Conradh d’Iris Stíl Mhaireachtála Ar Líne

Foilseachán Feirste

Is é an comhlacht Rua Media a bhain an conradh chun Iris Stíl Mhaireachtála Ar Líne lán-Ghaeilge a chur ar fáil, a d'fhógair Foras na Gaeilge inniu. Tá Rua Media lonnaithe i mBéal Feirste agus is iad a fhoilseann an iris NÓS. Is é an craoltóir Tomaí Ó Conghaile a bheidh ina eagarthóir ar an iris nua agus tá sí le bheith dírithe ar ábhair chomhaimseartha agus ar chúrsaí ginearálta. Conradh trí bliana €206,400 a bheidh ar fáil leis an iris a chur ar líne uair sa mhí agus saor ó tháille. Tá an chéad eagrán le bheith i gcló faoi dheireadh an Fhómhair, a thug an foras le fios.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times