Beirtí, Brian agus céim oinigh

An pobal a chumasaíonn polaiteoirí lena gcuid vótaí féin


Tá ráite go bhfiafraíodh Napoleon nuair a bhí Ginearál á cheapadh aige, dá fheabhas is mar a bheadh go míleata, ‘…ach an bhfuil an t-ádh leis?’ Is é a dhála sin ag ár gcuid polaiteoirí, leis, é. Féach dán beirt dár gcuid Taoisigh agus mar a ráinig dóibh. Is dócha go bhféadfaí a rá gur ghabh Beirtí an t-ádh, ach gur ghabh Brian an mí-ádh.

Níor chuaigh Beirtí riamh i leataoibh na slí ó thaobh nuachta de ar fad, bíodh go raibh sé ar imeall an bhealaigh agus laistigh den chupard go minic. Múchadh Brian Cowen ag an tsunami airgeadais a ghabh de stealladh orainn nach raibh de bhrí leis, dáiríre, ach go raibh an t-aos úis (ris a ráitear baincéirí) ag dáileadh iasachtaí ar dhaoine nuair nach raibh an cúltaca acu lena gcosaint.

Tógadh ardraic le déanaí nuair a bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh dochtúireachta ar Bhrian Cowen. Bhí na naoimh amuigh ag stracadh a gcuid luan dá gceann agus ag mallachtú an chórais a raibh sé de dhánaíocht aige gradam a thabhairt do dhuine a scrios an tír bun barr siar amach gan chuireadh gan iarraidh ó dhuine ar bith.

Is ea, leis, táimid sármhaith ag lorg na sceilpíní gabhair agus na ceapa milleáin.

READ MORE

Is fíor gur córas amhrastúil go maith é córas na ndochtúireachtaí oinigh, ach sa mhéid is nach mbronntar oiread san díobh agus go mbíonn gaisce éigin déanta ag an ábhar dochtúra go minic, is fearr go mór é ná córas onóracha de chuid an Stáit a chaithfeadh aníos gach saghas jaingléara agus gaigín.

Ceann d’fhorálacha an Bhunreachta againn ná an cosc ar bhronnadh teidil uaisleachta a mbeadh boladh na ríogachta lofa uathu. Is beag is lú orainn ná rí agus banríon agus prionsa agus banphrionsa agus diúc agus bandiúc agus iarla agus iarlaín agus tsár agus tsáraína agus sabhdán agus cunta agus cuntaois agus barún agus marquis agus mucarlach.

Cé hé an chéad duine a thiocfaidh aníos ag éileamh go ndíbreofar an ceangal seo den Bhunreacht? Táim ag feitheamh leis, óir tá gach mír neamhspleách shaintréitheach faoi leith eile ann faoi bhagairt.

Níl againn, mar sin, ach na hollscoileanna bochta (agus ní meafar é seo) d’fhonn aitheantais a thabhairt do dhaoine a thug seirbhís áirithe don Stat, don tír, don oideachas. Ba dhíol dochtúra oinigh é Brian Cowen mar ba Thaoiseach na tíre é tráth, agus duine de na hAirí Gnóthaí Eachtracha ba láidre a bhí againn. Ach ní chuige sin mé, ach na milleánaithe á nochtadh féin amhail is nach raibh baint dá laghad acu féin le scrios na tíre.

Smaoinítear gur toghadh rialtas Fhianna Fáil trí huaire as tóin a chéile – ceart go leor FF agus pé cuileoga beaga a bhí ceangailte leo. Cé nach raibh sásta le lánfhostaíocht, deireadh leis an imirce, dúbailt ar an bpinsean seanaoise, méadú faoi cheathair ar liúntas leanaí agus gearradh ar chánacha?

Agus má bhí bolgóidiú ag dul ar phraghas na tithíochta, nach raibh an mheánaicme breá sásta go raibh luach a gcuid brící agus fuinneoga ag dul i méid as éadan? Mura raibh ar muin na muice (áit a bhfuil drochbholadh), bhí ar dhroim an tíogair.

Ó, agus sea. Dá mbeadh FG nó an Luch Oibre sa diallait bheadh an scéal go díreach mar a chéile, mura mbeadh níos measa.

Is é sin le rá go lom amach, vótáil formhór mór de mhuintir an Stáit ar son na bpolasaithe faoi dear an léan léir ag an deireadh.

Ní raibh Bertie agus Brian ach ag leanúint orduithe, na horduithe a thug an pobal fairsing dóibh le fonn agus le fáilte.