Cuireann Hannah Montana aithne ar Jane Chonamara

Scannán ar dóigh le taispeáint i nGaillimh


Is iad na rudaí beaga a fhaigheann greim ar do shamhlaíocht in amanna.

Scannán beag dátheangach 20 nóiméad atá ann mar Adulting, saothar comhstiúrtha ag Linda Bhreathnach agus Justin Davey.

Ní raibh mé ag súil leis, déanta na fírinne.

Scannán faoi Jane atá ann, beag óg a thagann abhaile go Conamara i ndiaidh di seal a chaitheamh thar sáile. Tá a croí briste; tá sí in ísle brí dá réir sin agus baineann sí le glúin éadomhain caointeach an fhéinín.

READ MORE

Mar a dúirt mé, ní raibh mé ag súil leis agus murach gur chuir cara ar an eolas faoin saothar mé, ní rachainn faoi scairt asail de.

Cad é an chúis leis an drogall?

Níl a fhios agam. B’fhéidir barraíocht drámaí laga a fheiceáil ar TG4 agus barraíocht aisteoirí ag cogaint teanga nach dtuigeann siad. Cá bhfios?

Ach is iriseoir gairmiúil mé agus tugann an ‘gairmiúil’ sin ort rudaí a dhéanamh nár mhaith leat a dhéanamh.

Shuigh mé síos, d’amharc mé air, bhain mé sult as agus d’amharc mé air faoi dhó. Tá mé ag smaointeamh air ó shin.

Thaitin Adulting go mór liom. Is fíor nach bhfuil ann ach 20 nóiméad ach 20 nóiméad lán samhlaíochta, lán grinn, lán machnaimh atá ann.

Tá an script ar dóigh agus sin an chéad rud atá le rá faoi – tig le Linda Bhreathnach scríobh. Nó le béarlagair chomhaimseartha na teanga a úsáid, tig le Linda Bhreathnach like, really scríobh.

Is é an t-iontas é go n-éiríonn léi an oiread sin drámaíochta a bhaint as a laghad sin focal agus a laghad sin ama.

Baineannn an chéad radharc gáire asat. Jane ag caint le seanbhean ag stad an bhusa, í ag caint léi mar a labharfadh othar lena shíceolaí féin. Béarla ar fad, Béarla an déagóra i gCalifornia, olagán an chroí ghonta mhí-aibí ach tagann na focail as béal duine fásta.

Chomh nádúrtha agus atá an radharc, chomh hÉireannach agus atá sé. Éisteann an tseanbhean le foighid agus urraim a glúine agus sin romhat beirt aisteoirí bhreátha ag cur an oiread sin in iúl leis an laghad sin focal.

Níl sa mhír sin amháin a tharlaíonn a leithéid.

Tá sult le fáil agus Jane sa teach tábhairne le buachaill, í lena cairde agus, agus mír as measc míreanna iontacha uilig, í ar an phortach, an Ghaeilge in uachtar anseo, trí ghlúin de lucht na teanga agus tuigse ag teacht chuici gur seo an áit is dual di a bheith sona.

Tá plúr na n-aisteoirí agus plúr na haisteoireachta ar fad in Adulting. Níl ag an chuid is mó acu ach nóiméad nó dhó ar an scáileán ach cuireann tú aithne orthu láithreach gan ach an mhír is lú féin i gceist.

I mBéarla, don chuid is mó, atá an chaint agus ní Gaeilge chruinn ghlan na leabhar scoile atá le fáil ar chor bith. Gaeilge éasca neamhfhoirmiúil atá anseo, Béarla gan bhrí Mheiriceá ina sheasamh taobh thiar di agus míreanna corraitheacha ceoil tríd síos.

Agus focal molta agus an focail scoir d’obair an cheamara le Justin Davey.

Tá mé tuartha de radharcanna ar iarthar na hÉireann faoin am seo.

Tá mé bréan den chaora ar an sliabh agus an balla cloiche. Bréan! Bréan! Bréan!

Nó bhí. Thug lámh Justin Davey ar an cheamara, thug sé orm amharc as an úr agus chonaic mé an t-iontas a chonaic seisean sa tírdhreach.

Tá draíocht sa scannán seo – draíocht sna focail agus draíocht sna pictiúir. Dán de scannán atá ann. Má bhíonn tú i nGaillimh Déardaoin (7ú Iúil) – má bhíonn tú faoi 50 míle de Ghaillimh Déardaoin – buail isteach go hAmharclann na Cathrach ag 12.30pm. Beidh Adulting ar siúl. Ní dóigh liom go mbeidh aithreachas ort.

Tagann Hannah Montana abhaile agus ní fada go mbíonn tú i láthair Jane Chonamara.