Buaic-Ghradam Cumarsáide ag Gearóid Ó Cairealláin

Aitheantas d’fhear Béal Feirste as saothar i réimsí éagsúla

Is ar an chraoltóir ó Bhéal Feirste, Gearóid Ó Cairealláin, a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana. Bronnfar an gradam ag searmanas bliantúil na ngradam Dé hAoine i nGaillimh. Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, gur chúis “mhór áthais dúinn Buaic-Ghradam na bliana seo a bhronnadh ar Ghearóid. Bhí, agus tá, lámh aige i mbeagnach gach rud a bhaineann leis an nGaeilge ó thuaidh – fear eisceachtúil atá ann”.

Bhí an gradam á bhronnadh air mar aitheantas as an bhaint a bhí aige le cúrsaí iriseoireachta, teilifíse agus amharclannaíochta le blianta fada. Bhí sé ar chomhbhunaitheoir an nuachtáin, , agus bhunaigh sé an compántas drámaíochta, Aisling Ghéar. Lena chois sin, bhí baint aige le bunú Raidió Fáilte, Chultúrlann MacAdam-Ó Fiaich agus Mheánscoil Feirste. Bhuail stróc sa bhliain 2006 é ach lean sé leis ag saothrú na Gaeilge, mar chraoltóir ar Raidió Feirste, mar cholúnaí idirlín agus ní fada ó bhí dráma dá chuid, Wheelchair Monologues, ar stáitse.