Bua an cheoil ag TG4 agus iad ag an fhleadh

Mheall beochlúdach TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann in Inis, Co an Chláir, na sluaite féachana, idir theilifís agus mheáin eile, de réir torthaí oifigiúla. D’amharc os cionn ceathrú milliún duine ar an chlúdach bheo teilifíse gach oíche agus ba í oíche Dhomhnaigh na féile an bhuaic ar fad, tráth a raibh aimsiú 281,000 lucht féachana teilifíse ag an bheochraoladh, de réir mhiosúr Nielsen, slat tomhais oifigiúil na teilifíse. Bhí lucht féachana suntasach ar líne ag TG4 don ócáid fosta ar Fleadh TV, agus figiúirí suas le 10 faoin gcéad den fhéachaint teilifíse ag baint leas as an tseinnteoir, leath acu sin lonnaithe thar sáile.

Bhunaigh TG4 feachtas meán sóisialta mar thaca le Fleadh TV, feachtas inar baineadh úsáid as Snapchat, Twitter, Instagram agus Facebook. Chuir na hardáin seo ábhar breise ar fáil ó shráideanna na hInse le linn na hócáide, ina measc an damhsa a bhí ar bun ag na Fusion Fighters, rud a mheall lucht féachana 1.4 milliún go dtí seo. Bhí #Fleadhtv ag treochtáil ar fud an domhain agus d’aimsigh breis is leathmhilliún ar Twitter, de réir lucht an stáisiúin.

Dúirt leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, go raibh siad an-sásta leis na torthaí seo, á rá gur “ócáid mhór chultúrtha í an fhleadh agus is mór ag TG4 an deis cuid de spleodar agus de shaibhreas na hócáide a sholáthar dár lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Léiríonn na figiúirí féachana seo dúinn go bhfuil ár méar ar an gcuisle againn”.