Bliantaí na gcuimhní agus na gconspóidí

Beidh caint, comóradh agus conspóid ann i mbliana

Tá blianta faoin tor roimh na staraithe as seo suas. Deirtear linn go mbeidh comóradh ar bun timpeall ar gach leathimeacht dár tharla idir 100 bliain ó shin agus tamall dá éis: an chéad chogadh mór barbartha, scliúchas beag na Cásca in Éirinn, torthaí toghcháin nach bhfuil fáilte leo anois, conradh réitigh nár réitigh pioc.

Cuirtear an méid seo siar id phíopa tobac, áfach, agus bí ag séideadh as. Ní hí an aimsir chaite atáthar ag comóradh in aon cheann díobh sin thuas, ach cogaí na haimsire i láthair á bhfearadh. Cé go bhfuil staraithe fíorghairmiúla ann a chlasaíonn an fhianaise chucu go héag, tá a thuilleadh díobh ann ar iriseoirí de chuid an lae inniu iad i bhfeisteas na haimsire caite.

Ar eagla gaolta fola dhaoine a ghortú téimis siar tamall réasúnta fada, abraimis timpeall ar 1,000 bliain ó shin. An uair sin troideadh cath Chluana Tarbh gar go leor don áit inar tógadh agus inar chónaigh Bertie Ahern. Mo leithscéal, níor cheart pearsana an lae inniu a tharraingt isteach i ngnó a tharla fadó fadó ar maidin. Rugadh Charlie Haughey gar go leor do láthair an chatha chomh maith, agus chuaigh sé ar scoil san áit ball díreach inar maraíodh Brian Bóraimhe, ach cén bhaint....?

Ba dhóigh leat nár cheart go mbeadh aon bhaint lenar tharla sna cianta cairbreacha ar ais le polaitíocht ná le scoláireacht an lae inniu. Ach bí deimhnitheach de go mbeidh an sioscadh timpeall ar Chluain Tarbh chomh polaitiúil le hathscríobh muintir Uí Bhriain ar an gcath sin ina saothar athscríofa staire Cogadh Gaedhel re Gallaibh le smacht Uí Bhriain eile ar shmuit de na meáin inniu.

READ MORE

Bí deimhnitheach, leis de, go mbeifear amuigh ag cruthú go tréan gur naoimh shibhialtachta ba ea na Lochlannaigh riamh anall, agus mura mbeadh iad go mbeimis dall ar bhéasa, ar airgead, ar chathracha, ar litearthacht, ar sholas na gréine, ar ghrá máthar, ar phíóga úll.

Is é sin le rá, an deighilt ghlan riamh idir sinne a bheith chomh normálta le cine ar bith eile, agus sinn a bheith i dtuilleamaí gach dreama isteach gan mhaith ar bith ionainn féin. Seo é dioscúrsa na hÉireann ina mhionchruth.

Nuair a comóradh Éirí Amach 1798 100 bliain ina dhiaidh sin ba chomóradh áthastúil a bhí ann. Cumadh amhráin agus bailéid, na cinn is aitheantúla díobh atá fós againn. Bhíothas i bhfad níos faichillí i 1998 ar eagla go ngreamódh smál an lae inniu do cháil an lae inné, agus ar eagla go nascfaí idéil an ama cheana le smaointeoireacht na linne i láthair.

Lean díospóireacht shíoraí oidhreacht Napoleon san Fhrainc sa 19ú haois, ach is mó a bhain sé le polaitíocht na huaire ná le haon rud a dhein an sraimleachán beag gránna sin. Ní bhaineann Napoleon linn níos mó mar tá deireadh leis na cúiseanna a raibh sé ag troid ar a son. Na cúiseanna go mbeimid ag argóint ina dtaobh go ceann deich mbliana is cúiseanna iad atá beo i gcónaí.

Déanfar comóradh go caitheamh urlacan ar 1914 gan amhras, agus táim féin sásta dul isteach sna trinsí arís.

Ní dhéanfar aon chomóradh, áfach, ar 1714 nuair a dhaingnigh na Hanoivéaraigh lofa ghránna a ngreim ar chathaoir na Breataine mar mhalairt ar na Stíobhartaigh lofa bhréana. Ba bheag ab fhiú dúinn sin ach ab é an slabar le béala daoine fós, agus an lúitéis, agus an t-atadh súl, agus an dúil bheannaithe, agus an tuiscint go bhfuil daoine áirithe de thoradh folaíochta i dteideal pribhléidí nach bhfuil ag dul do Phaidí Plud ná do Mháire Mhuc agus gurb é faoi dear an éagothromaíocht i bprionsabal atá inár dtimpeall.

Tá an chéad chogadh mór barbartha go mór i gceist mar shocraigh sé léarscáil na hEorpa go ceann i bhfad agus leag na coinníollacha síos don dara ceann ba sheacht measa fós.

Díospóireacht í thall idir na leoin agus na hasail: ar laochra iad na saighdiúirí a raibh gamail i gceannas orthu, nó cúis ghlórmhar oirearc uasal neamhaí ar son an tsolais arbh fhiú íobairt suas le fiche milliún duine ar a son?

Pé ní mar gheall ar cheart na díospóireachta sin – agus tá an ceart agamsa, gan amhras – braitheann tú istigh ina lár, ina chnó crua gan géilleadh, go bhfuil ciontacht áirithe ag siúl na slí. Braitheann tú go mbraitheann siad go mbraitheann cách nárbh fhiú an t-aigéan fola.

Abhus anseo, tá cogadh na saoirse agus cogadh na gcarad fós ar siúl. Tá an spól á réamhlua agus tá scannán na linne sin á insint ar chuma nach ionann agus SaoirseMise Éire iad. Seans gurb iad Rialtas Baile agus Mise Island atá á dhéanamh anois.

Bítear ag faire!