Bás nó beatha?

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán i ndán don bhaile tuaithe


Beagnach leathchéad bliain ó shin, d’fhoilsigh colúnaí de chuid an nuachtáin seo, John Healy “Death of an Irish town …nobody shouted stop” faoina áit dhúchais, Baile Chathail, agus bánú an cheantair mórthimpeall air.

Mar a tharlaíonn sé, ní hé Baile Chathail an baile tuaithe is measa as inniu óir is buntáiste dó aerfort Chnoc Mhuire a bheith láimh leis.

Tá an díospóireacht chéanna ar siúl anois faoi bhailte beaga tuaithe i ngach ceard den tír.

Má tá baile i bhfoisceacht scór míle de chathair nó baile contae atá níos mó ná é caithfidh rud éigin speisialta a bheith ag dul dó ar nós é a bheith ina ionad mór turasóireachta nó beidh sé i gcontúirt.

READ MORE

Le tamall fada de bhlianta tá bancanna ag dúnadh brainsí sna bailte beaga agus fágann sin lucht mionghnó agus gnáthchustaiméirí ag triall ar bhailte níos mó agus níos rathúla. Nuair is gá do dhaoine an t-aistear a dhéanamh is baolach gur ansin a dhéanfaidh siad a gcuid siopadóireachta freisin.

Bhí gnónna na sráidbhailte agus na mbailte beaga i gcónaí ag brath ar chustaim na bhfeilméirí agus daoine ón tuaith.

Is fada ó chuir an mart deireadh leis an aonach, an lá mór margaidh a bhíodh acu gach uile mhí.

Tá iarracht déanta le blianta beaga margaí feilme a thosaigh ina lán bailte ach tá líon na gcustaiméirí a mheallann siad beag.

Ní haon chúiteamh iad ar an lá mór gnó a bhíodh ag siopaí agus tábhairní ón aonach míosúil.

Tá a lán bailte nach bhfuil daoine ina gcónaí sna príomhshráideanna a thuilleadh.

Fiú an áit a bhfuil siopa oscailte fós níl an teaghlach ina gcónaí os a chionn a thuilleadh. Fágann sin a lán foirgneamh i ndroch-chaoi.

Tá na gnónna miondíolacháin ag streachailt. Is beag baile anois a bhfuil siopa beag coirnéil neamhspleách ann.

Anseo agus ansiúd feicfidh tú cúpla siopa áise ach is minic gur cuid de shraith iad. Tá ollmhargaí áitiúla i ndianchoimhlint le grúpaí ilnáisiúnta agus iad ar an gcúlchois ó thaobh praghais de.

Níl bealach ar bith gur féidir leo dul in iomaíocht leis an gcumas ceannaigh atá ag na cinn mhóra. Tá sin fíor freisin faoin mbúistéir, faoi shiopaí faisean, shiopaí earraí leictreacha, crua-earraí agus le tamall anois tá siopaí poitigéara faoi ionsaí ó na mórchomhlachtaí freisin.

Na tithe tábhairne is túisce a thosaigh ag dul as gnó. Bhíodh 52 tábhairne i mbaile in aice liomsa sna 1960í agus níl ann ach naoi gcinn anois.

Tháinig athrú ar an saol sóisialta leis na hathruithe sa dlí ar thiomáint faoi thionchar an óil a raibh géarghá leo.

Bhí roinnt tábhairneoirí a rinne iarracht córas bus a sholáthar ach níor mhair sin.

Is maith ann iad na rialacha nua tiomána ach eascraíonn uaigneas agus imeallú as dúnadh na dtábhairní agus níor cuireadh aon cheo ina n-áit. Dúnadh clubanna oíche freisin, deirtear liom.

Bhí sé de nós ag an aos óg dul ag an dtábhairne agus ar aghaidh ag an gclub oíche ina mbailte féin. Anois táthar uilig ag dul chun na mór-ionad don saol sóisialta.

Tá eastáit mhóra tithíochta i ngach baile ach ní hionann líon na dtithe agus ardú daonra sa cheantar.

Níos measa fós tá a lán bailte a bhfuil eastáit taibhseacha iontu, iad leath-thógtha, ráillí slándála thart orthu, fuinneoga briste nó clúdaithe le cláir, an suíomh garbh agus in aimhréidh.

Droch-íomhá don bhaile agus lagmhisneach dóibh sin atá ag iarraidh é a fhorbairt.

Tá coistí forbartha agus Coistí na mBailte Slachtmhara ag obair go díograiseach. Amanta is ag ceilt na géarchéime a bhíonn an glanadh agus an maisiúchán ar fhoirgintí tréigthe.

Díreach mar atá lucht gnó i gcoimhlint leis na bailte agus cathracha móra tá na coistí seo i gcoimhlint le coistí níos cumhachtaí ná iad freisin.

Tá comhlachais tráchtála agus comhairlí áitiúla sna mórbhailte agus cathracha a bhfuil cumas níos mó acu chun ollmhargaí agus siopaí móra a mhealladh.

Níl an chumhacht chéanna ag na coistí deonacha sna bailte beaga cé go bhfuil siad ag déanamh obair na gcapall.

Eagraíonn siad féilte, seónna talmhaíochta, fleadhanna agus a leithéid a chothaíonn beocht agus spleodar ach ní mhaireann na himeachtaí seo ach achar gearr.

Caithfidh an córas pleanála aird a thabhairt ar chruachás siopadóirí agus iad ag meas na n-iarratas pleanála d’ollmhargaí ilnáisiúnta.

Is minic go gcaitear íoc as páirceáil i lár an bhaile agus ollsiopaí ag fáil pleanála ar a imeall le raidhse páircéala saor in aisce.

Tá córas leathanbhanda fiúntach riachtanach chomh maith le plean comhordnaithe d’fhorbairt réigiúnach.

Ní tráth faillí é; muna ndéantar gníomh gan mhoill ní bheidh bailte tuaithe ná pobal fágtha le forbairt.