Cion Mháire

Déanann Portráidí na Scríbhneoirí ceiliúradh ar lucht pinn na Gaeilge


Sílim nach mór don té a bhreathnaíonn ar an leabhar nuafhoilsithe Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus an láithreán gréasáin www.portraidi.ie machnamh ar cad is 'portráid' ann. Bíonn an duine féin lárnach sa phortráid, ach chun portráid a dhéanamh as grianghraf ní mór daonnacht an duine a bheith lárnach.

Nuair a d’iarr Deirdre Davitt, a bhí ag obair d’Fhoras na Gaeilge ag an am, ar Mháire Uí Mhaicín tabhairt faoin togra grianghrafadóireachta ar a bhfuil na foilseacháin seo bunaithe, chuir sí deis ar fáil aghaidh, beocht, beatha agus cruth an duine, mar a thuigimid é, den iliomad beoscríbhneoirí atá ag saothrú trí mheán na Gaeilge a léiriú don phobal.

Ealaín atá sa scríbhneoireacht agus ealaín atá sa phortráidíocht freisin agus ní dócha go raibh a sárú ar fáil ná Máire sa bhrí iomlán sin a thabhairt os comhair an cheamara agus í mbun a cuid oibre.

Ach thar aon ní eile, bhronn sí an daonnacht sna portráidí seo, sa bhealach agus a bhraitear go ngabhann a scéal féin le gach uile ceann de na grianghraif atá sa chnuasach; is geall le cuairteoirí muid ar an daonnacht i rith an tsaothair.

READ MORE

Is foilseacháin eisceachtúla iad seo a dhéanann an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh agus a thugann ábhar grianghrafadóireachta den scoth i láthair an phobail.

Cuimsítear filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, scríbhneoirí béaloidis, scríbhneoirí do pháistí, scoláirí léinn agus scríbhneoirí ó sheánraí liteartha eile.

Cuirtear beathaisnéis go tánaisteach leis na híomhánna féin; ach leis an mbéim ar an bportráidíocht ealaíonta i gcónaí.

Ag tús agus deireadh an chnuasaigh i gcló, tá deis ag an léitheoir a n-anáil a tharraingt agus na sleachta áille le Mícheál Mac Craith, Alan Titley, Biddy Jenkinson agus Ré Ó Laighléis a léamh, iad curtha leis an saothar ina gcuimhní cinn ar Mháire uasal.

Léachtóir, aistritheoir, scríbhneoir agus oideachasóir ceannródaíoch ab ea Máire Uí Mhaicín, a bhí, tráth, ina Ceann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Oideachais Bhanríon na Trócaire, Dún Chéirí.

Ba mhúinteoir fisice dá cuid a spreag spéis sa ghrianghrafadóireacht inti nuair a chuir sí teoiricí eolaíochtúla solais agus lionsaí ina láthair; spéis a lean i rith a saoil. Nuair a d’éirigh sí as an saol acadúil, chuaigh sí chun oibre ar an togra a cheadaigh di an tsuim seo a cheangal lena saol liteartha agus cúlra léinn.

Bhí bealach fíoréifeachtach aici chun cúrám a dhéanamh de sheisiún ‘portráidíochta’.

Cuid den am, tháinig na cuspaí chun tí ag Máire, ach uaireanta chuaigh sí amach chucu. Réitigh sí an trealamh; shocraigh sí an solas, ach fad an bhealaigh, chruthaigh sí comhrá a thug le fios nach raibh aon ní ar siúl aici ag dreas cainte!

Bhí deis ag scríbhneoir iad féin a chur in iúl sna grianghraif i ngan fhios dóibh féin. Cailleadh Máire i nDeireadh Fómhair 2013; bhí an oiread sin curtha i gcrích aici ina saol ach d’imigh sí róluath de dheasca tinnis.

Taispeánadh cuid de na portráidí go poiblí den chéad uair i dtaispeántas maisiúil, speisialta, ‘An Chéad Chéad’ a eagraíodh ag an amharclann AXIS, Baile Munna, cothrom le bliain tar éis a báis.

Ní saothar cuimsitheach atá sna foilseacháin seo ar ndóigh; ach tús na hoibre. Tá portráid agus beathaisnéis de 107 de bheoscríbhneoirí a shaothraigh i nGaeilge faoin mbliain 2013 cnuasaithe, agus breis ábhair ar fáil ar an láithreán gréasáin: sleachta de shaothar na scríbhneoirí; i gcásanna áirithe, comhaid fuaime de na sleachta sin á léamh ag na scríbhneoirí, agus an bunachar iomlán sin inchuardaithe de réir na seánraí scríbhneoireachta.

Chun togra den chineál seo a thabhairt go ceann scríbe, ní mór aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht na scríbhneoirí (atá sa chnuasach) agus a gcomhoibriú ón tús, teaghlach Mháire Uí Mhaicín (iarfhocal maorga curtha leis an saothar clóite ag baintreach fir Mháire, Vivian) agus foireann chumasach an tionscadail, Ursula Ní Choill agus Ronan Doherty.

Saothar comhpháirtíochta is ea é gan aon amhras.

Foilseachán tábhachtach agus tionscadal náisiúnda uileoileánda i mbliain stairiúil atá i Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge; ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha atá curtha ar fáil ag beoscríbhneoirí na Gaeilge don teanga agus ar ealaín na hamharcíomhá a bhronn Máire Uí Mhaicín orainn mar phobal léitheoireachta.

Cloch ar charn Mháire: cuimhnímid fós uirthi. Eagarthóir an chnuasaigh seo is ea an Dr Liam Mac Amhlaigh. Seolfaidh an tOllamh Declan Kiberd an leabhar agus an láithreán gréasáin ar 6pm Dé Céadaoin seo san Ospideál Rotunda i mBaile Átha Cliath.