Ceardlann scríbhneoireachta i mBaile Átha Cliath

Tá Cló Iar-Chonnacht ag eagrú ceardlainne ar an téama, “An Gearrscéal agus an Splancscéal” in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 10ú Deireadh Fómhair.

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa seánra.

Mar sin féin, cuirfear cúpla áit i leataobh do scríbhneoirí a bhfuil ábhar i gcló acu cheana féin.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí gearrscéal nó splancscéal a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net roimh 24ú Meán Fómhair.