Brú gan chúil; brú gan mhaith


Lionel Messi a dúirt nach raibh aon tábhacht le cúil, sin mura mbuachfaidís an cluiche. Níl a fhios agam an aontódh na daoine a bhí ag faire ar an gcluiche idir Poblacht na hÉireann agus Alban leis sin. 1-1 a chríochnaigh sé; an bua ag Albain.

Tar éis an chluiche, léirigh na staitisticí ar fad go raibh i bhfad níos mó anró ar David Marshall idir na postaí, ná mar a bhí ar Shay Given, ach ba chuma.

Bíodh sin mar atá, arís anois, beidh foireann na Poblachta ag guí go ndéanfaidh foireann éigin eile gar dóibh, má tá seans na ngrást le bheith acu cáiliú do na Craobhchomórtais Eorpacha.

Bhí an Aviva lán spioraid Dé Sathairn. Níor mhothaigh mé an oiread sin atmaisféir ag cluiche ansin riamh cheana, muid beagnach bodhraithe ag an lucht tacaíochta. Mura raibh siad in ann é a dhéanamh ansin, agus an dara fear déag glas acu, in aghaidh na hAlban, b’fhéidir go bhfuil sé in am glacadh leis nach bhfuil an fhoireann sách maith.

READ MORE

Duine dóchasach mé, ach ní fheictear dom go mbeidh siad in ann an Ghearmáin a bhualadh níos deireanaí sa bhliain.

Cé is móite do Robbie Keane, níl aon imreoir a aimsíonn cúl ar bhealach chomh nádúrtha agus chomh héasca leis. Seanleaid anois é, sa pheil ar aon chuma.

Agus fiú an chuid eile acu, leithéidí Wes Hoolahan agus Daryl Murphy, tá an 30 caite acu chomh maith. Níl mórán ag teacht ina ndiaidh.

Tá súil agam go bhfuil uimhir Sepp coinnithe ag John Delaney, ach an uair seo go rachaidh an t-airgead i dtreo Shraith na hÉireann agus imreoirí óga na tíre seo a thabhairt chun cinn.

Níl aon mhaith a bheith ag brath ar bhotúin foirne eile níos mó, nó ag súil go meallfar anall leithéidí Jack Grealish. Ag brath ar Gary Mackay eile a bheidh muid.

Cúil nár bhain cluiche

Trí chúl a aimsíodh i bPáirc an Phiarsaigh Dé Domhnaigh. Gaillimh a fuair uilig iad, ach chuaigh ceann acu ar chlár Mhaigh Eo, a bhuíochas do bhotúin na Gaillimhe.

Cé gur chaill Gaillimh, bhí ábhar dóchais acu. Cosúil le foireann na Poblachta, bhí fir Kevin Walsh ina gcodladh ag tús an dara leatha, agus cosúil le hAlbain, b’shin nuair a rinne Maigh Eo an damáiste.

Don chúigiú bliain as a chéile tá Maigh Eo cáilithe do chluiche ceannais Chúige Chonnacht, ach ní raibh sé chomh héasca acu agus a bhí le blianta beaga.

Tá neart le foghlaim fós acu, conas déileáil le himreoirí cosúil le Aidan O’Shea agus gan a bheith ag cruinniú cártaí buí, agus an cloigeann a choinneáil. Fuair siad dhá chúl ghleoite ó Gary Sice, agus Danny Cummins, a bhí ag cothú trioblóide do lucht cosanta Mhaigh Eo.

Is í an bhliain seo an deis dheireanach ag go leor do sheanridirí Mhaigh Eo greim a fháil ar Sam sa deireadh.

Bhí sé sin le feiceáil ina ndíocas sa chluiche. Ach, mar a chonaic muid, bhí sé sách éasca dul chomh fada lena gcúl agus beidh ar Mhaigh Eo breathnú go grinn air sin. Bhí tosaithe na Gaillimhe i mbéal an chúil rómhinic d’fhoireann atá ag súil a bheith i bPáirc an Chrócaigh i Meán Fómhair. Dá mbeadh foireann níos ábalta ná Gaillimh ann Dé Domhnaigh, bheadh port eile inniu againn.

Bhíodar faoi bhrú ag amanna áirithe, ach bhí an scil agus an taithí acu chun treabhadh ar aghaidh as an tsáinn. Tá ábhar dóchais ag Pat Holmes agus Noel Connelly. Tá foireann idir lámha acu atá gaibhte i bhfoiseacht idir áiméan agus craobh uile-Éireann.

Níl uathu ach greim a choinneáil ar imreoirí, muinín agus sciorta beag den ádh, rud, b’fhéidir, a bhí in easnamh ar James Horan.

Tá ábhar dóchais ag Kevin Walsh chomh maith. Bhí deiseanna acu, ach chuir siad amú iad. I gcomparáid le Maigh Eo, tá foireann óg aige. Thug siad uathu an iomarca ciceanna saora, rud a bhronn cúilíní ar Chillian O’Connor.

In ainneoin nach raibh Gaillimh chun cinn ach aon uair amháin sa chluiche, bhí dóchas san aer.

Den chéad uair le fada an lá, bhí sé le mothú gur chreid fir na Gaillimhe go raibh cumas iontu Maigh Eo a bhualadh.

Is cuma cén contae i gConnachta gur as duine, is maith an rud é go bhfuil Gaillimh agus Ros Comáin anois muiníneach in aghaidh fhathaigh an chúige.

Is maith an rud don pheil é. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh