Chun an tsiopa leabhar leat anois!

Tá sé in am an bronntanas bliantúil a cheannach – leabhar Gaeilge


Tá an t-am sin den bhliain ann arís – tá an t-am agat leabhar Gaeilge a cheannach, an bronntanas bliantúil.

Tá Alex Hijmans ag scríobh leis. An Tearmann (Cois Life, €12) is ainm don úrscéal is nuaí dá chuid, scéal atá suite idir sráideanna seicteacha Bhéal Feirste agus dufair dhainséarach na Brasaíle.

Fear óg, Eoin Ó Síocháin, an príomhcharachtar sa leabhar. Téann sé chun na Brasaíle mar fhear óg idéalaíoch agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar choimhlint idir bundúchasaigh agus daoine áitiúla sa tír. Lena chois sin, tá sé ag éalú ó chúram eile in Éirinn nach bhfuil uaidh. Is leor a rá nach fada go mbíonn ar Ó Síocháin aghaidh a thabhairt ar an tsaol réadúil agus imeacht ón tsaol acadúil.

Tá stíl dheas shéimh scríbhneoireachta ag Hijmans; cuireann sé daoine agus áiteanna i láthair go nádúrtha. Ní chuirfidh an insint dua ar léitheoir ar bith, rud nach ionann agus a rá nach mbainfear pléisiúr as an scéal.

READ MORE

Agus ag caint ar eachtraí. Is beag duine nár chuala iomrá ar an úrscéalaí Albanach Robert Louis Stevenson. Is iomaí sin uair a chuaigh lucht Hollywood chun a chuid leabhar le hábhar scannáin a aimsiú.

Tá an scríbhneoir, Darach Ó Scolaí, i ndiaidh An Fuadach (Leabhar Breac, €15) le Robert Louis Stevenson a aistriú go Gaeilge. Scéal eachtraíochta atá ann le linn an 18ú haois agus éirí amach thall in Albain. Tá dílleachta, Seacaibítigh, saint chun airgid agus Cótaí marfacha Dearga ann.

Leoga, scéal na hÉireann atá ann ach é suite in Albain! An fada go mbeidh leagan ar TG4? Idir an dá linn, tig leat féin an leabhar álainn seo a léamh.

Agus ag caint ar an Ghaeilge. Tá rud amháin fíor faoin earnáil – níl díth ar bith scoláirí fiúntacha éifeachtacha inti.

Seo anois cnuasach aistí le scoláirí mar chomhartha buíochais do scoláire eile – Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: aistí in ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil (LeabhairCOMHAR). Beirt de lucht ollscoile, John Walsh agus Peadar Ó Muircheartaigh, a chuir an leabhar in eagar agus tá ailt anseo ar chúrsaí litríocht, iriseoireachta agus canúneolaíochta don scoláire is ansa leat.

Tá béim ar leith san ábhar ar litríocht Dhún na nGall. Ní hábhar iontais é sin. Rinne Mac Congáil féin cion fir sa réimse sin le linn dó a bheith i mbun oibre ar ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar feadh i bhfad.

Ach fan go fóill. Níl deireadh le ré Mhic Congáil; is i mbun oibre ar fad atá sé agus is maith go bhfuil. Seo leabhar nua dá chuid féin – Fear na Rosann: saol agus saothar Fhinn Mhic Cumhaill (Arlen House, €20) – atá in eagar aige féin.

Tá aiste ar shaol Mhic Cumhaill (1885-1965), scríbhneoir Conallach, mar aon le hailt dá chuid as foilseacháin éagsúla. Tugann mórán de na haistí léargas ar shaol na hÉireann mar a bhí agus is mór is fiú cuid mhór acu a léamh.

Agus ag caint ar aistí. Tá tuilleadh scoláirí le fáil in An Piarsach agus 1916: briathar, beart agus oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht, €15).

Duine de na staraithe is fearr atá againn, Gearóid Ó Tuathaigh, a chuir an leabhar seo in eagar. Cainteanna a tugadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ba bhunfhoinse leis na léachtaí seo agus is iad atá furasta a léamh dá réir sin.

Tá na haistí féin thar barr. Tugann siad an-chur síos ar imeachtaí polaitíochta agus cultúrtha na linne agus le cois Uí Thuathaigh féin, tá lear mór scríbhneoirí cumasacha ann, ina measc, Róisín Ní Ghairbhí, Alan Titley, Gearóid Denvir, Regina Uí Chollatáin, J.J. Lee agus tuilleadh nach iad.

Agus ag caint ar chúrsaí polaitíochta. Díolaim bheag alt atá in Cinnlínte: saol an iriseora (Cois Life, €12) le Deaglán de Bréadún. Tá alt amháin ag de Bréadún ar 1916 ach is ag scríobh faoi pholaiteoirí agus faoi iaróga níos comhaimseartha a bhíonn sé – Charlie Haughey, Albert Reynolds, Comhaontú Aoine an Chéasta agus, bhuel, Yasser Arafat!

Agus ag caint ar chúrsaí comhaimseartha. Tá scéal don fhoghlaimeoir fásta, Bóthar na Rós (LeabhairCOMHAR) le hOrna Ní Choileáin, suite in Éirinn an lae inniu.

Deirtear gurb aoibhinn beatha an scoláire ach ní fíor sin i gcás an mhac léinn bhoicht, Cillian, scoláire atá ar lorg lóistín sa chathair chadránta. Scéal a eachtra atá anseo agus é scríofa ar dhóigh dheas intuigthe ag Ó Coileáin. Tá focail ag bun an leathanaigh agus gluais ag deireadh an leabhair le cabhair sa bhreis a thabhairt don fhoghlaimeoir.

Agus ag caint ar dhaoine óga. Iománaí ón Iasacht (Cló Iar-Chonnacht, €8) is ainm do leabhar nua Sheáin Uí Chearnaigh. Tá dúil mhór ag Karol Laska, Polannach, san iomáint ó tháinig sé go hÉirinn agus é an-óg. Éiríonn leis iománaí ar dóigh a dhéanamh de féin – nach dtiocfá go hAontroim, Karol! – ach, faraor, caithfidh sé dul ar ais chun na Polainne. Dírithe ar léitheoirí idir 10-12 bliain d'aois atá an leabhar agus gluais ann.

Chun an tsiopa leat!