CLG – cumann na sách agus na seang

Cé is mó a bheidh thuas nó thíos leis na cinntí a rinne comhdháil CLG?


Am faoistine. Tá greim docht sceadamáin ag ceann de na seacht bpeaca mharfacha orm. Éad.

Agus an dubhéad féin, admhaím, nó tá lá croídhílis chlubanna CLG sa mhullach orainn an tseachtain seo agus arís eile ní bheidh mo chlub beag féin páirteach ann.

Mórtas cine. Mórtas cultúir. Mórtas dúchais. Sin agat anam Chumann Lúthchleas Gael.

Ní bheadh moill ar dhuine na coincheapa sin a thuiscint dá gcaithfeadh sé súil ar mhuintir Shleacht Néill agus an gliondar a bhí orthu an tseachtain seo caite nuair a thug an fhoireann chamógaíochta craobh shinsir na camógaíochta leo go cróga, calma lúfar.

READ MORE

Bhí baint agam féin le Cumann Lúthchleas Gael sula raibh mé ag lámhacán agus ag únfairt thart faoin bhaile.

Mo sheanathair ba chúis leis sin – nó camán a rinne sé lena lámha féin ar mo shonsa ba chiontaí leis ba chirte dom a rá.

Is minic a shamhlaím é agus samhail an chamáin á tarraingt agus á gearradh go cruinn tomhaiste aige, é ag plánáil an chamáin go bláfar, foighneach grámhar agus gan ar a aird ach an leas agus an t-aiteas a bhainfinn féin as.

Is iomaí lá sa ghairdín cúil agam, an camán céanna á luascadh agus á tharraingt agam agus mé ag ligean orm gur ag déanamh gaisce i bPáirc an Chrócaigh a bhí mé – cúilín na cinniúna á scóráil agam agus gach gáir liú ó na sluaite síoraí.

Ach bíodh sin mar atá, níor bhronntanas ná bréagán ar bith uaidh é an camán céanna.

Ar ndóigh, bhí mo sheanathair ag iarraidh an grá dár gcluichí Gaelacha a chothú ionamsa, go díreach mar a cothaíodh ann féin.

Agus ba é a ghuí é gan amhras go n-imreoinn féin ár gcluichí Gaelacha agus mé i mbun mo mhéide.

Ach dar liom go raibh níos mó ná sin i gceist. Bhí sé ag iarraidh ceacht a theagasc dom. Ceacht ar na bunchlocha agus ar na luachanna sin ar ar tógadh Cumann Lúthchleas Gael.

Am. Cúram. Flaithiúlacht. Gur tábhachtaí agus gur fiúntaí rud a thabhairt uait ná rud a fháil. Grá. Nach neart go cur le chéile. Baile. Teaghlach. Pobal. Sin na luachanna ar ar tógadh Cumann Lúthchleas Gael.

Luachanna

Geansaithe foirne ar an líne i ngairdíní cúil ar fud na tíre lá samhraidh. Na mílte carr timpeall na tíre agus iad lán le páistí – iad ag dúil go mór le comórtas éigin ar pháirc imeartha éigin maidin Domhnaigh.

An seanduine liath ag baint taca as an sconsa, loinnir ina shúile agus é ag scéalaíocht agus ag seanchas ar na laethanta móra a bhí aige i gcuideachta a chairde ar pháirc na himeartha ina óige féin.

B’aisteach mar sin gur chuir údaráis CLG gobán san imreoir club ag comhdháil bhliantúil na bliana seo nuair a baineadh de chlár na comhdhála Rún 41, rún chun aitheantas oifigiúil a thabhairt do chumann na n-imreoirí club (CPA).

Bhí deis ag údaráis CLG a chur in iúl d’imreoirí club ar fud na tíre go raibh fáilte rompu féin agus an CPA. Ach ní fáilte a bhí rompu ach an doicheall agus an cur ó dhoras ab fhuaire amuigh.

Níor fhan baill na comhdhála ina mhuinín sin, áfach, nuair a caitheadh na vótaí ar Rún 4 chun leagan amach chraobh idirchontae na peile a athrú.

Ní raibh ceachtar den CPA ná an GPA ar a shon – ba é an mana a bhí ag an CPA ó tháinig ann dó go raibh sé dubh ina éadan agus ba mar sin do 70 faoin gcéad d’imreoirí an GPA é chomh maith.

Ach glacadh leis an rún. Glacadh leis in ainneoin mhianta na n-imreoirí club agus idirchontae araon.

Cad é sin mar dhaonlathas?

Níl i Rún 4 ach méadú ar líon na gcluichí idirchontae ag na foirne is láidre agus bíodh an diabhal ag an 99.9 faoin gcéad eile d’imreoirí ar fud na tíre. Sin an léamh atá le baint as an chinneadh seo.

Cuirfear le sparán CLG agus le líon na gcluichí a chraolfar ar Sky ceart go leor.

Agus baineadh giota eile den bhealach i dtreo na gairmiúlachta – an ghairmiúlacht chéanna atá á santú ag na húdaráis faoi láthair is cosúil.

Is é an t-aon luach ar ar bunaíodh an cinneadh seo, luach airgid.

An Corparáideachas. An tÉilíteachas. Airgead. Saint.

Sin na luachanna nua atá údaráis CLG i ndiaidh glacadh chucu féin i bhfianaise na gcinntí a glacadh ag an Chomhdháil seo.

Go bhfóire Dia orainn iad.

Tá cead a cinn ag cailleach seo an airgid lena ‘luachanna’ nua agus treabhfaidh sí léi ar a caoithiúlacht ar neamhchead do thoil, deoin agus leas a himreoirí féin.

Ach ní féidir toil, deoin ná leas a chuntas faoi mar is féidir na puint a áireamh agus níl luach ar bith níos tábhachtaí ná sin anois is léir.

Is é an ceacht is mó atá le foghlaim ó chomhdháil seo CLG nach bhfuil de sheift ag an 99.9 faoin gcéad den chumann ach ár mbealach a dhéanamh go ciúin géilliúil déircínteach siar go háit na leathphingine.