Coinsias roimh chlú

Is iomaí ainm a thugtar ar an té a sceitheann eolas rúnda

Go stairiúil, is beag focal a chuireann fionnadh ar mhuintir na hÉireann chuige ná “brathadóir” nó sceitheadóir faisnéise.

D’fhág gach éirí amach teipthe nimh ar leith sa bhfuil againn dá leithéid.

Baineann sé le cairdeas agus le dílseacht do leas na treibhe ar fud na cruinne. Sa leath Críostaí den domhan is é Iúdás bocht an buachaill póstaeir.

Ach tá leagan ar leith den ngráin ilnáisiúnach sa gcuimhne náisiúnta Éireannach nach bhfágann aon áit don trócaire ná don maithiúnas.

READ MORE

Tá sé léirithe sa leabhar clúiteach le Liam Ó Flaithearta The Informer a ndearna John Ford scannán de. Is é Gypo Nolan an sceitheadóir a d'fhág gur sainmhíniú amháin a thagadh chun cinn in Éirinn dá luafaí an focal "informer" ó shin.

Focal contúirteach, fiú marfach in áiteanna mar a léiríonn an iliomad samplaí de mharú “sceitheadóirí” nó daoine ar tugadh an t-ainm sin orthu thar 30 bliain de choimhlint an Tuaiscirt.

Ar ndóigh, braitheann an lipéad ar dhearcadh an té a bhíonn ag labhairt. Go háirithe i gcogadh. Is minic gur laoch le dream amháin an duine a bhíonn faoi dhrochmheas mar “thréatúir” ag dream eile.

Ar na saolta deireanacha seo, tá an cineál eile sceitheadóra tagtha chun cinn go mór: daoine a oibríonn taobh istigh d’eagraíocht agus a sceitheann faisnéis ar mhaithe le leas an phobail. Go hidirnáisiúnta, leithéidí Edward Snowden agus Bradley Manning.

Oireann an focal Béarla “whistleblower” a ceapadh i Meiriceá sna 1970idí, is cosúil, don aicme seo níos fearr ná an lipéad tarcaisneach “informer”.

Ach tabhair faoi deara, cé nach bhfuil ollchogadh láithreach ar siúl agus nár thug an bheirt faisnéis díreach don namhaid, go mbreathnaíonn rialtas Mheiriceá orthu mar “thréatúir”.

Tá cúrsaí slándála i gceist. Mar sin, tá na húdaráis Mheiriceánacha meáite ar iad a chur ar a dtriail fiú muna bhfuil ann ach pour encourager les autres. Nuair a thugtar dúshlán údarás chraobh den stát, tá sé intuigthe gurb ionann leas an phobail agus a leas féin mar institiúid stáit.

Tá muid ag fáil amach go bhfuil an dearcadh céanna i réim anseo. Cé nach minic go mbristear cód ciúnais an chórais, tá roinnt samplaí ann.

Tharla sé i gcás drochiompar roinnt Gardaí i dTír Chonaill, i gcás cuntais áirithe de chuid AIB agus i gcás chúrsaí pleanála.

Ach go dtí le deireanas, ní raibh aon bhealach ann chun a chinntiú nach ndéanfaí géarleanúint ar sceitheadóirí fostaithe.

Foilsíodh An Bille Um Nochtadh Cosanta anuraidh agus, de réir an Aire Brendan Howlin, tabharfaidh sé cosaint fostaíochta do dhaoine a sceitheann eolas faoi rudaí atá ag tarlú ina n-eagraíochtaí nach bhfuil ceart ó thaobh dlí nó ó thaobh leas an phobail de.

Beidh sé tráthúil mar reachtaíocht. Tá sé faighte amach ag an mbeirt gharda chróga a bhfuil faisnéis scaoilte acu faoi chealú pointí pionóis tiomána, John Wilson agus Maurice McCabe, nach aoibhinn saol an té a labhraíonn amach de réir a choinsiasa. Leoga ba dhaor an gníomh orthu é.

B'fhiú an braon
Ach b'fhiú an braon. Tugadh deis dúinn meon Choimisinéir an Gharda a fheiceáil. Oscailt súl dona lán daoine a bhí san agallamh a thug an Coimisinéir Martin Callinan do Choiste na gCuntas Poiblí.

Taobh amuigh den mbeag is fiú a rinne sé de ghearáin na beirte, thug sé le fios nárbh é an coiste sin ab’oiriúnaí chun fiosrú a dhéanamh faoin scéal.

Nach raibh córas fiosraithe ag an bhfórsa féin agus nach eisean mar cheann foirne a ba chóir a bheith ina bhun? Go gairid, b’shin an léamh a bhí aige.

Níor luaigh sé an mhoill a bhí ar an bhfiosrú inmheánach a rinne “a fhórsa” cheana féin ná nár cuireadh ceachtar den mbeirt ghearánach faoi agallamh lena linn.

Bhí an chuma ar an gcoimisinéir go raibh sé meáite ar chineál neamhspleáchais a fhógairt, gur mhothaigh sé go raibh a chuid údaráis féin faoi bhagairt. D’éirigh sé postúil agus cosantach de réir mar a ceistíodh é agus réidhchúiseach faoi cheisteanna tábhachtacha. Cén scannal náisiúnta?

Ní raibh ann ach céadatán an-bheag de na gearáin a raibh aon bhunús leo. Chuirfeadh sé samhnas air dá ligfí don bheirt líomhaintí a dhéanamh in aghaidh a gcomhoifigeach go poiblí.

Má tá córas na bpointí le cur i bhfeidhm, agus measann a lán gur córas iomarcach é, ba chóir é a chur i bhfeidhm gan aon fhabhar. Is é seo an pointe nár thug an coimisinéir aghaidh air. Ní faoi chlú a fhórsa ná faoi smacht ná faoina údarás féin atá an chonspóid seo ach faoi chomhionannas saorántachta.

I mbreithiúnas a thug sé i bhfiosrú eile, dúirt an Breitheamh Smithwick gurbh oth leis a rá gur mhó tábhacht a chuir An Garda Síochána le cosaint dea-chlú an fhórsa seachas le cosaint na ndaoine a bhíonn ag iarraidh an fhírinne a insint.

Ba dheimhniú air sin iompar an choimisinéara os comhair an choiste. Sa deireadh thiar, is don Oireachtas atá an Garda Síochána freagrach agus is don bpobal atá an tOireachtas freagrach. Sin más Poblacht atá fós againn.

Go raibh an bua ag coinsias ar chlú.