Casadh chun feabhais?

B’fhiú don Rialtas gan tuilleadh oilc a chur ar an bpobal


An í seo an tseachtain a chuirfidh casadh chun feabhais ar an mbóthar don gcomhrialtas? Tá a lán i bhFine Gael agus i bPáirtí an Lucht Oibre go háirithe atá ag súil gurb í ós rud é go bhfeicfidh muid go luath athrú ar cheannaireacht an Lucht Oibre agus athrú ar aireachtaí.

Ach i gceartlár na margáintíochta, beidh an cheist mhór, an cheist nach féidir leo beirt éalú uaithi: an bhfuil sé indéanta faoiseamh a thabhairt don bpobal sa chéad bhuiséad eile nó an gcaithfidh muid cloí le dianchlár ár máistrí sa troika?

Cé go bhfuil an dá pháirtí meáite ar fhanacht i gcumhacht go dtí deireadh an téarma rialtais, chuir torthaí na dtoghchán is déanaí práinn nua leis an gceist.

Tá comharthaí ann gur tuigeadh an teachtaireacht, ach cén aicme den bpobal a fhágfar faoin ualach an iarraidh seo? Tá faoin Lucht Oibre a chinntiú nach ar an aicme a thacaíonn leosan a luífidh sé.

READ MORE

Le linn na bhfeachtas chun ceannaire nua a cheapadh ar an Lucht Oibre, cháin an bheirt iarrthóirí, Joan Burton agus Alex White an diansmacht airgeadúil amhail is nach raibh siadsan ina mbaill den Rialtas a chuir i bhfeidhm í.

Leoga, bhí cuid den teanga a d’úsáid siad an-ghar don teanga choitianta a úsáideann daoine ar nós Clare Daly nó fiú baill de Shinn Féin faoin sodar ródhíograiseach i ndiaidh an troika.

D’fhéadfadh cuid de na ráitis seo teacht ar ais chun plaic a bhaint as an gceannaire nua amach anseo.

Is léir go bhfuil Lucht Oibre iar-Gilmore chun díriú ar lucht an phá aird agus ar chánacha saibhris de chineál éigin.

Bheadh de bhuntáiste aige seo go bhfaighfí amach cá mhéad bainne atá fágtha sa mbó agus bheadh cuid éadaí Shinn Féin goidte acu roimh an olltoghchán.

Cé go bhfuil an Taoiseach ag admháil ar a bhealach plásánta féin go bhfuil an pobal ar an dé deiridh le cánacha agus le síorghearradh siar, bíonn sé ar bís le deimhniú arís agus arís dár saoistí Eorpacha go bhfanfaidh muid dílis don sparán dúnta.

Mheas tráchtairí áirithe go raibh léar dóchais i ráiteas a thug an tAire Airgeadais Michael Noonan uaidh seachtain ó shin. Ach má léitear arís é, níor dhúirt ach gur mheas sé go mb’fhéidir nach mbeadh an €2bn atá mar aidhm aige sa mbuiséad riachtanach.

Dheimhnigh sé go raibh sé de rún aige an t-easnamh buiséid a ghearradh go dtí 3 faoin gcéad mar a bhí leagtha amach aige.

Mar sin, tá a lán le réiteach ag an Lucht Oibre agus Fine Gael sna laethe romhainn: roinnt na bpostanna rialtais agus Coimisinéireacht na hEorpa san áireamh. An dtuilleann fearg ardmhorálta Gilmore ardán níos leithne?

Nó an bogadh fichille eile é an t-éileamh seo chun rud a bhaint as Fine Gael?

Teastaíonn beart a thabharfadh sos do phobal atá ar tí billí uisce agus cáin mhaoine áitiúil a fháil. Feicfimid.

Níl Fine Gael a leath chomh buartha agus atá an Lucht Oibre. Cinnte, chaill siad roinnt sna toghcháin ach féach go bhfuil siad seasmhach ag 25 faoin gcéad sna pobalbhreitheanna.

Nach suimiúil go bhfuil an líon sin fanta dílis fad is gur thit an tóin as tacaíocht an Lucht Oibre? An léamh taobh istigh d’Fhine Gael atá air sin go dteastaíonn óna lucht tacaíochta go leanfaí leis an leigheas pianmhar go dtí go gcríochnófar an cúrsa.

An léamh atá ag a lán daoine taobh amuigh den bpáirtí ná gur dream sách compordach iad seo nach gcuireann na cánacha nua ná na ciorrúcháin mórán as dóibh.

Tá an aicme a thacaíonn leis an Lucht Oibre, áfach, ag fulaingt agus fios maith acu nach rud sealadach é seo, go bhfuil na cánacha seo le bheith againn go deo na ndeor – agus is é Páirtí an Lucht Oibre a chuidigh chun iad a thabhairt isteach.

Caithfidh ceannaire nua an pháirtí rud éigin suntasach a bhaint as an mhargáintíocht a bheidh ar siúl le Fine Gael roimh an mbuiséad nó beidh daor orthu ag an chéad toghchán eile.

Dá vótálfaí de réir na pobalbhreithe is déanaí, bheadh sé dodhéanta ag Fine Gael rialtas eile a roinnt leis an Lucht Oibre. Fiú le Fianna Fáil ar 18 faoin gcéad, bheadh sé deacair.

Ar an dtaobh eile, cé a cheapfadh go mbeadh 22 faoin gcéad ag Sinn Féin agus 28 faoin gcéad ag neamhspleáigh – sin 50 faoin gcéad a thuilleann éisteacht freisin.

Ar ndóigh, is fánach a bheith ag tuar nó ag tairngireacht ar bhonn pobalbhreitheanna cúpla bliain roimh thoghchán.

B’fhéidir go bhfaigheadh an Rialtas cnap airgid ar ais as an Eoraip mar a gealladh.

B’fhéidir go dtiocfadh leigheas míorúilteach ar an eacnamaíocht.

Fiú muna dtiocfadh, bí cinnte go bhfuil páirtithe an Rialtais ag pleanáil cheana féin don bhliain dheireanach nuair a dhéanfar scaoileadh míorúilteach ar théada sparán an sprionlóra.

Idir an dá linn, b’fhiú don dá pháirtí iarracht a dhéanamh gan olc níos mó a chur ar an bpobal. D’fhéadfadh siad tosnú le rún daingean gan iarrthóirí ar theip orthu sna toghcháin a cheapadh ar bhoird stáit mar a rinne Pat Rabbitte.

Ba é Rabbitte a dúirt faoi gheallúintí roimh thoghchán: “Bhuel sin an cineál ruda a deireann tú roimh thoghchán.” Dhealródh sé go gcreideann sé gurb é seo an cineál ruda a dhéanann tú ina ndiaidh.