Ceisteanna le cíoradh

Buillí feille faoin gcom atá ar siúl ag Dónall na Gaoithe agus Hillary na Lúbchleas Gale


Tá leisce orm é a admháil. Is deacair teacht as an gcófra faoin gceann seo. D’fhan mé im shuí an dá thuras chun féachaint ar an mbabhta iomrascála idir Dónall na Gaoithe agus an t-ábhar uachtaráin eile.

Seo beart nár dhein mé ó bhí Mohammad Ali ina Chassius Clay, agus ní raibh aon díomá orm.

Murab ionann agus daoine sa chró dornálaíochta, áit a leagtar daoine go glan le buille ar chnámh an ghéill, bhíodar seo ag pleancadh a chéile le buillí feille faoin gcom, agus i mball ar bith eile a d’fhéadfadh a bheith íogair.

Bheifeá i gceap ceart ag iarraidh rud ar bith a rá inniu mar cá bhfios cén coinín a bhainfear as hata, nó francach as mothall gruaige, sula dtéann seo faoi chló?

READ MORE

Is beag lá dá ngealann orainn nach dtagann mír bhreise aniar aduaidh orainn, cé nach dócha go gcuireann aon phioc díobh isteach ar an bpobal a bhfuil a n-aigne socair acu cheana.

Is é a chuireann deargiontas orainn ná as pobal de bhreis agus 320 milliún duine, i dtír a thug dúinn Bob Dylan agus Mark Twain agus ollscoileanna den scoth agus fionnachtana eolaíochta a d’athraigh an domhan agus roicéid a chuaigh chun na gealaí agus ar ais gurb iad an bheirt seo atá á bhféachaint le chéile i ndeireadh an aistir.

Má bhaineann Hillary beidh sí in ann cánacha a ardú ar bhilliúnaithe nár íoc cáin riamh, agus beidh caoi ag Bill an sacsafón a sheinneamh sa Teach Bán arís; ach má tá an bua ag an dTrumpa, beidh díomá ar Mhelania toisc go mbeidh uirthi cónaí i dtigh níos lú ná an ceann atá aici faoi láthair, agus i gceantar ina bhfuil slua mór gorm. Gan amhras, beidh sí in ann taisteal ar fud an domhain in Hair Force One.

Rachadh sé dian a mheas cad dó a sheasaíonn aon duine de lán na beirte acu. Tá níos mó cleas is lúba déanta ag Hillary ná mar a dhein Olga Korbut nó Nadia Comeneci an uair is fearr a bhí siad.

I gceann amháin de na beathaisnéisí atá scríte uirthi, luaitear go raibh sí mór le fear tráth dá raibh, ach chaith sí i dtraipisí é nuair a tuigeadh di nach mbeadh sé choíche ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe!

Bhí ardmheas aici ar Bharry Goldwater i dtosach a saoil pholaitiúil, fear a bhí giota ar dheis ón dTrumpa garbh néata.

Ansin bhí ar son an ionsaithe ar an Iaráic ach admhaíonn gur botún é anois; ar son buamála Libia, go breá san am, ach tubaist anois; ar son ruathair aeir ar an tSiria trí bliana ó shin ar mhuintir Assaid, ach ar son scrios a dhéanamh ar a chuid naimhde faoi láthair!

Dúirt uachtarán Mheiriceá uair amháin: ‘Baintear anuas an falla sin!’ ach deir an Trumpa: ‘Tógtar an falla sin!’ Beidh ar na hoibrithe Meicsiceacha é a thógáil óna dtaobh féin den dteorainn, mura bhfaigheann siad cabhair faoi leith ó Phink Floyd.

Tá sé tiomnaithe ar inimircigh a dhíbirt, ach is dócha go nglanfaidh siad a chuid foirgneamh i dtosach, nó b’fhéidir go gcaithfear amach iad duine ar dhuine.

Beidh amhras ar mhuintir na hÉireann, ní ar son go gcuirfear ar fán abhaile iad, ach toisc go bhfuil bá speisialta léirithe aige le hOráistigh, más aon fhianaise an nead sin ar a bhlaosc.

Tá cúpla seachtain le cur isteach fós, agus n’fheadair aon duine cad a thiocfaidh amach as an scrobarnach, nó as an mbrosna, as an mbruscar, as an muine, nó as an raingléis féin.

Is mó rud atá fós le cíoradh, le raca breá ár gcinn.