Bua agus íobairt pheileadóirí na n-oileán

Tá na híobairtí a dhéanann peileadóirí na n-oileán dochreidte


Níor facthas a leithéid de chomórtas riamh cheana, go háirithe craobh sóisir. Dhá fhoireann as oileáin ag imirt agus iad ar thóir Chraobh Chonnacht. Ocht gcúilín a bhí eatarthu sa deireadh, i gcluiche idir Oileáin Árann agus Acaill, an bua ag fir Árann.

Tá go leor de na dúshláin chéanna le sárú ag an dá fhoireann seo. Imirce, turais fhada abhaile, easpa áiseanna. Tá níos mó ná peil i gceist. Bród, mórtas, grá dá bparóiste. Bhí traidisiún agus cultúr na n-oileán léirithe i gclár na n-imreoirí. Na sean-ainmneacha céanna fós ann.

Ceathrar Gallagher agus triúr Cafferkey ag Acaill. Triúr Iarnáin agus seachtar Seoighe ag Árainn. Go deimhin “Máirtín Seoighe” a bhí ar thriúr acu. Cuireadh ainmneacha a máthracha i lúibíní sa gcaoi agus go mbeadh a fhios againn cén Máirtín Seoighe a raibh muid ag féachaint air. Mar a dúirt fear a bhí suite in aice liom sa seastán, “Seoighe force” a bhí iontu.

Ar a laghad, tá droichead ag Acaill, rud a dhéanann éascaíocht dóibh i gcomparáid le fir Árann. Tá Árainn ag brath ar sheirbhísí na mbád farantóireachta, seirbhís atá ciorraithe go mór sa ngeimhreadh. Tá trí oileán i gceist agus caithfidh siad teacht timpeall ar chonstaicí nach bhfuil roimh aon fhoireann eile chun dul ag traenáil fiú.

READ MORE

Tá neart cainte déanta ar an méid íobairte a dhéanann agus a fhulaingníonn imreoirí idir-chontae, turais fhada abhaile as Baile Átha Cliath, mar shampla. Ach, ar a laghad, tabharfar costaisí de chineál éigin dóibhsean – agus mórtas go bhfuil siad ag caitheamh geansaí a gcontae.

Le déanaí, bhí cluiche baile ag Oileáin Árann in aghaidh Chumann Mícheál Breathnach, atá lonnaithe i gConamara. Ar pháirc Inis Oírr a imríodh an cluiche.

Bhí ar imreoirí Inis Mór agus Inis Meáin bád a fháil amach go dtí an mórthír, le bád eile a fháil go hInis Oírr. Bhí turas níos faide ag an bhfoireann baile ná mar a bhí ag Cumann Mícheál Breathnach le dul chun páirce!

Buntáiste amháin atá acu ná gur foireann óg iad, go leor acu fós sa choláiste i nGaillimh agus i gcathracha eile na tíre. Bíonn siadsan in ann dul ag traenáil ag áiseanna bhord an chontae gearr de Bhaile Chláir na Gaillimhe.

Ach is turas ollmhór é seo do na fir atá ag cur fúthu ar na hoileáin. Faigheann siadsan bád ag a cúig chomh fada le Ros an Mhíl, ansin d’fhéadfaidís suas le dhá uair an chloig a chaitheamh sa charr.

Seisiún traenála agus, ina dhiaidh sin, níl aon bhealach abhaile acu. Caithfidh siad codladh i dteach gaolta ná cairde, agus ansin, eitilt nó bád abhaile maidin lá arna mhárach.

Constaic eile atá acu ná daonra beag, agus mar sin bhí dhá ról ag cuid de na himreoirí ar chaon fhoireann. Bhí rúnaithe Acla agus Árann ag imirt Dé Domhnaigh. Agus, Pádraig Éinne Ó hIarnáin, a bhí luaite ina fhisiteiripeoir d’Árainn, i measc na bhfear ionaid acu chomh maith, é toggáilte ar an taobhlíne agus bibe air!

Tá seanchleachtadh ag fir Árann dul thar toinn do chluichí. Anois, den chéad uair riamh, beidh siad ag dul go tír eile chun imirt. Cumann John Mitchels i mBirmingham, an chéad dúshlán eile i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann.

Comhartha dóchais rugbaí?

Fainic an ceann éasca. Sin é an fáth go raibh drogall orm bua éasca a thuar in aghaidh na Seoirsia. An uair dheiridh a d’imir siad i gcoinne na Seoirsia, is ag imirt i gCorn an Domhain a bhíodar sa Fhrainc i 2007. Lá te, brothallach a bhí ann, agus bhí teas de chineál eile á mhothú ag Éirinn chomh maith.

Ar éigean gur bhuail siad an Namaib sa chluiche roimhe sin agus bhí a bhfrustachas le feiceáil in aghaidh na Seoirsia. Ghnóthaigh siad, ach bua crua gan stíl a bhí ann. Cé gur foireann iomlán difriúil atá faoi stiúir Joe Schmidt anois, léirigh an lá sin an bhail a bhí droch-chluiche in ann a chur ar fhoireann lán le muinín. Cé gur buaileadh an Afraic Theas coicís ó shin, bhí beagáinín aimhris orm, go háirithe agus foireann ‘B’ roghnaithe.

Arú inné, ag deireadh na chéad leatha, bhí faitíos orm dóibh. Bhí anró sa chéad leath, ach sa dara leath, agus cosa agus coirp na Seoirsia tuirseach, fuair siad sé úd. Ní fearacht 2007 a bhí ann, choinnigh na fir ghlasa smacht ar an imirt. An Astráil, atá go mór faoi bhrú, an chéad dúshlán eile anois. Beidh na réalta ar ais, agus aon droch-chuimhní atá acu faoin tSeoirsia curtha de dhroim seoil acu faoi dheireadh.

Comhartha dóchais, b’fhéidir, do Chorn an Domhain.