Bua an cheoil ag bean Bhéal Feirste

Albam úr amhrán


Seolfar albam úr de chuid Ghráinne Holland an Aoine bheag seo i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste (8pm). Tá 11 traic ar Gaelré (Gael-Linn), amhráin thraidisiúnta Ghaelacha atá cóirithe go snasta ag Gráinne agus Dónal O'Connor, léiritheoir an albaim.

Tá paisean le cluinstin i ngach aon fhocal, bíodh an t-amhrán mall brónach nó gasta bríomhar. Fóireann glór galánta Holland do rithim, fhuaimniú agus bheocht an cheoil, a guth láidir ag eitilt go héasca agus ag sleamhnú go séimh fríd na nótaí arda agus ísle.

Tagann na hamhráin féin ó fhoinsí éagsúla, cuid acu atá aitheanta go maith, a mhacasamhail Airde Cuain agus Síos an Sliabh, agus tá ceann nó dhó a scríobhadh le déanaí. Líontar na hamhráin ársa le fuinneamh úr agus is eispéireas ar leith é a bheith ag éisteacht leis na leaganacha speisialta seo.

Nuair a d'iarr mé uirthi amhrán amháin den albam a roghnú, phioc sí Shíl Mé Féin: "Rinne Tríona Ní Dhomhnaill leagan iontach de Shíl Mé Féin ar albam s'aici Tríona. Is í duine de na hamhránaithe is fearr liom féin. Thug sí spreagadh agus inspioráid dom. Is breá liom an t-amhrán sin agus shíl mé go mbeadh sé deas rud éigin difriúil a dhéanamh leis – sílim gur éirigh linn!"

READ MORE

Ní amháin go bhfuil paisean ag Holland don cheol Gaelach ach is tábhachtach léi an coincheap a dtugann sí "Gaelré" air. Tógann Gráinne ar an téama a bhí ina céad halbam Teanga na nGael a eisíodh i 2011, í dílis do na hamhráin thraidisiúnta, ach ag úsáid fuaimnithe comhaimseartha chun na glúnta óga a mhealladh i dtreo an cheoil ársa.

Míníonn Holland gur chaith sí féin agus Dónal O’Connor cúpla mí ag plé stíl fuaime an albaim agus chóiriú na n-amhrán.

Bhí uirthi ansin seasamh siar ón phróiseas ar feadh tamaill. Nuair a bhí Dónal ag cur síos an cheoil, bhí céim shuntasach eile ag tarlú i saol Ghráinne agus a fear céile, Frainc Mac Cionnaith. Tháinig a mac Naoise ar an saol i mí an Mheithimh. Cé gur thóg a cuid dualgaisí mar mháthair úr cuid mhaith ama ar a plean oibre, bhí Gráinne istigh sa stiúideo ag taifeadadh liricí Gaelré sé seachtaine níos moille.

Is léir gur bean óg láidir í Gráinne Holland, amhránaí atá in ann an fód a sheasamh nuair a mholann daoine di canadh i mBéarla. Tugann Holland freagra deas simplí orthu: “Teanga níos binne, níos áille agus níos fileata atá sa Ghaeilge agus mothaím go bhfuil sé nádúrtha dom a bheith ag ceol inti. Níl mé ag dul sin a athrú ar mhaithe le daoine a shásamh.”

Ag éisteacht le fuaimniú fileata na liricí, tuigim go maith cad atá i gceist aici. Ní gá do dhuine Gaeilge a bheith aige chun sult agus taitneamh a bhaint as ceol traidisiúnta na tíre seo agus is féidir le Holland mothúcháin a léiriú trí rithim, fhuaimniú agus thuinairde a glóir.

D’aithin Holland cumhacht an cheoil nuair a bhí sí iontach óg agus smaoiníonn sí go minic ar an spreagadh suntasach a thug a hathair di. Ocht mbliana ó shin, ag an am seo bliana, a dúnmharaíodh Harry Holland agus tá sé an-tábhachtach do Ghráinne a hathair a bheith mar chuid dá saol i gcónaí: “Sin an fáth gur roghnaigh muid an dáta seo don seoladh, chun Daid a cheiliúradh. Eisean a mhúscail an grá atá ionam don cheol. D’éist sé féin le gach sórt ceoil – Bob Dylan agus Leonard Cohen – agus bhí sé i gcónaí ag moladh dom mo dhícheall a dhéanamh leis an amhránaíocht. Cé nach bhfuil sé ar an saol seo níos mó, cluinim a chuid focal go fóill agus tugann siad misneach dom.”

Ar oíche an tseolta, beidh ceolchoirm le Holland agus ceoltóirí eile den scoth ar an albam mar atá Brendan Mulholland, John McSherry, Dónal O’Connor, Micky McCluskey agus Eamon Murray.

Dúirt Gráinne go raibh an-áthas uirthi go mbeadh a deirfiúr féin, Sarah Holland, Méara Dheisceart Bhaile Átha Cliaith, ag seoladh an albaim go hoifigiúil.

Dúirt Holland, agus í ag caint faoin spreagadh a fuair sí óna hathair, gur mhothaigh sí go raibh solas lasta go láidir istigh inti. Tá an t-ádh linn go bhfuil sí sásta agus in ann an solas céanna a roinnt linn trína cuid ceoil.

Beidh Gráinne Holland i mBaile Átha Cliath, ar Éigse Oirialla, Co Lú, agus i Stuttgart, Dusseldorf agus Beirlín na Gearmáine agus í ag seoladh Gaelré sna míonna romhainn. Tá clár iomlán a cuid gigeanna le fáil ar www.grainneholland.com