Bladar caide na cruinne

Fuair an Bladarálaí tacaíocht ó na tíortha is láidre, agus is mó daonra


Ní dócha go raibh duine ar bith beo nó leathbheo a shíl gur roghnaíodh Catar le haghaidh Corn an Domhain 2022 ar son a machairí méithe míne agus a cuid faichí fliucha féarmhara.

Go fiú is dá mbeifeá bodhar, balbh agus caoch in éineacht, gheofá boladh ait an airgid agus cúrán milis an amhrais ar an gcinneadh áirithe sin.

Níor cheart go gcuirfeadh socrú mar é iontas dá laghad ar dhuine ar bith a mhair sa tsaol lasmuigh den fhantaisíocht, óir is beag eagraíocht mhór idirnáisiúnta spóirt a tháinig slán ó scannal le suim bhlianta anuas.

Tá cuid againn ag coinne go mór leis an lá go nochtfaidh scannal breá blasta sa Chumann Lúithchleas Gael ionas go mbeidh ábhar cogainte againn, ach is dona mar atá teipthe orthu go dtí seo.

READ MORE

Tá a dteanga amuigh ag an saol glórach, áfach, ag sclafairt leis an liú atá ag leathnú i bhfad i gcian mar phílears de chonaibh nimhe in aghaidh Sepp Bladair bhoicht.

Ní hé go bhfuil sé bocht in airgead ná i gceangail óir a dhéanann suimeanna móra, ach tá an chuma air go bhfuil iarthar domhain ar fad ar a thóir.

Nuair a fheicim na móruaisle agus na mionmhaithe ag cruinniú le chéile in aon áit amháin ag labhairt d’aon ghuth tagann an t-amhras céanna sin orm a tháinig ar an saol nuair a chuala siad mar gheall ar roghnú Chatair.

B’í an chéad tuairisc a mhúscail an t-amhras orm ná an ceann a mhaígh gurbh iad an Eoraip, na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada agus an Nua-Shéalainn a bhí ag cur go tréan in aghaidh Bhladair.

Fágtar an Eoraip ar ghruaibhín an bhealaigh bhig go fóill, níor ghá duit a bheith id bhall de Mensa lena fhionnadh cad é go díreach atá mar chomh-mhéadaí coiteann ag na tíortha eile sin.

Tá súil agam nach gá an casúr a thabhairt amach chun an méid sin a bhualadh abhaile.

Ansin, dheineas beagán tochais chinn maidir leis an Eoraip féin, agus féach, fuair an Bladarálaí tacaíocht ó na tíortha is láidre, is fairsinge, agus is mó daonra san Eoraip.

Ceart go leor, thuigfeá don Rúis mar is ann a bheidh an chéad chomórtas eile; ach de dhealramh vótáil an Fhrainc agus an Spáinn ar a shon chomh maith, murab ionann agus abhaic bheaga na hilchríche ar ár nóis féin, na hÍoslainne, Gibralter, Andorra, Lichtenstein agus na Vatacáine.

Cé aige a bhfuil an choiscéim bhacaigh nach bhfuil ar aon bhuille leis an gcuid eile den domhan?

Bheadh sé suarach a rá gur chuir Sasana go tréan ina choinne toisc gur tháinig siad sa dara háit sa chomórtas ar son Chorn an Domhain don bhliain 2018 agus gur tuigeadh gur thacaigh Bladar leis an Rúis; agus bheadh sé chomh suarach céanna a chur os ard go raibh nimh sa bhfeoil ag na Stáit Aontaithe dó toisc nach bhfuair siad an tairiscint i gcomhair na bliana 2022.

Bheadh sé suarach é sin a rá.

Is fíor go mbeadh sé suarach aon aird a thabhairt ar a leithéid.

Níos suaraí fós smaoineamh gránna mar é a chur os comhair an phobail. Uafásach suarach séideadh na gaoithe a thabhairt dó.

Suarach thairis sin cur leis trína lua. Suarach thar meon leanúint ort a bheith ag píobaireacht mar gheall air.

Ní chuimhneoinn a choíche ná go deo ar a áiteamh go raibh baint dá laghad ag caora searbha le cinneadh an phríomhfhreasúra a chuir ina choinne.

Ach fós áiteofar nach bhfuil FIFA daonlathach, nó daonlathach go leor. Tuigim é sin go maith. Tuigtear níos fearr é nuair a ghairmtear le chéile na hurlabhraithe is mó a bhí ag gángarach san oíche le geoin.

Bhí an Tiarna Mac Dónaill, neach a bhí tráth dá raibh ina Stiúrthóir Inchúiseamh Poiblí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag is a mhaígh gur “person of interest” é ár mBladar féin, nárbh ionann in aon chor is a rá gur duine suimiúil é.

Is an Prionsa Uilliam thall thoir (is é, sea, mo dhuine atá pósta le Cáit Mhainistir na Corann) a bhí ina mhainicín ar son iarrachta Shasana do Chorn an Domhain le súil is go bhféadfadh siad é a bhuachan ar a bhfearann féin mar nach raibh seans dá laghad acu áit ar bith eile.

Agus sa chás is go gcloífí ár mBladar bhí daonlathaí eile réidh ullamh acu le seasamh isteach ina áit: An Prionsa Ali bin Al-Hussein, Briogáidire Arm na hIordáine, Cordon Mór Ard-Ord an Renaissance, ball den Légion d’honneur, comhalta d’Ord Éirí na Gréine sa tSeapáin, agus go háirithe Mórmhaor Ord al Hussein bin Ali, gradaim a bhain sé amach as a stuaim féin le hallas a ghrua.

De réir is mar a chrom mé ar an screamh a bhaint is ea a thuigeas nárbh é ár mBladar féin ba mheasa ar fad.