Conradh na Gaeilge ag amharc chun cinn ar thoghcháin

Bhí ardfheis Chonradh na Gaeilge i Ros Cré, Co Thiobraid Árann, ag an deireadh seachtaine.

Ba é “Athnuachan: Deonachas, Dualgas agus Eagraíocht” téama na bliana seo. Dúirt uachtarán an chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill gurbh iad “na daoine atá i mbun na hoibre deonaí seo an acmhainn is luachmhaire agus is tábhachtaí atá againn mar phobal Gaeilge.

“Tá dualgas láidir ar Chonradh na Gaeilge aitheantas, tacaíocht agus guth a thabhairt do na daoine seo. Is iad na daoine is fearr a thuigeann mianta phobal na Gaeilge ná pobal na Gaeilge iad féin”.

Glacadh le roinnt rún le linn an deireadh seachtaine, ina measc gur chóir don Rialtas gan leanstan leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach agus go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist san Aontas.

READ MORE

Thacaigh lucht an chonartha fosta leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge sa Tuaisceart. Mhol siad don Aire Carál Ní Chuilín (SF) i dTionól Thuaisceart Éireann an Straitéis don Ghaeilge 2015-35 a fhoilsiú agus a chinntiú go mbeadh go leor acmhainní ar fáil le í a chur i bhfeidhm. Ba chóir don Rialtas i mBaile Átha Cliath Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú fosta, a dúirt siad.

D’iarr siad ar an Taoiseach, Enda Kenny, déanamh cinnte de go mbeadh go leor airgid ar fáil ag Údarás na Gaeltachta le go mbeadh pobal na Gaeltachta in ann pleananna teanga a fhorbairt agus iad a chur i gcrích ina ndúichí féin.

Dúirt ardrúnaí na heagraíochta, Julian de Spáinn, go raibh “an t-am ann díriú ar na tosaíochtaí atá againn mar eagraíocht agus tá an t-am ann ag an Rialtas tacú leis na héilimh atá ag teacht ón phobal, an stádas ceart a thabhairt don teanga agus na hacmhainní cearta a chur ar fáil chun an pobal a chumasú leis an obair seo a chur i gcrích”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times