Ceoldrámaí na cathrach

Ceoldrámaí faoin aer i mBaile Átha Cliath a thugann tógáil croí duit


Léireofar An Fhliúit Dhraíochta le Mozart san aimfitéatar idir Ard-Eaglais Chríost agus Oifigí na Cathrach i mBaile Átha Cliath amárach.

Seo é an 15 bliain as a chéile a bhfuil sraith ceoldrámaí saor in aisce amuigh faoin aer ansin, idir 1pm agus 2pm gach Déardaoin i rith mhí Lúnasa.

Déanaim iontas de anois gur sna 30í a bhí mé agus an tríú leanbh im bhaclainn nuair a chonaic mé ceoldráma le Mozart den chéad uair.

Oíche Fhómhair i nGuaire ag léiriú an Opera Theatre Company de Die Zauberflöte/An Fliúit Dhraíochta (1791), ach níorbh fhada ina dhiaidh sin go bhfaca muid na trí cheoldráma cháiliúla eile a chum Mozart (1756-1791).

READ MORE

In Earrach na bliana dár gcionn bhí Cosi Fan Tutte (1790) san RDS agus an teaghlach ar fad ann arís, agus an samhradh sin thiomáineamar chomh fada le Prág chuig Don Giovanni (1787) san amharclann chéanna inar cuireadh ar siúl é den chéad uair riamh agus Mozart féin ag stiúradh.

Ag campáil a bhí muid ach ghléasamar muid féin don oíche mhór, ár n-éadach samhraidh, ag teacht le goirme na gcúisíní veilbhit agus na mballaí agus le gile na gcolún clasaiceach a bhí maisithe go haoibhinn le hóir.

Léiriú ar scála éagsúil ar fad a bhí i bPrág, ach níor lú mar sin féin an taitneamh a bhainfeadh muid dhá bhliain ina dhiaidh sin as léiriú san RDS de La Nozze di Figaro (1786).

Níor thóg sé ach cúig bliana ar Mhozart na ceithre cheoldráma mhóra seo a chumadh, na cúig bliana deireanacha dá shaol.

I nGearmáinis, seachas in Iodáilis, a scríobh a chara Schikaneder, bainisteoir agus príomhaisteoir i gcompántas áitiúil, leabhróg An Fhliúit Dhraíochta.

Leabhróga Iodáilise le Lorenzo da Ponza atá ag na trí cheoldráma eile a luaitear thuas.

Ar La Folle Journée ou La Mariage de Figaro (1781) le Beaumarchais (1732-1799) a bhunaigh da Ponte an leabhróg.

Is é an dara dráma é i dtríológ dhírbheathaisnéisiúil le fear ildánach, déantóir uaireadóirí a bhí freisin ina fhoilsitheoir, ina cheoltóir agus ina pholaiteoir i measc cúraimí eile.

Is ar La Barbier de Seville (1775), an chéad dráma sa tríológ, a bhunaigh Rossini (1792-1868) a cheoldráma siúd Il Barbieri di Sviglia (1816).

Rugadh Rossini bliain tar éis bhás Mozart agus amach ina shaol dúirt sé faoi Mozart go raibh “meas aige air ina óige, gur chuir sé lagmhisneach air agus é meánaosta agus go mba shólás dó é ina sheanaois”.

Ní foláir gur le hómós dó a chum Rossini ceoldráma a raibh cuid de na carachtair chéanna ann is a bhí in Pósadh Figaro le Mozart. Éacht Is é éacht Mozart le Pósadh Figaro go n-éiríonn leis ceiliúradh ar athmhuintearas a dhéanamh de scigdhráma faoi réabhlóid aicmeach.

Tar éis mórán dul trí chéile agus dul amú tagann na príomhcharachtair le chéile sa radharc deireanach.

I ngairdín atá siad agus cuireann an ceol in iúl go foirfe a bhfuil ag titim amach sa scéal.

Maithiúnas, ní hé amháin le cloisteáil sna focail, ach i gceol an tseisréid a ardaíonn croí an éisteora, le hiontas agus le haoibhneas.

Ní saineolaithe muid, ach ní maith linn bliain a ligean tharainn gan dul go ceoldráma, abhus nó thar lear.

Verdi ón lochta is airde sa Met i Nua-Eabhrac gur samhlaíodh dom go mba abhaic a bhí ar an stáitse.

Réamhthaispeántas ann féin a mheabhródh tinte ealaíne duit, ardú mall an choinnleora chraobhaigh.

Verdi ar turas eile, amuigh faoin aer sa tseanairéine Rómhánach i Verona.

Dhá cheann, a bhfuil beagnach 350 bliain eatarthu, doircheacht i gceann acu agus maorgacht sa cheann eile, The Turn of the Screw (1954) le Benjamin Britten (1913-76) bunaithe ar scéal Henry James, agus Orfeo, a chum Monteverdi (1567-1643) 400 bliain ó shin agus a ndeirtear faoi gurbh é an chéad cheoldráma riamh é.

Agus i 2012, dhá léiriú an-éagsúil a fhanfaidh i gcuimhne an lucht éisteachta a raibh sé d'ádh orthu bheith i láthair, dream beag i séipéal Naomh Werburg ag Semele le Handel a rinne mic léinn an Acadaimh Ríoga an Cheoil agus Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Tristan und Isolde le Wagner in Amharclann an Bhoird Gháis, a raibh 100 bliain ann ó léiríodh in Éirinn é.

Ní hionann – ag filleadh ar ócáid an lae amáraigh – agus An Fhliúit Dhraíochta nó go deimhin Il Barbiere di Siviglia a bheas ar siúl ar an 28ú Lúnasa.

Dhá cheoldráma a mbíonn an-tarraingt orthu agus aithne mhaith ar na foinn iontu.

La Rondine/An Fháinleog (1917) le Puccini a léireofar ar an 21ú.

Níl ó na ceoltóirí agus ón lucht éisteachta ach go seasfaidh an aimsir.