Cinniúint na Catalóine

Neamhspleáchas faoi chaibidil ag pobal na Catalóine

Pobal na Catalóine ag  léirsiú ar son an neamhspleáchais. grianghraf: reuters/gustau nacarino

Pobal na Catalóine ag léirsiú ar son an neamhspleáchais. grianghraf: reuters/gustau nacarino

Wed, Apr 2, 2014, 01:20

Is breá liom an tsraith teilifíse South Park . Ach baineadh siar asam an chéad uair a chonaic mé an clár Mr. Hanky the Christmas Poo . Níor thuigeas é. Chuir sé samhnas orm. Greann an leithris, dáiríre.

Níor thuigeas é go dtí gur chaith mé seachtain sa gCatalóin le gairid agus gur chuala mé faoi El Caganer. Déan an téarma sin a lorg ar líne mura bhfuil sé ar eolas agat cheana. Sea, sa gCatalóin tá nasc mór idir cac agus an Nollaig! Nós aisteach – déistineach, fiú – atá acu aimsir na Nollag, cinnte.

Ach ní fhéadfá na haidiachtaí céanna a úsáid maidir lena bhfeachtas ar son neamhspleáchais ón Spáinn – is é an “cogadh” is glaine dá leithéid riamh.

“Ní dheachaigh muidne i muinín an ghunna riamh. Feachtas síochánta atá ann,” a dúirt eagarthóir an nuachtáin ARA , Salvador Garcia Ruíz, liom nuair a thug mé cuairt ar a n-oifigí i mBarcelona.

Is nuachtán é ARA atá i bhfábhar neamhspleáchais. “Dar liomsa, is comhartha é an easpa foréigin sin go bhfuil neamhspleáchas tuillte againn go cinnte,” a dúirt sé.

Stair fhada in alt gearr: bhí saoirse áirithe ag an gCatalóin go dtí 1714 go dtí go bhfuair na Spáinnigh an lámh in uachtar orthu.

D’éirigh leis an gCatalóin saoirse áirithe a bhaint amach arís le linn tréimhsí éagsúla ina dhiaidh sin. Ach ansin, tháinig Franco agus bhí deireadh le saoirse gach uile áit.

Tar éis réimeas Franco i 1979, rinneadh Pobal Féinrialaitheach den Chatalóin arís. Tá siad i gceannas ar a gcóras oideachais féin, mar shampla, ach ní ar bhailiú cánach. Tá a bparlaimint réigiúnach féin acu, faoi uachtaránacht Artur Mas.

Ach an oiread le hAlbain, beidh reifreann ar siúl i mbliana ar cheist an neamhspleáchais.

Ach tá difríocht mhór i gceist: glacfaidh David Cameron leis an toradh sa mBreatain, ach tabharfaidh Mariano Rajoy neamhaird air sa Spáinn.

“Bheadh sé míbhunreachtúil d’aon réigiún sa Spáinn cinneadh mar sin a dhéanamh as a stuaim féin,” a dúirt Rajoy. “Is faoi mhuintir uilig na Spáinne atá sé cinntí mar sin a dhéanamh.”

Tá 60 faoin gcéad de mhuintir na Catalóine i bhfábhar neamhspleáchais, de réir pobalbhreitheanna.

“Ceann des na cúiseanna atá leis sin,” a deir Ruíz, “ná go bhfeictear ar an gCatalóin mar bhó bainne na Spáinne. Tá an olltáirgeacht intíre is airde againn i measc na bpobal réigiúnach uilig.”

Bíodh is go bhfuil sin fíor, bhí na fiacha ba throma orthu i 2012.

Ach, a deir lucht an neamhspleáchais, bhain na fiacha sin leis an gcúnamh mór airgid a bhí á thabhairt acu don chuid eile den Spáinn.

Fós féin, tá sé éasca go leor teacht ar dhaoine ar na sráideanna atá i gcoinne neamhspleáchais nó drogallach roimhe.

“Níl an Chatalóin réidh go fóill,” a deir cuid acu, “is ionann an Spáinn agus an Chatalóin agus níor cheart iad a scaradh.” Tá dílseacht ag daoine áirithe do Ríocht na Spáinne.

Ach is í an tuairim is coitianta ná go bhfuil neamhspleáchas tuillte agus cé gur ceist eacnamúil í go pointe áirithe, tá ceisteanna cultúir agus teanga ann chomh maith.

“Bíonn na Spáinnigh i gcónaí ag iarraidh tuilleadh Spáinnise a bhrú isteach sa gcóras oideachais,” a deir Rafael Ribó, Coimisinéir Teanga na Catalóine. “Is trí mheán na Catalóinise a fhoghlaimíonn leanaí anseo agus nílimid sásta géilleadh air sin.”

Is eiseamláir dúinn in Éirinn den tsochaí dhátheangach í an Chatalóin. Cé nach bhféadfaí mórán de chomparáid a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Chatalóinis i ndáiríre: tá 7.5 milliún cainteoir dúchais ag an gCatalóinis, i gcomparáid le 77,000 cainteoir ag an nGaeilge.

Beidh an reifreann ar siúl i mí na Samhna agus tá an ceart ag Rajoy: tá sé míbhunreachtúil. Níl aon bhunreacht sa mBreatain, mar sin, ní raibh gá le hathrú bunreachtúil leis an reifreann ansin a cheadú.

Fágann sé sin go bhfuil trí rogha ann: d’fhéadfadh na Spáinnigh athrú bunreachtúil a dhéanamh (níl seans ar bith a deir Salvador Garcia Ruíz liom), d’fhéadfadh Artur Mas neamhspleáchas a fhógairt as a stuaim féin gan cead na Spáinneach (ní dóigh go dtarlódh sé sin) nó d’fhéadfaí leanacht den status quo agus den bhfeachtas. “Tá muintir na Catalóine foighneach, stuama agus sibhialta,” a deir Ruiz, “leanfaimid orainn go síochánta go dtí go bhfaighimis an rud atá uainn”.

Tá go leor saincheisteanna suimiúla ag baint leis an gceist seo; cúrsaí polaitiúla, teanga agus eacnamaíochta. B’fhiú léamh fúthu, go háirithe i gcomhthéacs na samplaí Eorpacha eile, an Chrimé agus Albain. Ach mura bhfuil spéis agat i gcúrsaí polaitíochta, déan cuardach ar El Caganer. Bainfidh tú sult as. Geallaim duit.

Is iriseoir í Caoimhe Ní Laighin le Nuacht RTÉ agus TG4. Bhí sí sa gCatalóin ag tuairisciú don Nuacht, @CaoimheNLaighin

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.