Clár nua teilifíse faoi Sheosamh Mac Grianna

Ag déanamh a n-anama sa Bhreatain Bhig

Ar Mo Bhealach Féin is ainm do shraith nua teilifíse faoin scríbhneoir Conallach, Seosamh Mac Grianna atá le craoladh ar an BBC.

Leanfaidh an láithreoir, Seán Mac Labhraí, lorg a laoich liteartha féin tríd an Bhreatain Bheag, 80 bliain i ndiaidh don Ghriannach an turas céanna a dhéanamh.

Is in Aibreán 1934 a thug Mac Grianna faoi shiúlóid 300 míle agus é ag déanamh a anama i measc phobal agus ghleannta na Breataine Bige.

Rinne sé roinnt gealltanas – gan chodladh faoi dhíon, gan a bheith ag taisteal i gcarr nó i dtraein agus gan troid a sheachaint.

READ MORE

Bhí a leabhar cáiliúil, Mo Bhealach Féin, mar thoradh ar an aistear sin. Duine neamhghnách a bhí ann mar Mhac Grianna, duine de na scríbhneoirí ba chumasaí dá ré.

Déanfaidh Mac Labhraí iarracht an turas céanna a dhéanamh agus é ag iarraidh fáil amach cad chuige ar thug an Griannach faoin turas maslach seo agus cad é a ghnóthaigh sé as. Tosóidh Ar Mo Bhealach Féin Dé Luain, 8ú Feabhra, ag 10pm ar BBC2 Tuaisceart Éireann.