Cogadh na nGael

Tá filíocht Ghàidhlig ann a chuireann síos ar imeachtaí móra an chogaidh

Radharc as an scannán, Saving Private Ryan. grianghraf: joe st leger

Radharc as an scannán, Saving Private Ryan. grianghraf: joe st leger

Wed, Jun 4, 2014, 01:25

Nuair a labhraítear faoi fhilíocht Ghàidhlig an Dara Cogaidh Dhomhanda, de ghnáth is é Somhairle MacGill-Eain an bard is túisce agus is minice a luaitear.

Ach tá file eile ann – file gan mórán iomrá, is dócha (in ainneoin an éachta a rinne an Dr Michel Byrne ina shárleabhar, The Collected Poems and Songs of George Campbell Hay) – a thuilleann aird agus spéis.

Rugadh Deòrsa Caimbeul Hay (Deòrsa mac Iain Dheòrsa) in 1915 i gContae Rinn Friù. In aois a cheithre bliana, d’éag a athair agus d’aistrigh an teaghlach go hEarra-Ghàidheal, áit ar fhoghlaim Deòrsa Gàidhlig ó ghaolta agus ó iascairí an cheantair.

Mar mhac ministir básaithe, fuair sé scolaireacht in Institiúid John Watson i nDún Éideann agus in 1938 ghnóthaigh sé céim ó Choláiste Chorpus Christi, Oxford.

Chuir Deòrsa suim mhór i bpolaitíocht an náisiúnachais. Nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach, ba leisc leis teacht i gcabhair ar Shasana.

Chaith sé beagnach ocht mí ar teitheadh ón choinscríobh ach rugadh air, agus sa deireadh liostáil sé sa Royal Army Ordnance Corps – ar mhaithe lena mháthair, deirtear, óir bhí na póilíní á crá.

Bhí sé ar fiannas i dTuaisceart na hAfraice, san Iodáil agus sa Ghréig, ach is cosúil nach raibh a oiread sin le déanamh aige ó thaobh dualgais de, agus gur chaith sé cuid mhór ama ag léamh, ag scríobh agus ag cur aithne ar mhuintir na háite.

Nuair a d’éirigh tubaiste dó, ní an Cogadh Domhanda ba chúis leis, ach Cogadh Cathartha na Gréige: bhí a chuid tuairimí radacacha i ndiaidh aird na heite deise a tharraingt air agus d’ionsaigh siad é le sceana agus gunnaí.

Go gairid ina dhiaidh sin, chuir an t-arm abhaile é mar gheall ar “thrioblóid néarógach”.

Ba é fírinne an scéil é ná go raibh sé ag fulaingt scitsifréine.

D’fhill sé ar Albain, ach lean na deacrachtaí meabhracha go deireadh a shaoil. Cailleadh é in 1984, i nDún Éideann.

I measc a shaothair, tá roinnt dánta faoin Dara Cogadh Domhanda. I gceann amháin díobh, déanann sé cur síos ar faoi mar a chonaic sé an baile, Bisearta, ina lasrach tine ar íor na spéire, agus samhlaíonn sé fulaingt na n-áitritheoirí. Olc i gcroí Tá “an tOlc ina chroí is ina chuisle” a scríobhann sé faoin scrios dothuigthe.

I ndán eile, An tÓgfhear ag Labhairt ón Chré, tarraingíonn sé guth an mharbháin air féin, ag achainí ar a lucht éisteachta breathnú ar an léirscrios agus ar an ár: “Amharc, a chine-dhaonna, dlúth air,/Go dtabharfaidh an tsúil don chuimhne rabhadh.”

Dánta cumhachtacha is ea iad, nach gceileann uafás na cogaíochta.

Ach ar na nithe is suntasaí faoi Chaimbeul Hay, áirítear an dóigh a ndeachaigh cultúir eile i bhfeidhm air.

Bhí bua na dteangacha aige: mhaígh sé in 1940 go raibh trí theanga ar a thoil aige (Béarla, Gàidhlig agus Danmhairgis), go raibh sé in ann seacht gcinn eile a leámh agus dhá cheann eile a thuiscint le beagán cuidithe ón fhoclóir.

D’fhoghlaim sé Araibis le linn na tréimhse a chaith sé sa Mhagraib, agus chuir sé suim mhór i gcultúr agus i gcreidreamh na nArabach.

Is dócha gurb é buaicphointe a shaothair ná an eipic (nár críochnaíodh), Mochtàr is Dùghall, a cumadh idir 1944 agus 1947.

Díríonn an dán ar bheirt shaighdiúirí a thiteann taobh le taobh ar bhlár an chatha: Mochtàr, fear de bhunadh na Magraibe; agus Dùghall, Gàidheal.

I dtuairim an fhile, is beag idir an Gàidheal ag troid ar son na Breataine agus an tArabach ag troid ar son na Fraince. Ní hiadsan a d’fhógair an cogadh, ní bhaineann sé leo, ach is iad atá thíos leis.

Bristear an dán ina mhíreanna. I gceann amháin díobh, caoineann bean Mhochtàr é.

In ainneoin na dtagairtí minice d’Ioslam, braitear macalla sheanchaointe na nGael.

Ansin, cuirtear sinsir Mhochtàr in aithne: Ahmed, an curadh catha; Omar, an ceannaí siúlach; agus Obaid, an saoi misteach.

Is rí-léir sna véarsaí seo tuiscint an fhile do chúltur agus do stair na Magraibe.

Ina dhiaidh sin, insítear scéal Dhùghaill, agus tugtar spléachadh ar chultúr agus ar stair chorraitheach Ghàidheil Alban agus ar shaol iascaireachta na nInse Gall.

Dá dhifriúla iad, tugtar go leor leideanna gur aithin an file cosúlachtaí idir cultúr na nArabach agus cultúr na nGàidheal, mar shampla, an t-ómós a léiríonn siad beirt don chreideamh, don éigse agus don ghinealas.

In Mochtàr agus Dùghall, faightear léargas ar dhá shiabhaltacht ársa uasal: siabhaltachtaí atá anois ina luí briste ar bhlár an chatha. “Rinneadh deatach den domhan beag/A d’fhás ann féin le linn a Earraigh ghlas (...) Marú na marbh is marú na naíonán/nár gineadh – críoch dá shaol”.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.