíflas ar déanadh dearmad air, le taibhreamh an taibhse, lenar fágadh den choca féir, le glámáil dhéanach an lán taca, le broim an scamaill, le blúirí bharr na sráide, le paidir úd an chapaill, le filimí failimí, le mogallra na mionsnáithíní, le giorria nár ghluais riamh, le heangach nach raibh aon dul tríthi, le fallaing nach bhfulaingeodh f…

Ní cheapfadh aon duine gur eiseamláir agus gur sás stile é Some Young Wan, ach tá an fhianaise amuigh ansin ag stánadh orainn.

Ní bheadh fear na Cóiré ó Thuaidh molta dá bhfanfadh Dónall agus a thrumpa ina dtost, ach is é nár fhan fuíoll gach beannachta air le tamall, go háirithe sa tslí inar chuir sé as dá naimhde polaitiúla – ‘He’s the boss, he’s incredible,’ a mhaígh sé, ag cur na mbréag orainn gurb é Bruce Springsteen an Boss.

Seo de thoradh, nó de dheasca, nó de bharr (ag brath ar do chuid claonta féin) gur chiúnaigh sé a uncail féin agus nár chualathas gíocs as níos mó.

Dá mhéid é cumhacht Dhónaill, áfach, ní móide go bhféadfadh aon bhreith a bheith aige ar an réabhlóid a chuir Some Young Wan ag gluaiseacht ar fud an domhain. Réabhlóid sa chloigeann, go háirithe. Nó i mbarr an chloiginn, ar son a bheith níos cruinne.

Bhí tráth ann nuair a bhíodh gruaig na bhfear go deas bearrtha má bhí teacht ar dheimheas acu.

Ansin tháinig faisean an fhoilt fhada ar shála na mBeatles agus chuirtí buachaillí abhaile ón scoil nuair a théadh ribe fhánach ar seachrán faoi bhun maothán na cluaise.

Ba mhóide fós an fhearg dá míneofaí do na múinteoirí go raibh gruaig fhada mar sin go díreach ag na fáithe sa Teagasc Críostaí, gan trácht ag na haspail féin.

Ach d’imigh sin, agus tháinig seo: an cloigeann a bhearradh mar a lomfaí caora timpeall ar fad, agus mothall mór a fhágaint ina shuí lastuas ar nós cirín coiligh.

Tá go rábach i measc imreoirí sacair a bhfuil oiread airgid acu le Dónall féin nach mór: féach leat Sergio Ramos nó Philippe Coutinho, nó Cristiano Ronaldo féin nuair nach bhfuil tú ag déanamh iontais dá chuid cos.

Tá caolaithe isteach sa pheil Ghaelach fiú, Eoin Cadogan Chorcaí, agus iarracht de ag Michael Darragh MacAuley BhÁC, agus mórán eile nach gcloisfear fúthu an chuid eile den bhliain.

Is cuma nó Binn Ghulbain féin í mar stíl gruaige, fág Yeats as an áireamh.

Ach cé a thosnaigh seo?

Níl aon amhras ormsa ná gurb é Some Young Wan na Cóiré ó Thuaidh is ciontach, go fiú is má chuireann Dónall an Trumpa deireadh léi mar stíl sula gcuireann sé deireadh linn go léir.