Cuótaí cineáil

Breathnaítear ar an Dáil mar Chlub Fireann agus is é an léargas sin a chaithfear a athrú


Cuairteoirí Albanacha sa teach ag an deireadh seachtaine.

Bhí a lán díospóireachta agus fonóide faoi luascadh na nAlbanach a vótáil in aghaidh neamhspleáchais roinnt míonna ó shin ach a chuaigh amach coicís ó shin agus a thogh 56 feisire de chuid an Pháirtí Náisiúnta a bhí i bhfabhar an neamhspleáchais.

Bhí míniú acu dom.

Alex Salmond ba chúis leis an gclis dar leo, ní fhéadfadh sé freagraí sásúla a thabhairt ar cheist na heacnamaíochta agus dá bharr sin ní raibh muinín acu as.

READ MORE

“Dá mbeadh Nicola Sturgeon ina ceannaire ina ionad san am bheadh Albain neamhspleách inniu,” a dúirt duine acu a vótáil in aghaidh neamhspleáchais.

Tuige sin a d’iarras?

“Creideann daoine inti, tá muinín acu aisti. Is bean í agus tá trédhearcacht ag dul le mná sa pholaitíocht, bíonn mná níos inchreidte agus níos stuama,” arsa mo dhuine muinteartha liom.

Nár mhaith le Hilary Clinton an chaint sin?

Bhí sé bródúil freisin as líon na mban a toghadh, 21 as an 56 feisire nó 37.5 faoin gcéad, ina measc mná de gach uile aois agus chúlra.

Céard faoi mhná sa pholaitíocht in Éirinn, a fiafraíodh?

Thosaigh mé ag maíomh gurbh í seo an chéad tír a thogh bean mar Theachta i 1918 agus gur mhná beirt de na ceannairí páirtí.

Bhí orm a admháil, áfach, cé go raibh níos mó ban sa Dáil ná mar a bhí ariamh cheana, fós féin ní raibh i gceist ach 26 Teachta nó 16 faoin gcéad ar fad.

Spreag sin díospóireacht faoi chuótaí cineáil.

Cé gur mhol Nicola Sturgeon dá cuid ball a chinntiú go mbeadh mná ag seasamh, ní polasaí de chuid an SNP é na cuótaí cineáil do thoghcháin cé go n-aontaíonn siad leis i dtaca le hainmiúcháin ar bhoird phoiblí.

Is polasaí anseo é ó mhí Iúil 2012.

Tá gach uile pháirtí ar a mhíle dícheall ag iarraidh na coinníollacha a ghabhann leis an reachtaíocht a chomhlíonadh óir munar mná iad 30 faoin gcéad dá chuid iarrthóirí gearrfar an maoiniú Stáit don pháirtí.

Trioblóid

Cheana féin, is léir go bhfuil sé ag tarraingt trioblóide sna páirtithe.

Roinnt seachtainí ó shin níor éirigh leis an Aire Richard Bruton, atá sa Dail ó 1982, ainmniúchán a fháil ag an gcoinbhinisún ina thoghlach féin.

Ní raibh na baill sásta is cosúil leis an ordú ón gceanncheathrú nárbh fhéidir ach beirt iarrthóirí a roghnú, fear agus bean.

Roghnaíodar an bhean, Stephanie Regan, mar a hordaíodh dóibh ach níorbh é an tAire an fear a roghnaíodar.

Ba é Naoise Ó Muirí a bhí ag teastáil ó na baill is léir agus dúradar go raibh a fhios acu go gcuirfeadh an ceanncheathrú ainm Richard Bruton ar an mballóid chomh maith, rud a tharla.

Thar teorainn

I dtoghlach an Taoisigh b’éigean do dhuine dá Theachtaí – John O’ Mahony – dul thar teorainn go Gaillimh Thiar. Bhain an cinneadh seo le cúrsaí cineáil freisin.

Ní bheidh i dtoghlach Mhaigh Eo an chéad iarraidh eile ach ceithre shuíochán.

Le ceathrar Teachta ag Fine Gael sa toghlach bhí ar dhuine éigin bogadh.

Cé go raibh sinsireacht ag O’Mahony ar Michelle Mulhern agus a lán den tuairim gur mó seans go gcoinneodh sé an suíochán, toisc an chuóta, is í Mulhern a bheidh le seasamh arís sa toghlach.

Is cosúil go bhfuil Sinn Fein i Maigh Eo sa chás céanna, Rose Conway Walsh atá ainmnithe, cé gur fearr an seans a bheadh ag Gerry Murray – go háirithe anois agus O’Mahony imithe as oirthear an chontae.

Beidh an patrún seo le feiceáil arís agus arís eile sna míonna amach romhain.

Leanfaidh an argóint faoi idirdhealú dearfach agus cé acu a dhéanfaidh polasaí i leith cuótaí aon leas do mhná nó an masla é do na mná ar éirí leo sa pholaitíocht go dtí seo.

Gan amhras ba mhaith le mná níos mó dá gcineál féin a fheiceáil sa Dáil ach níl siad uilig ar aon fhocal faoi sin a bhaint amach trí chuótaí.

Is minice a chuala mé mná ag caitheamh anuas air mar pholasaí ná fir.

Den chuid is mó, ba mhaith le mná a mbealach féin a dhéanamh sa pholaitíocht.

Gan cheist, tá gá le tuilleadh ban sa pholaitíocht le hionadaíocht chóir a chur ar fáil don 50 faoin gcéad den daonra ar mná iad.

Fírinne an scéil ná go mbreathnaítear ar an Dáil mar Chlub Fireann agus is é an léargas sin a chaithfear a athrú trí dheiseanna a thabhairt do na mná atá ansin cheana féin.

Anuas air sin, tá daoine amhrasach go n-ainmneofar ban-iarrthóirí nach mbeidh iontu, ina lán cásanna, ach iarracht bhréige chun an reachtaíocht a shásamh.

Beidh an chéad olltoghchán eile ina theist air sin.