Cainteoirí Gaeilge le feachtas “TÁ Comhionannas” a sheoladh inniu

Seolfaidh “TÁ Comhionannas, pobal na Gaeilge do Yes Equality,” a bhfeachtas sa reifreann ar Chomhionannas Pósta i mBaile Átha Cliath inniu.

Is é an tIar-Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Pat Carey a bheidh ina fhear an tí don ócáid agus inseoidh cainteoirí éagsúla a scéalta pearsanta mar chuid den fheachtas.

Tá lucht “TÁ Comhionannas” ag cur cuiridh ar chainteoirí Gaeilge teacht agus a dtacaíocht a léiriú.

Tá an lucht eagraithe ag súil go dtabharfaidh an seoladh deis do gach aon duine machnamh a dhéanamh ar chearta pósta sibhialta a bheith ag gach saoránach sa Stát agus le daoine a spreagadh chun vóta “TÁ” a chaitheamh.

READ MORE

Beidh Colm Mac Con Iomaire i dteannta Eoin Dillon ón ghrúpa Kíla i measc na gceoltóirí a bheidh páirteach agus iad ag seinm Tabhair dom do lámh, píosa ceoil atá ar eolas ag lucht na Gaeilge le fada.

Cuirfear tús leis an fheachtas ag 11am sa Little Museum of Dublin, 15 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath.

Mura dtig leat bheith i láthair is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ghrúpa ar líne ag www.facebook.com/TaComhionannas.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times