Blas d’iontas na fealsúnachta


Is ag éirí níos fearr atá mé. Sa bhliain 2015 a foilsíodh Crith Aigne: smaointe na bhfealsamh (Coiscéim, €7.50) le Risteárd Mac Annraoi. Ní minic a fhoilsítear leabhar ar chúrsaí fealsúnachta i nGaeilge agus chuirfeá spéis ann dá bharr sin amháin.

Mar sin féin, tá an t-ábhar féin thar a bheith spéisiúil agus tá cur chuige simplí éifeachtach ag Mac Annraoi: scríobhann sé aiste bheag eolach ar na fealsúna is fearr leis.

Tá 16 duine anseo aige – ó Shócraitéas go Wittgenstein – agus is beag duine nach mbeadh in ann na haistí a léamh ar a shuaimhneas.

Má bhíonn deis ann, tugann Mac Annraoi sleachta as a saothar don léitheoir; sleachta as an bheagán oibre atá ar fáil faoi chúrsaí fealsúnachta i nGaeilge nó, níos iontaí arís, ábhar a thiontaíonn sé féin go Gaeilge.

READ MORE

Sin dúshlán nach dtabharfadh mórán daoine faoi – ní amháin go mbíonn sé doiligh téarmaí cuí a aimsiú i nGaeilge do smaointe teibí den sórt seo ach caithfidh tuigse mar is ceart bheith agat ar na téarmaí cuí féin sula dtig leat tabhairt faoin tiontú.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil an cumas in Mac Annraoi an dá rud a dhéanamh.

Cad chuige tabhairt faoin fhiontar ar chor ar bith? Mar a scríobhann Mac Annraoi ina réamhrá ar dóigh: “ “Tobar na fealsúnachta is ea an t-iontas,” dar le Sócraitéas agus is iomaí saghas fealsúnachta a phléann le gnéithe éagsúla de shaol an duine agus a dhúchas. Cad chuige? Conas? Cad é? ... Bíonn sí ag plé ceisteanna i dtaca le heisint agus eolas, le ciall agus fiúntas, le teacht is imeacht nithe, agus leis an mbaint eatarthu go léir.

“Cuid de thóraíocht an duine ar an bhfírinne is ea an fhealsúnacht agus é ag cur A le B chun teacht ar léargas i leith an tsaoil, an chomhluadair, is a aigne féin.

“Ach má tá maitheas sa tóraíocht inti féin, déanann easpa smaointeoireachta nó fealsúnacht bhacach díobháil thar chuimse ... Chun ainm ár seancharad Sócraitéas a tharraingt anuas arís, bhí seisean den tuairim gurb ionann suáilce agus eolas agus nach duáilce go haineolas.”

Ní hiontas é go dtosaíonn Mac Annraoi aistear seo na smaointe le Sócraitéas nó níl éalú ar na ceisteanna a chuir sé. Níl éalú ar na ceisteanna de bharr gur ceisteanna bunúsacha iad, ceisteanna a thugann orainn smaointeamh orainn féin, ar ár ról sa saol, ar ról an Stáit, srl.

Thairis sin, duine thar a bheith daonna a bhí ann mar Shócraitéas. Bíodh is go bhfuil sé marbh leis na mílte bliain, bíonn gean agat air. Baineann an fhealsúnacht sa lá atá inniu ann le réimse na hollscoile ar fad beagnach.

Ní shamhlaíonn muid an fhealsúnacht leis an ghnáthdhuine ar chor ar bith, rud is trua nó is é an rud is bunúsaí faoi fhealsúnacht Shócraitéas ná ceist a chur – agus iarracht a dhéanamh ar an cheist a fhreagairt.

Bhí Sócraitéas le feiceáil go minic i mbun comhrá le daoine i gCathair na hAithne – “rachaidh mé síos i measc na ndaoine/agus rachaidh mé síos anocht”. Thairis sin, saighdiúir a bhí ann, fear a throid i gcathanna fuilteacha a linne agus fear a thuig luach na beatha dá réir sin.

Cuireann Mac Annraoi i gcuimhne dúinn nár scríobh Sócraitéas rud ar bith síos agus gur chuir sé a mhuinín san fhocal labhartha amháin. Gael a bhí ann!

Ní doiligh Sócraitéas a shamhlú faoi agallamh ar RnaG nó i measc an tslua i bPáirc an Chrócraigh, é ag cur ceisteanna faoi chúrsaí teanga agus cultúir: cad is Gaeltacht ann; cad is iomáint ann?

Agus an aiste ar Shócraitéas léite agat, tig leat tabhairt faoi cheann ar Phlatón; ceann eile ar Arastatal, ar Agaistín, ar Thomás Acuin, ar Wittgenstein...

I mbeagán focal, cuirfidh tú aithne ar fhealsúna agus eolas ar a gcuid smaointe ach an leabhar seo a léamh.

Sea, is i bhfad ó fhealsúnacht a tógadh thú. Ach nach bhfuil an t-am agat ól as tobar na fealsúnachta agus blaiseadh den iontas?