Comóradh an Chanónaigh – laoch liteartha a ligeadh i ndearmad

Tá 100 bliain ann ó fuair an Canónach Pádraig Ó Síocháin bás. Cé gur rugadh i Mala, Co. Chorcaí, é, tugtar “Canon Sheehan of Doneraile” de ghnáth air mar scríobh sé na húrscéalta a thuill clú agus cáil dó nuair a bhí sé ina shagart paróiste i nDún ar Aill. Bhí sé gníomhach i gcúrsaí sóisialta agus polaitiúla a linne ach is mar úrscéalaí a chuimhnítear air inniu.

Nuair a bhí sé ag éirí aníos bhí na Fíníní á n-eagrú féin agus fir ag druileáil faoi rún sna coillte thart timpeall ar Mhala. Is léir go ndeachaigh an tréimhse seo dá shaol i bhfeidhm go mór air mar is minic a scríobh sé faoi, go mórmhór sa leabhar a chríochnaigh sé go luath roimh a bhás, The Graves of Kilmorna.

Is léir freisin go raibh meas mór aige ar Fhíníní a óige. Scríobh sé fúthu mar “strong silent men into whose character some stern and terrible energy seemed to have been infused”. Bhí an grá a bhí acu dá dtír ródhoimhin agus róláidir chun cur síos a dhéanamh air i bhfocail, a chreid sé.

D’éag a thuismitheoirí beirt taobh istigh de bhliain nuair nach raibh sé ach 12 bliain d’aois agus bhí sagart paróiste Mhala ina choimirceoir air féin, a dheartháir agus a bheirt deirfiúracha.

READ MORE

D’fhreastail sé ar mheánscoil i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí agus chuaigh sé go Má Nuad ansin. Cé gur chaill sé bliain staidéir ansin mar gheall ar dhrochshláinte, d’éirigh leis a chúrsa a chríochnú bliain roimh a bheith aosta go leor chun oirniú.

Rinneadh sagart de in Aibreán 1875. Tar éis dhá bhliain a chaitheamh i Sasana, d’fhill sé ar Éirinn mar churáideach i Mala agus ansin i gCóbh. Tar éis sos eile bliana a thógáil mar gheall ar dhrochshláinte, d’fhill sé ar Mhala mar shagart sinsearach in 1890 agus ba ansin a thosaigh sé ag scríobh mar gur thuig sé an chumhacht a d’fhéadfadh bheith ag an bpeann chun teachtaireacht na Críostaíochta a scaipeadh.

Aistí, gearrscéalta agus dánta a scríobh sé ar dtús agus chríochanigh sé a chéad úrscéal – Geoffrey Austin Student – in 1895, an bhliain a cuireadh go Dún ar Aill mar shagart paróiste é.

Paróiste mór faoin tuath ab ea Dún ar Aill. Ag an am seo bhí na tionóntaí ag ceannach a bhfeirmeacha ó na tiarnaí talún faoi na hachtanna chun talamh a cheannach agus chabhraigh an Canónach Ó Síocháin go mór leo. D’éirigh thar barr leis an bpróiseas ina pharóiste agus bhí beagnach gach feirm i nDún ar Aill ar ais i lámha na dtionóntaí dúchais go luath sa chéad nua.

Ansin chuir an canónach modhanna talmhaíochta nua-aoiseacha chun cinn, go mórmhór i gcúrsaí curaíochta agus déiríochta.

Chomh maith leis sin, chuir sé feabhsaithe sóisialta chun cinn i mbaile Dhún ar Aill: cuireadh isteach córas soláthair uisce nua-aoiseach agus fearas leictreach. Ina theannta sin, cuireadh ar bun scéim chun tithe nua-aoiseacha a thógáil in áit na seanbhothán.

Tá a lán gnéithe dírbheathaisnéiseacha ag baint leis an úrscéal, My New Curate, a foilsíodh in 1899, an t-úrscéal a bhfuil an tóir is mó air i measc léitheoirí Uí Shíocháin, b'fhéidir. Le greann caoin agus grá mór dá eaglais agus dá pharóistigh, insíonn sé scéal faoi shagart a thagann go paróiste bocht agus a dhéanann a dhícheall chun feabhas a chur ar chúrsaí sóisialta ann.

Úrscéal eile dá chuid a raibh tóir mhór air ab ea Glenanaar (1904). Cé go mbaineann an scéal leis na trialacha comhcheilge i nDún ar Aill in 1829, tá téama comhaimseartha ann; impíonn an canónach ar mhuintir na hÉireann dearmad a dhéanamh ar sheanéagóracha le go mbeadh todhchaí roinnte coitianta níos fearr ann.

Réitíonn sé seo lena dhearcadh polaitiúil mar bhí dlúthbhaint aige leis an All for Ireland League a chuir cara leis (ón am a bhí siad ar scoil náisiúnta i Mala), William O’Brien MP, ar bun chun gach grúpa polaitiúil ar an oileán (fiú amháin aontachtaithe) a thabhairt le chéile taobh amuigh den pháirtí parlaiminteach.

Foilsíodh a úrscéal deireanach, The Graves of Kilmorna, níos mó ná bliain tar éis a bháis ó ailse. D'fhill sé ar Fhíníní a óige sa scéal seo.

Foilsíodh an t-úrscéal sa bhlian chéanna agus a thug an Piarasach a óráid cháiliúil ar uaigh Uí Dhonnabháin Rossa. Is fíor nach raibh meas rómhór ag údaráis na hEaglaise Caitlicí ar na Fíníní.

Bhí meas ag an Chanónach Ó Síocháin orthu mar idéalaithe ach bhí sé cúramach gan tacaíocht a thabhairt don bhforéigean.